Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Deichiú Dlísheomra) an 18 Eanáir 2024 (iarraidh ar réamhrialú ó Sąd Okręgowy w Warszawie – an Pholainn) – Hewlett Packard Development Company LP v Senetic S. A.

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-367/21 1 , Hewlett Packard Development Company)

(Tarchur chun réamhrialú – Saorghluaiseacht earraí – Airteagail 34 agus 36 CFAE – Maoin intleachtúil – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Rialachán (CE) Uimh. 207/2009 – Airteagal 13 – Rialachán (AE) 2017/1001 – Airteagal 15 – Ídiú na gceart a thugtar le trádmharc – Cur ar an margadh san Aontas nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE) – Toiliú dhílseánach an trádmhairc – Áit ina raibh táirgí curtha ar an margadh den chéad uair ag dílseánach an trádmhairc nó lena thoiliú – Dualgas cruthúnais)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Sąd Okręgowy w Warszawie

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Hewlett Packard Development Company LP

Cosantóir: Senetic S. A.

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 13(1) de Rialachán (AE) Uimh. 207/2009 ón gComhairle an 26 Feabhra 2009 maidir le trádmharc [an Aontais Eorpaigh], agus Airteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meitheamh 2017 maidir le trádmharc an Aontais Eorpaigh, arna léamh i gcomhar le hAirteagail 34 agus 36 CFAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar an gcaoi a thiteann dualgas cruthúnais ídithe an chirt, lena dtugtar le trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh, ar an gcosantóir sna himeachtaí um shárú amháin, más rud é go raibh na hearraí a bhfuil an marc sin orthu, agus nach bhfuil aon marcáil orthu lena gceadaítear do thríú páirtithe an príomh-mhargadh ina mbeartaítear iad a dhíol a shainaithint agus arb earraí iad a scaiptear trí ghréasán dáileacháin roghnaitheach agus nach féidir a chomhaltaí iad a athdhíol ach le comhaltaí eile den ghréasán dáileacháin sin nó le húsáideoirí deiridh amháin, ceannaíthe ag an gcosantóir sin san Aontas Eorpach nó sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), tar éis dóibh dearbhú a fháil ó na díoltóirí go gcuirfí iad ar an margadh go dleathach, agus go ndiúltaíonn dílseánach an trádmharc sin leanúint ar aghaidh leis an fíorú a dhéanamh ar iarraidh ón cheannaitheoir.

____________

1 IO C 391, 27.9.2021