Language of document :

Caingean arna tabhairt an 24 Meitheamh 2022 – Carmeuse Holding v an Coimisiún

(Cás T-385/22)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: Carmeuse Holding SRL (Brașov, an Rómáin) (ionadaithe: S. Olaru, R. Ionescu agus R. Savin, Dlíodóirí)

Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil bunús maith léi;

Cinneadh 2022/C 160/09 ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022, maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh athruithe ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Liotuáine, na hUngáire, na Rómáine, na Sloivéine, na Fionlainne agus na Sualainne, a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh1 , a chur ar neamhní, a mhéid a shocraítear líon mícheart lamháltais saor in aisce leis, atá le leithdháileadh ar shaoráidí Valea Mare Pravat agus Fieni an iarratasóra le haghaidh na mblianta 2021-2025 agus a mhéid a dhéantar laghdú leis orthu seo a leanas:

5,355 lamháltas saor in aisce do Carmeuse Holding SRL - saoráid Valea Mare Pravat, atá lonnaithe i Valea Mare Pravat, Contae Arges, an Rómáin, ID 55 i gClárlann an Aontais do gach ceann de na blianta 2021-2025;

4,569 lamháltas saor in aisce do Carmeuse Holding SRL – saoráid Fieni, atá lonnaithe i Fieni, Sráid Garii Uimh. 2, Contae Dambovita, an Rómáin, ID 56 i gClárlann an Aontais do gach ceann de na blianta 2021-2025;

a ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir sna himeachtaí reatha a íoc;

aon bheart eile mar is cuí ó thaobh ceartais de a ghlacadh.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca lena chaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí, lena n-éilítear earráid sa chinneadh atá faoi chonspóid maidir le ríomhadh líon na lamháltas astaíochtaí saor in aisce atá le leithdháileadh ar shaoráidí Carmeuse.

An dara saincheist dlí, lena n-éilítear sárú ag an gCoimisiún ar roinnt prionsabail bhunúsacha de dhlí an Aontais Eorpaigh agus an cinneadh atá faoi chonspóid á thabhairt aige, eadhon prionsabal an chomhionannais, prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus prionsabal an ionchais dhlisteanaigh agus cearta Carmeuse chun dea-riaracháin agus chun cosanta, a bhfuil sé mar thoradh air sin gur leithdháileadh níos lú lamháltais astaíochtaí saor in aisce do shaoráidí Carmeuse.

An tríú saincheist dlí, lena n-éilítear easpa bunúis leordhóthanaigh ag an gcinneadh atá faoi chonspóid maidir le líon na lamháltas astaíochtaí saor in aisce a leithdháiltear do shaoráidí Carmeuse, toisc nach sonraítear an próiseas cinnteoireachta ann, ná na cúiseanna gur diúltaíodh d’argóintí Carmeuse, agus nach bpléitear na cúiseanna ríthábhachtacha ann go bhforshuíonn an fhoirmle a chuireann an Coimisiún i bhfeidhm an reachtaíocht cheangailteach.

____________

1 Cinneadh ón gCoimisiún an 14 Feabhra 2022 maidir le treoir a thabhairt do Riarthóir Lárnach Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh athruithe ar tháblaí náisiúnta leithdháilte na Beilge, na Bulgáire, na Seicia, na Danmhairge, na Gearmáine, na hEastóine, na hÉireann, na Spáinne, na Fraince, na hIodáile, na Liotuáine, na hUngáire, na Rómáine, na Slóivéine, na Fionlainne agus na Sualainne a chur isteach i Loga Beartaíochta an Aontais Eorpaigh 2022/C 160/09 - C/2022/968 (IO 2022 C 160, lch. 27).