Caingean arna tabhairt an 25 Eanáir 2023 – UF v an Coimisiún
(Cás T-24/23)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: UF (ionadaí: S. Orlandi, Dlíodóir)
Cosantóir: an Coimisiún Eorpach
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
cinneadh an 6 Aibreán chun an t-iarratasóir a bhriseadh as a phost a neamhniú;
a ordú don Choimisiún Eorpach suim shocraithe ex aequo et bono a íoc leis an iarratasóir as an damáiste neamhábhartha a rinneadh dó, chomh maith leis na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir ceithre saincheisteanna dlí.
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an oibleagáid cúiseanna a lua, a chearta cosanta, a dhualgas cúraim agus prionsabal na comhréireachta.
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid fhollasach measúnaithe.
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar Airteagal 2(c) de Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh.
An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear mí-úsáid cumhachtaí.
____________