Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 17 Aibreán 2024 – Cogebi agus Cogebi v Comhairle an Aontais Eorpaigh

(Cás T-782/22) 1

(Comhbheartas eachtrach agus slándála – Bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine – Toirmeasc ar earraí a ghineann ioncam suntasach don Rúis a liostaítear in Iarscríbhinn XXI de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 a cheannach, a allmhairiú nó a aistriú go díreach nó go hindíreach san Aontas – Táirgí míoca – Caingean le haghaidh neamhniú – Gníomh rialála ina bhfuil bearta cur chun feidhme a dhéanann difear láithreach do stádas dlíthiúil na n-allmhaireoirí in easnamh – Inghlacthacht – Dualgas cúiseanna a lua – Ceart chun éisteacht a fháil – Ceart chun rochtain a fháil ar chomhad – Saoirse fiontraíochta – Comhréireacht)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: Cogebi (An Bhruiséil, an Bheilg), Cogebi, a.s. (Tábor, Poblacht na Seice) (ionadaí: H. over de Linden, Dlíodóir)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: M. Bishop agus E. Nadbath, Gníomhairí)

Idiragraithe chun tacú leis an gcosantóir: Poblacht na hEastóine (ionadaí: M. Kriisa, i gcáil Gníomhaire), an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: J.-F. Brakeland, M. Carpus Carcea agus L. Puccio, Gníomhairí)

Ábhar

Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí ar neamhní Airteagal 3i de Rialachán (AE) Uimh. 833/2014 ón gComhairle an 31 Iúil 2014 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí na Rúise i ndíchobhsú staid na hÚcráine (IO 2014 L 229, lch. 1) arna leasú le Rialachán (AE) 2022/1904 ón gComhairle an 6 Deireadh Fómhair 2022 (IO 2022 L 259 I, lch. 3) sa mhéid is go dtugtar isteach, le Rialachán 2022/1904 cód NC 6814 (míoca oibrithe agus earraí míoca) sa liosta earraí a ghineann ioncam suntasach do Chónaidhm na Rúise a liostaítear in Iarscríbhinn XXI de Rialachán Uimh. 833/2014 agus a bhfuil sé toirmiscthe iad a allmhairiú, a cheannach nó a aistriú go díreach nó go hindíreach, san Aontas Eorpach, de bhun Airteagal 3 den Rialachán sin.

An chuid oibríochtúil

Díbhtear an chaingean;

Ordaítear do Cogebi agus Cogebi, a gcostais féin agus na costais arna dtabhú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh lena n-áirítear costais na n-imeachtaí eatramhacha, a íoc.

Ordaítear don Choimisiún Eorpach agus do Phoblacht na hEastóine a gcostais féin a íoc.

____________

1     IO C 35, 30.1.2023.