Language of document :

Caingean arna tabhairt an 16 Meán Fómhair 2022 — An Coimisiún Eorpach v An Phoblacht Heilléanach

(Cás C-599/22)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, B. Sasinowska agus G. Wilms)

Cosantóir: An Phoblacht Heilléanach

An t-ordú atá á lorg:

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú, toisc nár ghlac sí na bearta is gá chun a áirithiú go gcomhlíonann an soláthraí seirbhísí aerthráchta arna ainmniú aige Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún,1 gur mhainnigh an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí faoi Airteagal 4(3) CAE a chomhlíonadh i gcomhar le hAirteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún;

a ordú don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.

Saincheist dlí

Tá an Phoblacht Heilléanach thar téarma le breis agus 3 bliana i gcomhlíonadh Rialachán Uimh. 29/2009 maidir le soláthar seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair a áirithiú.

____________

1 Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos na ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair (Téacs atá ábhartha maidir le LEE), IO 2009 L 13, lch. 3.