Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Ochtú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2024 – an Coimisiún Eorpach v an Phoblacht Heilléanach

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-599/22) 1

(Mainneachtain stáit ina chuid oibleagáidí a chomhlíonadh – Airteagal 258 CFAE  Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 – Ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair – Airteagal 3(1) – Soláthraí seirbhísí aerthráchta arna ainmniú ag an mBallstát lena mbaineann – Teip ag an soláthróir sin na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go mbeidh na hacmhainní ag eagraíochtaí a thairgeann seirbhísí aerthráchta na seirbhísí nasctha sonraí arna sainiú sa Rialachán sin a sholáthar agus a oibriú – Airteagal 4(3) CAE – Prionsabal an chomhair dhílis)

Teanga an cháis: an Ghréigis

Páirtithe

Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: D. Triantafyllou, B. Sasinowska, G. Wilms, Gníomhairí)

Cosantóir: An Phoblacht Heilléanach (ionadaí: S. Chala, Gníomhaire)

An chuid oibríochtúil

Trí theip ar na bearta is gá a ghlacadh chun a áirithiú go gcomhlíonann an sholáthraí seirbhísí aerthráchta arna ainmniú aige Airteagal 3(1) de Rialachán (CE) Uimh. 29/2009 ón gCoimisiún an 16 Eanáir 2009 lena leagtar síos na ceanglais maidir le seirbhísí nasctha sonraí le haghaidh an aerspáis Eorpaigh aonair, arna leasú le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2015/310 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2015, gur mhainnigh an Phoblacht Heilléanach a hoibleagáidí faoi Airteagal 3(1), arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(3) CAE.

Ordaítear don Phoblacht Heilléanach na costais a íoc.

____________

1 IO C 424, 7.11.2022.