Language of document :

Caingean arna tabhairt an 14 Lúnasa 2023 – Sharif v an Chomhairle

(Cás T-503/23)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Ammar Sharif (Béiriút, an Liobáin) (ionadaithe: G. Karouni agus K. Assogba, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil na gníomhartha atá faoi chonspóid, eadhon mír 2(b) agus mír 3 d’Airteagal 27 agus Airteagal 28 de Chinneadh 2013/255, arna leasú le Cinneadh 2015/1836 agus le hAirteagal 15(1a)(b) de Rialachán Uimh. 36/2012 neamhdhleathach, agus neamh-infheidhme maidir leis an iarratasóir, a mhéid a bhaineann na forálacha sin leis;

na gníomhartha seo, a mhéid a bhaineann siad leis an iarratasóir, a chur ar neamhní,

Cinneadh Cur Chun Feidhme (CBES) 2023/1035 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena leasaítear Cinneadh 2013/255/CBES a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus Iarscríbhinn I de;

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1027 ón gComhairle an 25 Bealtaine 2023 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 36/2012 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise na staide sa tSiria agus Iarscríbhinn II de;

a ordú don Chomhairle suim EUR 10 000 a íoc mar dhamáistí agus ús mar chúiteamh ar gach caillteanas le chéile;

a ordú don Chomhairle a costais féin chomh maith leis na costais arna dtabhú ag an iarratasóir a íoc, dá bhféadfar fianaise thacaíochta a thaispeáint le linn na n-imeachtaí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear pléadáil neamhdhleathachta atá dírithe ar an gcritéar maidir le liostú daoine a bhfuil baint acu le baill teaghlaigh Assad nó Makhlouf dá dtagraítear in Airteagal 27(2)(b) agus in Airteagal 28 de Chinneadh 2013/255, arna leasú le Cinneadh 2015/1836 agus le hAirteagal 15(1a)(b) de Rialachán Uimh. 36/2012. Tugann an t-iarratasóir dá aire gur coimeádadh a ainm ar liosta na ndaoine agus na n-eintiteas atá faoi réir na mbeart sriantach a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Cinneadh 2013/255/CBES ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh (CBES) 2023/1035 ón gComhairle, agus in Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 36/2102 ón gComhairle, arna chur chun feidhme le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2023/1027 ón gComhairle, maidir le bearta sriantacha mar gheall ar an staid sa tSiria, ar an bhforas go raibh sé “nasctha le duine de theaghlach Makhlouf (deartháir céile de chuid Rami Makhlouf)” [Aistriúchán neamhoifigiúil]. Dearbhaíonn sé, dá bhrí sin, gurb iad na forálacha sin bunús dlí na ngníomhartha atá faoi chonspóid agus go bhfuil nasc díreach idir na chéad ghníomhartha a bhfuil feidhm ghinearálta acu a mbeidh na hiarmhairtí ag baint leis an iarratasóir agus na cinn deiridh arb éard iad na gníomhartha atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear nach bhfuil bunús fíorasach leordhóthanach agus go bhfuil earráid fhollasach measúnaithe ann. Cáineann an t-iarratasóir gur choinnigh an Chomhairle a ainm ar na liostaí a bhí i gceist trí thagairt a dhéanamh do dhuine a bhfuil a chás iomráiteach mar sin féin agus eolas maith ag cách ar athrú a chúinse. Measann sé, trína chinneadh a nascadh le cinniúint Rami Makhlouf, ar roghnaigh sé gan athbhreithniú ná nuashonrú a dhéanamh ar a staid i bhfianaise a bhfuil ag titim amach sa chomhthéacs sa tSiria, go bhfuil dochar tromchúiseach á dhéanamh ag an gComhairle dá leasanna. Ina theannta sin, cuireann an t-iarratasóir in iúl nach gcuireann an Chomhairle a staid phearsanta san áireamh i ndáiríre. Go deimhin, dearbhaíonn an t-iarratasóir gur thréig sé aon bhaint leis na cásanna inar cúisíodh é, agus mar thoradh air sin, in éagmais chruthúnais nó moll fianaise a d’fhágfadh go raibh sé réasúnta inchreidte go raibh gearán ina choinne, seachas an gaol teaghlaigh le duine de theaghlach Makhlouf, níl údar maith lena ainm a choinneáil ar na liostaí sna gníomhartha atá i gceist.

____________