Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Ard-Chúirt (Éire) a taisceadh an 23 Aibreán 2024 – LD v Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Éire, an tArd-Aighne

(Cás C-284/24, Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla agus páirtithe eile)

Teanga an cháis: an Béarla

An chúirt a rinne an tarchur

An Ard-Chúirt (Éire)

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: LD

Cosantóir: Binse Cúitimh i leith Díobhálacha Coiriúla, an tAire Dlí agus Cirt agus Comhionannais, Éire, an tArd-Aighne

Na ceisteanna a tharchuirtear

An  gceanglaítear leis an  oibleagáid a fhorchuirtear ar na Ballstáit le hAirteagal 12(2) de Threoir 2004/80/EC (an ‘Treoir maidir le Cúiteamh’) 1 chun ‘cúiteamh cóir agus iomchuí’ a chur ar fáil d’íospartaigh coireanna intinniúla foréigeanacha, go gcúiteofar íospartach le haghaidh caillteanas ábhartha agus neamhábhartha araon de réir bhrí Presidenza del Consiglio dei Ministri v BV (‘BV’) (Cás C[-]129/19, AE:C:2020:566)?

Más freagra dearfach atá ar cheist (a), cén cineálacha caillteanais a thagann faoi raon feidhme ‘caillteanas neamhábhartha?

Go háirithe, an dtagann ‘pian agus fulaingt’ an íospartaigh faoi raon feidhme ‘caillteanas neamhábhartha?

Más freagra dearfach atá ar cheisteanna a) agus c), agus arna chur san áireamh go gceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go bhfuil a scéimeanna inmharthana ó thaobh airgeadais de, cén caidreamh ba cheart a bheith ag an ‘gcúiteamh cóir agus iomchuí’ a thugtar d’íospartach de bhun an Treoir maidir le Cúiteamh ar dhamáistí i dtort a bhronnfar ar an íospartach sin agus in aghaidh déantóir na coire ábhartha mar tortóir?

An féidir leis an cúiteamh arna chur ar bun le haghaidh íospartaigh coireanna intinniúla foréigeanacha faoin ‘Scéim Chúitimh le haghaidh Díobhálacha Pearsanta arna ndéanamh go Coiriúil’ (an ‘Scéim’) a mheas mar ‘cúiteamh cóir agus iomchuí go híospartaigh’ de réir bhrí Airteagal 12(2) den Treoir maidir le Cúiteamh má bhronnfar ar íospartach suim €645.65 mar chúiteamh le haghaidh gortú súl tromchúiseach as a eascraíonn mallachar radhairc buan?

____________

1 Treoir 2004/80/EC ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 a bhaineann le cúiteamh d’íospartaigh na coireachta (IO 2004, L 261, lch.15).