Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 13 Márta 2024 – ClientEarth agus Leino-Sandberg v an Chomhairle
(Cásanna Uamtha T-682/21 agus T-683/21) 1
(Rochtain ar dhoiciméid – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Tuairim ó Sheirbhís Dlí na Comhairle i ndáil le togra ón gCoimisiún maidir le leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 agus i ndáil le tuairim ón gCoiste Aarhus – Diúltú páirteach ar rochtain – Eisceacht a bhaineann le comhairle dlí a chosaint – Comhairle dlí atá thar a bheith íogair nó a bhfuil raon thar a bheith leathan aici a théann níos faide ná comhthéacs an phróisis reachtaigh ábhartha – Eisceacht a bhaineann le cosaint an phróisis cinnteoireachta – Eisceacht a bhaineann le leas an phobail maidir le caidreamh idirnáisiúnta a chosaint – Leas poiblí sáraitheach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóirí: ClientEarth AISBL (Ixelles, an Bheilg), Päivi Leino-Sandberg (Heilsincí, an Fhionlainn) (ionadaithe: O. Brouwer, T. van Helfteren, Dlíodóirí, agus S. Gallagher, Aturnae)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: S. Saez Moreno agus A. Maceroni, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí na cinntí atá sna litreacha leis na huimhreacha tagartha SGS 21/2869 agus SGS 21/2870 ón gComhairle, an 9 Lúnasa 2021, lena ndiúltaítear rochtain ar dhoiciméad 8721/21 go páirteach dóibh, ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Cuirtear na cinntí atá sna litreacha lena mbaineann tagairtí SGS 21/2869 agus SGS 21/2870 ón gComhairle, an 9 Lúnasa 2021, lena ndiúltaítear rochtain ar dhoiciméad 8721/21go páirteach do ClientEarth AISBL agus do Päivi Leino-Sandberg, ar neamhní.
Ordaítear don Chomhairle na costais a íoc.
____________
1 IO C 37, 24.1.2022.