Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – Schönegger Käse-Alm v EUIPO – Jumpseat3D plus Germany (Rebell)

(Cás T-161/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí maidir le cúlghairm – Focalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Rebell’ – Cúlghairm pháirteach – Fíor-úsáid a bhaint as an trádmharc – Airteagal 58(1)(a) agus (2) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Ceart éisteachta – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

Teanga an cháis: an Ghearmáinis

Páirtithe

Iarratasóir: Schönegger Käse-Alm GmbH (Prem, an Ghearmáin) (ionadaí: M.-C. Seiler, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) (ionadaí: T. Klee, Gníomhaire)

Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Jumpseat3D plus Germany GmbH (Beirlín, an Ghearmáin)

Ábhar

Lena chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Eanáir 2023 (Cás R 295/2022-1).

An chuid oibríochtúil

Cuirtear ar neamhní an cinneadh ón gCéad Bhord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Eanáir 2023 (Cás R 295/2022-1) a mhéid ar cúlghaireadh an trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh ‘Rebell’ le haghaidh ‘táirgí déiríochta, go háirithe ime, ullmhóidí de bhun ime, im leáite, ola ime, cuarc, ullmhóidí de bhun cuairc, táirgí de bhun bainne, táirgí de bhun bainne comhdhlúite, bianna diaitéiteacha de bhun bainne agus táirgí déiríochta’.

Ordaítear do EUIPO na costais a íoc.

____________

 1     IO C 173, 15.5.2023.