Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta domstolen (an tSualainn) a taisceadh an 26 Márta 2024 – TK agus OP v Riksåklagaren
(Case C-229/24, Brännelius 1 )
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta domstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóirí: TK agus OP
Cosantóir: Riksåklagaren
Na ceisteanna a tharchuirtear:
An bhfuil sé riachtanach go dtarlaíonn nochtadh poiblí ar bhealach dá dtagraítear in Airteagal 17 den rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh 1 chun go bhféadfaí a mheas gur cuireadh an fhaisnéis ar fáil don phobal i gcomhar le hAirteagal 7(1)(a) den rialachán?
Más féidir le nochtadh poiblí tarlú ar bhealach eile, cad iad na himthosca ar cheart a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh ar cuireadh an fhaisnéis ar fáil don phobal de réir bhrí Airteagal 7(1)(a)?
____________
1 Is ainm bréige é ainm an cháis seo. Ní fhreagraíonn sé d’fhíorainm aon pháirtí sna himeachtaí.
1 Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n-aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoracha 2003/124/CE, 2003/125/CE agus 2004/72/CE ón gCoimisiún (IO 2014 L 173, lch. 1).