Language of document :

Caingean arna tabhairt an 25 Iúil 2023 v Chiquita Brands v EUIPO – Compagnie financière de participation (Gléas de chruth ubhchruthach gorm agus buí)

(Cás T-426/23)

Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Chiquita Brands LLC (Fort Lauderdale, Florida, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: R. Dissmann agus L. Jones, Dlíodóirí)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Compagnie financière de participation (Marseille, an Fhrainc)

Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO

Dílseánach an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta

Trádmharc atá faoi cheist: Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh “Gléas de chruth ubhchruthach gorm agus buí” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 7 497 191

Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí cealaithe

Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 23 Bealtaine 2023 i gCás R 2243/2021-1

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní agus an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta a dhiúltú a mhéid a dearbhaíodh an trádmharc i dtrácht a bheith neamhbhailí;

ordaítear do EUIPO na costais, lena n-áirítear iad sin arna dtabhú sna himeachtaí os comhair EUIPO, a íoc.

Saincheisteanna dlí arna maíomh

Sárú ar Airteagail 4 agus 7(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainiúlacht bhunúsach an trádmhairc atá i gceist.

Sárú ar Airteagal 7(3) agus Airteagal 59(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sainiúlacht faighte an trádmhairc atá i gceist.

____________