Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal judiciaire d’Auch (an Fhrainc) a taisceadh an 23 Samhain 2022 – EP v Préfet du Gers, Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE)

(Cás C-716/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal judiciaire d’Auch

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: EP

Cosantóirí: Préfet du Gers, Institut national de la statistique et des études économiques (INSEE)

Páirtí eile: Commune de Thoux arna ionadú ag Maire de Thoux

Na ceisteanna a tharchuirtear

1.    An bhfuil Cinneadh 2020/135 1 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach neamhbhailí i bpáirt sa mhéid is go sáraítear, leis an gComhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach, Airteagail 1, 7, 11, 21, 39 agus 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, Airteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus prionsabal na comhréireachta in Airteagal 52 den Chairt sin sa mhéid nach bhfuil foráil ann lena gceadaítear do náisiúnaigh na Breataine an ceart chun vótá a chaitheamh i dtoghcháin Eorpacha a choinneáil, ar náisiúnaigh iad a bhfuil a gceart chun saoirse gluaiseachta agus chun cónaí faoi shaoirse i gcríoch Ballstáit eile feidhmithe acu, cibé an gceadaítear nó nach gceadaítear dénáisiúntacht, go háirithe iad siúd a bhfuil cónaí orthu ar chríoch Ballstáit eile le breis agus 15 bliana agus atá faoi réir riail 15 bliana na Ríochta Aontaithe, agus dá bhrí sin go ngéaraítear díothacht aon chirt vótála, le haghaidh daoine nach raibh an deis acu vóta a chaitheamh in aghaidh a saoránacht de chuid an Aontais a chailliúint agus dóibh siúd a thug mionn dílseachta do Choróin na Breataine?

2.    Maidir le Cinneadh 2020/135, leis an gComhaontú maidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach, le hAirteagal 1 den Ionstraim maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa atá i gceangal le Cinneadh 76/787/CEGC, le CEE, leis an Euratom ón gComhairle an 20 Meán Fómhair 1976 1 , le breithiúnas Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Meán Fómhair 2006, an Spáinn v an Ríocht Aontaithe, C-145/04, le hAirteagail 1, 7, 11, 21, 39 agus 41 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le hAirteagal 6(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus le breithiúnas Chúirt Breithiúnais an Aontais Eorpaigh an 9 Meitheamh 2022, Préfet du Gers, C-673/20, an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go ndéantar an ceart chun vóta a chaitheamh agus chun seasamh mar iarrthóir i dtoghcháin Eorpacha a bhaint leo d’iar-shaoránaigh an Aontais a bhfuil a gceart chun saoirse gluaiseachta agus chun cónaí faoi shaoirse i gcríoch Ballstáit eile feidhmithe acu, chomh maith le, go háirithe, iar-shaoránaigh an Aontais nach bhfuil ceart chun vóta a chaitheamh acu a thuilleadh ós rud é bhfuil a gceart chun saoirse gluaiseachta agus chun cónaí faoi shaoirse i gcríoch Ballstáit eile le breis agus 15 bliana feidhmithe acu agus nach raibh in ann vóta a chaitheamh in aghaidh tarraingt siar an Bhallstáit lena mbaineann siad ón Aontas Eorpach, i gcás inar cailleadh a saoránacht Eorpach mar thoradh ar an tarraingt siar sin?

____________

1 Cinneadh (AE) 2020/135 ón gComhairle an 30 Eanáir 2020 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (IO L 29, 31.1.2020, lch. 1).

1 IO 1976 L 278, lch. 1.