Iarraidh ar réamhrialú ó Amtsgericht Lörrach (an Ghearmáin) a taisceadh an 23 Márta 2023 – sna himeachtaí probháide P. M. J. T., tiomnóir
(Cás C-187/23, Albausy 1 )
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Amtsgericht Lörrach
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Páirtithe leasmhara: E. V. G.-T., P. T., F. T., G. T.
Na ceisteanna a tharchuirtear
a) An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais 1 a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear freisin agóidí a ardaítear in imeachtaí maidir leis an Deimhniú Eorpach Comharbais féin a eisiúint, nach gceadaítear don chúirt a scrúdú, agus nach dtagraítear ann d’agóidí a ardaítear in imeachtaí eile amháin?
b) I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar Cheist (a): An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais a léiriú sa chaoi nach gceadaítear Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint fiú i gcás inar ardaíodh agóidí in imeachtaí maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint, ach go ndearnadh scrúdú orthu sin in imeachtaí maidir le deimhniú comharbais faoi dhlí na Gearmáine cheana féin?
c) I gcás ina dtabharfar freagra dearfach ar Cheist (a): An gcaithfear pointe (a) den dara fomhír d’Airteagal 67(1) den Rialachán Comharbais a léiriú sa chaoi go gcumhdaítear aon agóid, fiú nuair nach bhfuil bunús tugtha léi agus nach bhfuil aon fhianaise fhoirmiúil le glacadh ina leith sin?
d) I gcás ina dtabharfar freagra diúltach ar Cheist (a): Cén fhoirm ina gcaithfidh an chúirt cúiseanna a thabhairt le hagóidí a dhiúltú agus an Deimhniú Eorpach Comharbais a eisiúint?
____________
1 Tugtar ainm bréagach sa chás seo, nach bhfreagraíonn d’fhíorainm páirtí sna himeachtaí.
1 Rialachán (AE) Uimh. 650/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le dlínse, an dlí is infheidhme, aithint agus forfheidhmiú cinntí agus glacadh le hionstraimí barántúla agus iad a fhorfheidhmiú in ábhair chomharbais agus maidir le Deimhniú Eorpach Comharbais a chruthú (IO 2012 L 201, lch. 107)