Language of document :

Cás C-588/21 P

Public.Resource.Org Inc.,
agus
Right to Know CLG

v

an Coimisiún Eorpach agus páirtithe eile

 Breithiúnas na Cúirte (an Mór-Dhlísheomra) an 5 Márta 2024

(Achomharc – Rochtain ar dhoiciméid institiúidí an Aontais Eorpaigh – Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 – Airteagal 4(2) – Eisceachtaí – Diúltú rochtana ar dhoiciméad a bhainfeadh an bonn de chosaint leasanna tráchtála, lena n-áirítear maoin intleachtúil, duine nádúrtha nó duine dlítheanach dá nochtfaí é – Leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh – Caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) – Cosaint bunaithe ar chóipcheart – Prionsabal an smachta reachta – Prionsabal na trédhearcachta – Prionsabal na hoscailteachta – Prionsabail an dea-rialachais)

1.        Imeachtaí breithiúnacha – Cuid ó bhéal den nós imeachta – Atosú – Oibleagáid an nós imeachta ó bhéal a atosú chun go bhféadfaidh na páirtithe barúlacha a thaisceadh ar cheisteanna dlí a ardaíodh i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta – Neamhláithreacht

(an dara fomhír d’Airteagal 252, CFAE; Airteagal 83 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais)

(féach míreanna 47 agus 48)

2.        Institiúidí an Aontais Eorpaigh – Ceart an phobail chun rochtain a fháil ar dhoiciméid – Rialachán Uimh. 1049/2001 – Eisceachtaí ar an gceart chun rochtain a fháil ar dhoiciméid – Cosaint leasanna tráchtála daoine sonracha – Leas sáraitheach poiblí i dtaca le nochtadh doiciméad – Caighdeáin chomhchuibhithe ar chuid de dhlí an Aontais iad – Saor-rochtain ar na caighdeáin chomhchuibhithe a eascraíonn as prionsabail an smachta reachta agus na trédhearcachta

(Airteagal 15(3) CFAE; Airteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001, Airteagal 4(1), Rialachán (CE) Uimh. 1907/2006 agus Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012; Treoir 2009/48 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle)

(féach míreanna 66-69, 72-74, 77, 83, 85)

Résumé

Trí sheasamh leis an achomharc a rinne na hachomharcóirí Public.Resource.Org Inc. agus Right to Know CLG i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta i gcás Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún, (1) rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais, ina suí di mar Mhór‑Dhlísheomra, don chéad uair, go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt do nochtadh caighdeáin chomhchuibhithe arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN).

Is eagraíochtaí neamhbhrabúsacha iad na hachomharcóirí arb é an príomhaidhm atá acu saor-rochtain ar an dlí a thabhairt do gach saoránach. Ar an 25 Meán Fómhair 2018, chuir siad iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin Eorpaigh ar rochtain ar cheithre chaighdeán chomhchuibhithe a ghlac CEN, agus bhain trí cinn acu le sábháilteacht bréagán agus bhain ceann amháin acu leis an uasráta nicile le haghaidh táirgí áirithe. (2)

Dhiúltaigh an Coimisiún géilleadh don iarraidh ar rochtain ar bhonn na chéad fhleisce d’Airteagal 4(2) de Rialachán Uimh. 1049/2001, (3) faoinar bhféadfar rochtain ar dhoiciméad a dhiúltú sa chás go ndéanfadh nochtadh dochar do chosaint ar leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, lena n-áirítear maoin intleachtúil, mura bhfuil leas sáraitheach poiblí ann i dtaca le nochtadh an doiciméid lena mbaineann.

Rinne an Chúirt Ghinearálta an chaingean a thionscain na hachomharcóirí in aghaidh chinneadh an Choimisiúin a dhíbhe ina hiomláine. Thug na hachomharcóirí achomharc os comhair na Cúirte Breithiúnais, ag éileamh gur chinn an Chúirt Ghinearálta go mícheart nach raibh aon leas sáraitheach poiblí lena dtugtar bonn cirt le saor-rochtain ar na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh.

Measúnú na Cúirte Breithiúnais

Mar réamhphointe, meabhraíonn an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil raon feidhme leathan ag an gceart rochtana ar dhoiciméid de chuid institiúidí an Aontais Eorpaigh. (4) Foráiltear go bhféadfaidh na hinstitiúidí sin brath ar eisceacht atá bunaithe ar chosaint ar leasanna tráchtála duine nádúrtha nó duine dhlítheanaigh, d’fhonn rochtain ar dhoiciméad a dhiúltú i gcás ina mbainfeadh nochtadh na leasanna sin, lena n-áirítear leasanna maoine intleachtúla, an bonn de chosaint na leasanna sin. Ní bheidh feidhm ag an eisceacht sin, áfach, i gcás ina bhfuil leas sáraitheach poiblí ann an doiciméad lena mbaineann a nochtadh.

I ndáil leis sin, ar an gcéad dul síos, tugann an Chúirt Bhreithiúnais dá haire gur leagadh síos an nós imeachta chun caighdeáin chomhchuibhithe a tharraingt suas le Rialachán Uimh. 1025/2012, (5) faoina bhfuil ról lárnach ag an gCoimisiún sa chóras Eorpach caighdeánaithe. Dá bhrí sin, fiú má chuirtear dréachtú na gcaighdeán sin de chúram ar chomhlacht atá faoin dlí príobháideach, is ag an gCoimisiún amháin a bhfuil an chumhacht aige iarraidh a dhéanamh go ndéanfaí caighdeán comhchuibhithe a fhorbairt d’fhonn Treoir nó Rialachán faoi leith a chur chun feidhme. Sa chomhthéacs sin, cinneann an Coimisiún na ceanglais maidir le hinneachar a bheidh le comhlíonadh ag an gcaighdeán comhchuibhithe iarrtha a chinneadh agus cinnfidh sé sprioc-am lena ghlacadh, déanann sé maoirseacht ar a ullmhú, cuireann sé cistiú ar fáil agus déanann sé cinneadh maidir le tagairtí don chaighdeán comhchuibhithe lena mbaineann a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Ina theannta sin, cé gur léir nach bhfuil comhlíonadh na gcaighdeán comhchuibhithe éigeantach go ginearálta, baineann táirgí a chomhlíonann na caighdeáin sin tairbhe as toimhde comhréireachta leis na ceanglais fhíor-riachtanacha a bhaineann leo, arna mbunú le reachtaíocht ábhartha an Aontais um chomhchuibhiú. (6) Tá an éifeacht dhlíthiúil sin, a thugtar leis an reachtaíocht sin, ar cheann de phríomhthréithe na gcaighdeán sin agus fágann sí gur uirlis fhíor-riachtanach iad d’oibreoirí eacnamaíocha, chun an ceart chun saorghluaiseachta earraí nó seirbhísí ar mhargadh an Aontais a fheidhmiú.

Tugann an Chúirt Bhreithiúnais dá haire, sa chás seo, go ndéantar tagairt do Threoir 2009/48 (7) le trí cinn de na ceithre chaighdeán chomhchuibhithe a bhaineann le sábháilteacht bréagán agus gur foilsíodh a dtagairtí in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. I gcomhréir le hAirteagal 13 den Treoir sin, maidir le bréagáin a táirgeadh i gcomhréir leis na caighdeáin sin, glactar leis go bhfuil siad i gcomhréir leis na ceanglais a chumhdaítear leis na caighdeáin sin. Déantar tagairt leis an gceathrú caighdeán, a thagraíonn don uasráta nicile, do Rialachán Uimh. 1907/2006 (8) agus is léir go bhfuil sé éigeantach, sa chás seo, a mhéid a fhoráiltear i bpointe 27(3) den tábla in Iarscríbhinn XVII a ghabhann leis an Rialachán sin go bhfuil na caighdeáin arna nglacadh ag CEN, a mhéid a bhaineann le nicil, le feidhmiú mar nósanna imeachta tástála chun comhréireacht na dtáirgí lena mbaineann leis na ceanglais dá dtagraítear sa phointe sin a léiriú.

Dá bhrí sin, measann an Chúirt Bhreithiúnais gur cuid de dhlí an Aontais iad na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh.

Ar an dara dul síos, cuireann an Chúirt Bhreithiúnais in iúl go bhforáiltear le hAirteagal 2 CAE go bhfuil an tAontas Eorpach bunaithe ar phrionsabal an smachta reachta, lena gceanglaítear saor-rochtain ar dhlí an Aontais do gach duine nádúrtha nó dlítheanach san Aontas Eorpach agus go bhféadfadh daoine aonair a gcearta agus a n-oibleagáidí a fhionnadh go soiléir. (9) Leis an saor-rochtain sin, ní mór, go háirithe, a chur ar chumas aon duine a bhfuil an dlí ag iarraidh a chosaint a fhíorú, laistigh de na teorainneacha a cheadaítear faoin dlí, go gcomhlíonann seolaithe na rialacha a leagtar síos leis an dlí sin na rialacha sin. Dá bhrí sin, de bhua na n-éifeachtaí a thugtar dó le reachtaíocht an Aontais, is féidir le caighdeán comhchuibhithe cearta a thugtar do dhaoine aonair agus oibleagáidí atá orthu a shonrú agus d’fhéadfadh sé go mbeadh gá leis na sonraíochtaí sin chun a fhíorú an gcomhlíonann táirge nó seirbhís ar leith ceanglais bhunriachtanacha na reachtaíochta sin i ndáiríre.

Sna himthosca sin, cinneann an Chúirt Bhreithiúnais go bhfuil leas sáraitheach poiblí ann lena dtugtar bonn cirt le nochtadh na gcaighdeán comhchuibhithe a iarradh.


1      Breithiúnas an 14 Iúil 2021, Public.Resource.Org agus Right to Know v an Coimisiún (T-185/19, EU:T:2021:445).


2      Eadhon caighdeán EN 71-5:2015, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 5: Bréagáin cheimice (foirne) seachas foirne turgnaimh i gcomhair ceimice’; caighdeán EN 71-4:2013, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 4: Foirne turgnaimh i gcomhair ceimice agus gníomhaíochtaí gaolmhara’; caighdeán EN 71-12:2013, dar teideal ‘Sábháilteacht bréagán – Cuid 12: N-nítreasaimíní agus substaintí N-nítreasáithithe’ agus caighdeán EN 12472:2005+A 1:2009, dar teideal ‘Modh le haghaidh cnaí agus creimeadh a ionshamhlú chun nicil arna scaoileadh ó ítimí brataithe a bhrath’ (‘na caighdeáin chomhchuibhithe a iarradh’).


3      Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid de chuid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin (IO 2001 L 145, lch. 43).


4      Ráthaítear an ceart rochtana ar dhoiciméid sin leis an gcéad fhomhír d’Airteagal 15(3) CFAE agus le hAirteagal 42 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Cuirtear an ceart rochtana sin i bhfeidhm go háirithe le Rialachán Uimh. 1049/2001.


5      Rialachán (AE) Uimh. 1025/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le caighdeánú Eorpach, lena leasaítear Treoir 89/686/CEE agus Treoir 93/15/CEE ón gComhairle agus Treoracha 94/9/CE, 94/25/CE, 95/16/CE, 97/23/CE, 98/34/CE, 2004/22/CE, 2007/23/CE, 2009/23/CE agus 2009/105/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n aisghairtear Cinneadh 87/95/CEE ón gComhairle agus Cinneadh Uimh. 1673/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO 2012 L 316, lch. 12).


6      Airteagal 2(1) de Rialachán Uimh. 1025/2012, arna léamh i bhfianaise aithris 5 den Rialachán sin.


7      Treoir 2009/48/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Meitheamh 2009 maidir le sábháilteacht bréagán (IO 2009 L 170, lch. 1).


8      Rialachán (CE) 1907/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir le Clárú, Meastóireacht, Údarú agus Srianadh Ceimiceán (REACH), lena gcruthaítear Gníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, lena leasaítear Treoir 1999/45/CE agus lena n-aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 793/93 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1488/94 ón gCoimisiún chomh maith le Treoir 76/769/CEE ón gComhairle agus Treoracha 91/155/CEE, 93/67/CEE, 93/105/CE agus 2000/21/CE ón gCoimisiún (IO 2006 L 396, lch. 1).


9      Breithiúnas an 22 Feabhra 2022, Stichting Rookpreventie Jeugd agus páirtithe eile (C-160/20, EU:C:2022:101, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).