Caingean arna tabhairt an 5 Feabhra 2024 – EveMotion v EUIPO – Wmk Trading (Pavillons)
(Cás T-54/24)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Ghearmáinis
Páirtithe sna himeachtaí
Iarratasóir: EveMotion GmbH (Beirlín, an Ghearmáin) (ionadaí: G. Dahle, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc: Wmk Trading GmbH (Altenberge, an Ghearmáin)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an dearaidh atá faoi cheist: Iarratasóir
Dearadh atá faoi cheist: Dearadh Comhphobail Pavillons – Dearadh Comhphobail Uimh. 5 490 596-0003
Nós imeachta os comhair EUIPO: Nós imeachta cealúcháin
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc de EUIPO an 1 Nollaig 2023 i gCás R 436/2023-3
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
a ordú do EUIPO agus do na páirtithe costais na n-imeachtaí a íoc.
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002 ón gComhairle.
____________