Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 1 Feabhra 2023 – Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi v EUIPO – Papouis Dairies (fino)

(Cás T-558/21)1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh fino Cyprus Halloumi Cheese – Iar-fhocalmharc comhchoiteann de chuid an Aontais Eorpaigh HALLOUMI” – Forais choibhneasta le diúltú – Cosúlacht na gcomharthaí – Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 (Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 anois))

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi (an Niocóis, an Chipir) (ionadaithe: C. Milbradt, agus S. Malynicz, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: D. Gája, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idirghabháil os comhair na Cúirte Ginearálta: Papouis Dairies Ltd (an Niocóis) (ionadaithe: A. Pomares Caballero agus M. Pomares Caballero, Dlíodóirí)

Ábhar:

Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Aibreán 2021 (Cás R 575/2019-2) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do Foundation for the Protection of the Traditional Cheese of Cyprus named Halloumi, chomh maith lena chostais féin, na costais arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus Papouis Dairies Ltd a íoc.

____________

1 IO C 452, 8.11.2021.