Iarraidh ar réamhrialú ón Riigikohus (an Eastóin) a taisceadh an 16 Deireadh Fómhair 2023 – MTÜ Eesti Suurkiskjad v Keskkonnaamet
(Cás C-629/23, Eesti Suurkiskjad)
Teanga an cháis: an Eastóinis
An chuirt a rinne an tarchur
Riigikohus
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir ar phointe dlí: MTÜ Eesti Suurkiskjad
Freagróir ar phointe dlí: Keskkonnaamet
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 14(1) den Treoir maidir le gnáthóga 1 le léiriú sa chaoi go bhfuil sé éigeantach, nuair a ghlactar na bearta a luaitear san fhoráil sin stádas comhantais fabhrach de réir bhrí Airteagal 1(i) a mheasúnú le haghaidh an daonra speicis réigiúnach i mBallstát faoi leith, nó an féidir stádas caomhantais an daonra iomlán i limistéar iomlán Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a chur san áireamh?
I gcás ina gceadaítear stádas caomhantais an daonra iomlán i limistéar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh a mheasúnú, an bhfuil an Treoir maidir le gnáthóga le léiriú sa chaoi go dteastaíonn comhoibriú foirmiúil idir na Ballstáit, a chuimsíonn limistéar cónaithe na n-ainmhithe sin, d’fhonn an daonra sin a chaomhnú, nó an leor go ndéanann an Ballstát, a ghlacann na forálacha a luaitear in Airteagal 14 den Treoir maidir le gnáthóga, staid an daonra speicis sna Ballstáit eile lena mbaineann a chinneadh nó na coinníollacha chuige sin a leagan síos i bplean bainistíochta náisiúnta?
An bhfuil Airteagal 1(i) den Treoir maidir le gnáthóga le léiriú sa chaoi gur féidir daonra réigiúnach speicis a chuirtear sa chatagóir “i mbaol” de réir na gcritéar i liosta dearg an Aontais Idirnáisiúnta um Chaomhnú an Dúlra stádas caomhantais fabhrach a bheith aige?
An bhfuil Airteagal 1(i) den Treoir maidir le Gnáthóga, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 2(3) di, le léiriú sa chaoi, agus stádas caomhantais fabhrach speicis á chinneadh, gur féidir riachtanais eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha agus saintréithe réigiúnacha agus áitiúla a chur san áireamh freisin?
____________
1 Treoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flora fiáine a chaomhnú (IO 1992 L 206, lch. 7).