Language of document :

Breithiúnas na Cúirte (an Chéad Dlísheomra) an 25 Bealtaine 2023 (iarraidh ar réamhrialú ón Oberster Gerichtshof - an Ostair) – Staatlich genehmigte Gesellschaft der Autoren, Komponisten und Musikverleger Reg. Gen. mbH (AKM) v Canal+ Luxembourg Sàrl

(Cás C-290/211 , AKM (Soláthar pacáistí satailíte san Ostair))

(Tarchur chun réamhrialú – Maoin intleachtúil – Cóipcheart agus cearta a bhaineann leis an gcóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur cábla – Treoir 93/83/CEE – Airteagal 1(2) – Cumarsáid leis an bpobal trí shatailít – Coincheap – Soláthróir pacáistí satailíte – Craoladh cláracha i mBallstát eile – Suíomh an ghnímh saothraithe lena dtacaíonn an soláthróir sin le cumarsáid den sórt sin)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

An chúirt a rinne an tarchur

Oberster Gerichtshof

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Staatlich genehmigte Gesellschaft der Autoren, Komponisten und Musikverleger Reg. Gen. mbH (AKM)

Cosantóir: Canal+ Luxembourg Sàrl

Idiragraithe: Tele 5 TM-TV GmbH, Österreichische Rundfunksender GmbH & Co. KG, Seven.One Entertainment Group GmbH, ProSiebenSat.1 PULS 4 GmbH,

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 1(2)(b) de Threoir 93/83/CEE ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 1993 maidir le comhordú rialacha áirithe a bhaineann le cóipcheart agus cearta a bhaineann leis an gcóipcheart is infheidhme maidir le craoladh satailíte agus atarchur cábla,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

i gcás go bhfuil ar soláthróir pacáistí satailíte údarú ó shealbhóirí na gcóipcheart agus na gceart a bhaineann leis an gcóipcheart atá i gceist a fháil, don ghníomh cumarsáide leis an bpobal trí shatailít ina bhfuil sé páirteach, ní mór an t-údarú sin a fháil, amhail an t-údarú a deonaíodh don eagraíocht craolacháin lena mbaineann, sa Bhallstáit amháin ina gcuirtear na comharthaí cláriompartha sa slabhra cumarsáide a théann go dtí an satailít.

____________

1 IO C 320, 9.8.2021