Caingean arna tabhairt an 8 Deireadh Fómhair 2023 – ZZ v an Pharlaimint
(Cás T-996/23)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: ZZ (ionadaithe: J. Martínez Gimeno, X. Codina García-Andrade, F. Díaz-Grande Rojo agus S. Fernández Tourné, Dlíodóirí)
Iarratasóir: Parlaimint na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
An Gníomh Socraíochta a chur ar neamhní mar gheall ar neamhdhleathacht Airteagal 76(1)(a) den Chinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 19 Bealtaine agus an 9 Iúil 2008 maidir le bearta cur chun feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (BCCFR), arna leasú leis an gCinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2023 1 , agus gach socraíocht maidir le cearta arna heisiúint tar éis an Ghnímh Socraíochta a chur ar neamhní freisin ar an bhforas céanna;
A ordú do Pharlaimint na hEorpa gníomhartha socraíochta nua a eisiúint maidir le cearta an iarratasóra faoin Scéim (Dheonach) Pinsin Bhreise (SDPB) ina mbeadh an tsuim airgid a bheadh i bhfeidhm i gcomhréir le foclaíocht an leagain a bhí ann d’Airteagal 76 de BCCFR roimh Chinneadh 2023, i ndáil leis an nGníomh Socraíochta céanna agus i ndáil le gach gníomh socraíochta arna heisiúint ón dáta sin i leith chomh maith;
A ordú do Pharlaimint na hEorpa, i gcomhréir leis na gníomhartha socraíochta nua sin, na méideanna a íocadh cheana leis an iarratasóir a choinneáil mar chearta SDPB agus an difríocht idir méid an Ghnímh Socraíochta (agus na gníomhartha socraíochta arna n-eisiúint ina dhiaidh sin go dtí go dtabharfar an breithiúnas) agus an tsuim airgid a bheadh i bhfeidhm i gcomhréir le foclaíocht an leagain a bhí ann d’Airteagal 76 de BCCFR roimh Chinneadh 2023 a íoc, mar aon leis an ús reachtúil lena mbaineann ón dáta ar ghá an difríocht sin a bheith íoctha go dtí go n-íoctar ina hiomláine í; agus
A ordú don Pharlaimint na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Tá na saincheisteanna dlí agus príomhargóintí cosúil leis na cinn arna maíomh i gCás T-620/23 Barón Crespo v an Pharlaimint.
____________
1 Cinneadh ó Bhiúró Pharlaimint na hEorpa an 12 Meitheamh 2023 lena leasaítear na Bearta Cur Chun Feidhme do Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (2023/C 227/05). IO 2023 C 227, lch. 5.