Language of document :

Caingean arna tabhairt an 10 Márta 2023 – an Coimisiún Eorpach v Poblacht na Polainne

(Cás C-147/23)

Teanga an cháis: an Pholainnis

Páirtithe

Iarratasóir: an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Owsiany-Hornung, J. Baquero Cruz, Gníomhairí)

Cosantóir: Poblacht na Polainne

Barúlacha

Iarrann an Coimisiún Eorpach ar an gCúirt:

a dhearbhú, ós rud é nár ghlac sí na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin go léir is gá chun a bheith i gcomhréir le Treoir (AE) 2019/1937 an 23 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cosaint daoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais1 , agus nár chuir sí na forálacha sin in iúl don Choimisiún, gur mhainnigh an Pholainn na hoibleagáidí atá uirthi de bhua Airteagail 26(1) agus (3) den Treoir sin a chomhlíonadh ;

a ordú don Pholainn cnapshuim a íoc leis an gCoimisiún de pé mhéid atá níos airde as an dá rogha seo a leanas: (i) méid laethúil de EUR 13 700 méadaithe faoi na laethanta atá imithe idir an lá i ndiaidh dhul in éag na sprice le haghaidh trasuí arna socrú sa Treoir sin agus an lá a cuireadh deireadh leis an sárú, nó, mura gcuireadh deireadh leis, an lá a thugtar an breithiúnas sa chás seo; (ii) cnapshuim d’íosmhéid EUR 3 836 000;

i gcás gur lean an sárú arna cinneadh sa chéad fhleasc go dtí an dáta a thugtar an breithiúnas sa chás seo, a ordú don Pholainn íocaíocht phionósach thréimhsiúil de EUR 53 430 a íoc leis an gCoimisiún in aghaidh gach lá moille ó dháta an bhreithiúnais sin go dtí an dáta ar a gcomhlíonann an Pholainn na hoibleagáidí atá uirthi de bhua na Treorach; agus

a ordú don Pholainn na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Le Treoir, (AE) 2019/1937 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, bunaítear córas éifeachtach le haghaidh cosaint daoine a oibríonn d’eagraíocht phoiblí nó phríobháideach nó a bhíonn i dteagmháil leis na heagraíochtaí sin nuair a thuairiscíonn siad sáruithe ar dhlí an Aontais i réimsí áirithe.

I gcomhréir le hAirteagal 26(1) den Treoir sin, bhí ar na Ballstáit na forálacha reachtacha, rialála agus riaracháin is gá chun an Treoir a chomhlíonadh, a chur i bhfeidhm faoin 17 Nollaig 2021 ar a dhéanaí. I gcomhréir le mír 3 den Airteagal sin, bhí ar na Ballstáit téacs na bhforálacha arna nglacadh a chur in iúl don Choimisiún chomh maith.

An 27 Eanáir 2022, sheol an Coimisiún litir fógra fhoirmiúil chuig Poblacht na Polainne. An 15 Iúil 2022, sheol an Coimisiún tuairim réasúnaithe chuici. Mar sin féin, ní raibh na bearta trasuite glactha go fóill ag Poblacht na Polainne agus ní raibh siad curtha in iúl don Choimisiún.

____________

1 IO 2019, L 305, lch. 17.