Iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof (an Ostair) a taisceadh an 25 Bealtaine 2023 – J agus A v Reisebüro GmbH agus R GmbH
(Cás C-328/23, Reisebüro agus R)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Oberster Gerichtshof
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: J, A
Cosantóirí: Reisebüro GmbH, R GmbH
Na ceisteanna a tharchuirtear
1. An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/23021 a léiriú sa chaoi go dtuigtear gur imthosca dosheachanta agus urghnácha atá ag tarlú ag an gceann scríbe nó ina gharchomharsanacht agus ag a bhfuil tionchar mór ar chur chun feidhme an phacáiste nó ar dhaoine a iompar chuig an gceann scríbe sa chiall go bhfuil an tomhaltóir i dteideal an conradh taistil láneagraithe a fhoirceannadh gan táille foirceanta a íoc, agus ar a bhfuil an taistealaí ag brath, iad imthosca
– a d’fhéadfadh a bheith ann nuair a tugadh an conradh taistil láneagraithe i gcrích; nó
– nach bhféadfadh a bheith ann go fóill nuair a tugadh an conradh taistil láneagraithe i gcrích, ach a tharlaíonn den chéad uair idir é sin agus
dearbhú an fhoirceanta, nó
dáta tosaithe an taistil láneagraithe?
2. An gcaithfear Airteagal 12(2) de Threoir (AE) 2015/2302 a léiriú sa chaoi go dtuigtear gur imthosca dosheachanta agus urghnácha dá dtagraítear ann iad imthosca
– nach raibh na páirtithe ar an eolas fúthu nuair a tugadh an conradh taistil i gcrích; nó
– a bhféadfadh na páirtithe a bheith ar an eolas fúthu nuair a tugadh an conradh taistil i gcrích; nó
– nach raibh intuartha ag na páirtithe nó nach bhféadfadh siad a bheith ag súil leo nuair a tugadh an conradh taistil i gcrích; nó
– a d’fhéadfadh a bheith intuartha ag na páirtithe nó a bhféadfadh siad a bheith ag súil leo nuair a tugadh an conradh taistil i gcrích – agus más amhlaidh, ar bhonn cén critéir shonracha faoin Treoir; nó
– a bhí go mór mór ar an eolas ag na páirtithe nuair a tugadh an conradh taistil láneagraithe i gcrích ach nach raibh a gcineál sonrach intuartha (ach le beagán dóchúlachta ar a mhéid) go fóill (is é sin le rá, mar shampla, mar gheall ar phaindéim (COVID sa chás seo) atá ann ar feadh [sa chás seo, deich] míonna, cé acu an bhforógrófar tástálacha breise agus/nó bearta dianghlasála san áit saoire); nó
– atá le meas, go hiomlán neamhspleách ar leibhéal eolais na bpáirtithe, ar bhonn critéir oibiachtúla amháin, agus, más amhlaidh, ar bhonn cén critéir shonracha faoin Treoir?
3. An gcaithfear Airteagal 5 de Threoir (AE) 2015/2302 a léiriú sa chaoi nach mór faisnéis réamhchonarthach le tabhairt do thaistealaí – go háirithe faisnéis i ndáil le ‘foirmiúlachtaí sláinte’ dá bhforáiltear in Airteagal 5(1)(f) – a thuiscint sa chiall go gcumhdaítear freisin faisnéis maidir leis na bearta tástálacha agus dianghlasála nach mór a chomhlionadh san áit saoire mar gheall ar an bpaindéim?
Más freagra dearfach a thabharfar ar Cheist 3:
4. An gcaithfear Airteagal 5 de Threoir (AE) 2015/2302 a léiriú sa chaoi, i gcás go gcomhaontaíonn na páirtithe go ndéanfadh siad téarmaí an chonartha taistil láneagraithe a mhodhnú (leasú; ‘atháirithint’) tar éis é a thabhairt i gcrích – mar shampla, i bhfianaise (sa chás seo) seirbhísí taistil áirithe de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) ar nós socruithe taistil, an chúrsa taistil nó na dátaí taistil – nach mór an fhaisnéis réamhchonarthach atá le tabhairt don taistealaí a thabhairt dó arís nó í a uasdátú ina hiomláine (fiú i gcás nach bhfuil tionchar ag an ‘atháirithint’ air) nó i bpáirt?
____________
1 Treoir (AE) 2015/2302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 maidir le taisteal láneagraithe agus socruithe taistil gaolmhara, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 90/314/CEE ón gComhairle (IO 2015 L 326, lch. 1).