Caingean arna tabhairt an 7 Lúnasa 2023 – Małgorzata Marcinkowska-Dec v EUIPO – Ismailova (DESSI)
(Cás T-472/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Małgorzata Marcinkowska-Dec (Kraków, an Pholainn) (ionadaí: A. Witońska-Pakulska, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Aza Ismailova (Herselt, an Bheilg)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “DESSI” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 116 969
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 31 Márta 2023 i gCás R 1738/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO costais an iarratasóra a íoc.
Saincheist dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________