Language of document :

Caingean arna tabhairt an 9 Márta 2023 – VC v EU-OSHA

(Cás T-126/23)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: VC (ionadaithe: J. Rodríguez Cárcamo, S. Centeno Huerta, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair (EU-OSHA)

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

de bhun Airteagal 263 CFAE, Cinneadh 2023/01 an 18 Eanáir 2023 ó Stiúrthóir Feidhmiúcháin Eatramhach EU-OSHA maidir le heisiamh ó rannpháirtíocht i nósanna imeachta soláthair, deontais, duaiseanna, dámhachtainí agus ionstraimí airgeadais a chumhdaítear le buiséad ginearálta an Aontais agus nósanna imeachta dámhachtain a chumhdaítear le CEF ar bhonn Rialachán (AE) 2018/18771 ón gComhairle a chur ar neamhní ina iomláine,

mar mhalairt rogha, de bhun Airteagal 261 CFAE agus Airteagal 143(9) de Rialachán 2018/10461 (an “Rialachán Airgeadais”) pionós eacnamaíoch a chur in áit an bhirt eisiata agus/nó Airteagal 4 den chinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní maidir leis an mbeart foilsithe,

a ordú do EU-OSHA costais na n-imeachtaí seo a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 106(2) de Rialachán 966/2012 1 arna leasú le Rialachán 2015/1929 2 (an “Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016”) arna léamh i gcomhar leis an gceart chun leighis éifeachtaigh, a chosnaítear le hAirteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, le luach an smachta reachta a dhearbhaítear in Airteagal 19(1) CAE, le prionsabal an chomhair dhílis, a leagtar síos in Airteagal 4(3) CAE agus le hAirteagal 325(1) CFAE. Maítear nár urramaíodh an cinneadh maidir le fionraí arna ghlacadh ag an údarás breithiúnach náisiúnta inniúil leis an gcinneadh atá faoi chonspóid.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 106(7)(a) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016 (atá comhionann le hAirteagal 136(6)(a) den Rialachán Airgeadais) agus earráidí measúnaithe tromchúiseacha. Maítear gur mheas an t-oifigeach údarúcháin inniúil, mar thoradh ar earráidí measúnaithe tromchúiseacha, nach raibh na bearta ceartaitheacha arna nglacadh ag an iarratasóir leordhóthanach chun an bearta eisiata a fhágáil gan feidhm.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar an méid a leagtar síos in Airteagal 106(3) agus (7)(a) agus (d) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016, arna léamh i gcomhar le prionsabal na comhréireachta, ós rud é go ndearna an t-oifigeach údarúcháin inniúil earráidí follasacha measúnaithe.

An ceathrú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 140(1) den Rialachán Airgeadais (atá comhionann le hAirteagal 106(16) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016), ar Airteagal 140(2)(b) den Rialachán Airgeadais (atá comhionann le hAirteagal 106(17)(b) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016) agus ar Airteagal 136(3) den Rialachán Airgeadais, mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua leis an gcinneadh foilsithe.

An cúigiú saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ar Airteagal 106(13)(a) den Rialachán Airgeadais is infheidhme ó Eanáir 2016. Maítear nach ndearna an t-oifigeach údarúcháin inniúil measúnú ar chur i bhfeidhm pionóis airgid mar mhalairt rogha ar an gcinneadh eisiata, sa chaoi gur cheart an cinneadh a chur ar neamhní mar gheall ar mhainneachtain cúiseanna a lua. In aon chás, iarrtar ar an gCúirt Ghinearálta, i gcás ina gcinneann sí gan an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní ina iomláine, pionós atá réasúnta ag féachaint d’imthosca an cháis a chur in áit an bhirt eisiata, i gcomhréir le hAirteagal 261 CFAE agus Airteagal 143(9) den Rialachán Airgeadais.

____________

1 Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/323 (IO  2018 L 307, lch. 1).

1 Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014 agus (AE) Uimh. 283/2014 agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).

1 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh.1605/2002 ón gComhairle (IO 2012 L 298, lch. 1).

1 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2015/1929 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Deireadh Fómhair 2015 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 966/2012 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais (IO 2015 L 286, lch. 1).