Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 8 Nollaig 2022 (iarraidh ar réamhrialú ón Bundesfinanzgericht – an Ostair) – P GmbH v Finanzamt Österreich
(Cás = "n" "Case" IF = "o" "Joined Cases" C-378/21) 1
(Tarchur chun réamhrialú –Comhchuibhiú reachtaíochta cánach – Comhchóras cánach breisluacha (CBL) – Treoir 2006/112/CÉ – Airteagal 203 – Coigeartú ar thuairisceán CBL – Faighteoirí seirbhísí nach bhfuil i dteideal asbhaint – Easpa baol go gcaillfear ioncam cánach)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Bundesfinanzgericht
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: P GmbH
Cosantóir: Finanzamt Österreich
An chuid oibríochtúil
Maidir le hAirteagal 203 de Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, arna leasú le Treoir 2016/1065 ón Comhairle an 27 Meitheamh 2016,
ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:
níl duine inchánach a chur seirbhís ar fáil agus a luaigh, ar a shonrasc, méid cánach breisluacha (CBL) arna ríomh ar bhonn ráta mícheart faoi dhliteanas, faoin bhforáil sin, as an gcuid den CBL a sonraíodh go héagórach mura bhfuil aon bhaol ann go gcaillfear ioncam cánach ar an bhforas gur tomhaltóirí deiridh amháin iad faighteoirí na seirbhíse sin nach bhfuil ceart acu CBL ionchuir a asbhaint.
____________
1 IO C 349, 30.08.2021.