Language of document :

Caingean arna tabhairt 12 Márta 2024 – Doorinn v EUIPO (Suíomh lipéad ar thocht)

(Cás T-147/24)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Doorinn GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: O. Brexl, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Trádmharc atá faoi cheist: Clárú an trádmhairc de chuid an Aontais Eorpaigh arb é atá ann suíomh lipéad ar thocht – Clárú Uimh. 18 718 069

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 11 Eanáir 2024 i gCás R 986/2023-5

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

a ordú do EUIPO na costais a íoc.

Saincheist dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagal 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

____________