Caingean arna tabhairt an 27 Márta 2024 – Quality is Our Recipe v EUIPO – Granizados Maresme (Frosty)
(Cás T-168/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Quality is Our Recipe LLC (Dublin, Ohio, Stáit Aontaithe Mheiriceá) (ionadaithe: A. Ortiz López agus M. Polo Carreño, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Granizados Maresme SLL (Pineda de Mar, an Spáinn)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Iarratasóir an trádmhairc atá faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha an Aontais Eorpaigh ‘Frosty’ – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 190 328
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí freasúra
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc de EUIPO an 30 Eanáir 2024 i gCás R 1086/2023-1
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní.
a ordú do EUIPO agus don fhreasúróir na costais arna dtabhú sna himeachtaí freasúra agus achomhairc as a n-eascraíonn an chaingean seo, lena n-áiritear na costais arna dtabhú sa chaingean seo, a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 47(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus measúnú mícheart maidir le cruthúnas úsáide dá bhforáiltear in Airteagal 10(3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 ón gCoimisiún.
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________