Language of document :

Eagrán sealadach

TUAIRIM AN ABHCÓIDE GHINEARÁLTA

EMILIOU

arna tabhairt an 18 Aibreán 2024 (1)

Cás C119/23

Virgilijus Valančius

v

Lietuvos Respublikos Vyriausybė,

páirtithe uamtha:

Lietuvos Respublikos Seimo kanceliarija,

Lietuvos Respublikos Prezidento kanceliarija,

Saulius Lukas Kalėda

(Iarraidh ar réamhrialú ó Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Vilnias, an Liotuáin))

(Tarchur chun réamhrialú – Nós imeachta náisiúnta maidir le roghnú iarrthóra lena cheapadh mar bhreitheamh de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh – Airteagal 19(2) CAE – Airteagal 254 CFAE – Ceanglas nach mbeidh neamhspleáchas an bhreithimh inchurtha in amhras – Neamhspleáchas breithiúnach – Grúpa saineolaithe neamhspleácha – Critéir roghnúcháin – Liosta rangaithe de na hiarrthóirí)






I.      Réamhrá

1.        Tá ceapachán bhreithiúna na Cúirte Ginearálta faoi rialú ag Airteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE. Foráiltear leis na forálacha sin – atá cuibheasach achomair ó thaobh faid agus foclaíochta de araon – inter alia, mar seo a leanas: ‘Ceapfaidh rialtais na mBallstát [na breithiúna] de thoil a chéile … tar éis dul i gcomhairle leis an bpainéal dá bhforáiltear in Airteagal 255’, agus ‘[r]oghnófar [iad] ó dhaoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu na cáilíochtaí is gá chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha faoi seach.’

2.        An bhfuil na prionsabail a leagtar amach sna forálacha sin infheidhme ar nósanna imeachta náisiúnta maidir le roghnú iarrthóirí lena moladh ag rialtais na mBallstát d’oifig breithimh de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh? Más amhlaidh go bhfuil, an bhfágann ceanglas an neamhspleáchais, a leagtar síos sna forálacha sin, go bhfuil oibleagáidí ar na Ballstáit maidir leis an gcaoi a n‑eagraíonn agus a reáchtálann siad nósanna imeachta dá leithéid? Go sonrach, an gcuirtear cosc le Dlí an Aontais ar Bhallstát, a bhfuil grúpa saineolaithe bunaithe aige chun iarrthóirí a mheasúnú agus chun liosta a chur le chéile lena rangaítear iad siúd a chomhlíonann ceanglais na hinniúlachta gairmiúla agus an neamhspleáchais, iarrthóir ón liosta sin a roghnú seachas an t‑iarrthóir atá sa chéad áit?

3.        Is iad sin, go bunúsach, na príomhcheisteanna a ardaítear sna himeachtaí seo.

II.    An dlí lena mbaineann

A.      Dlí an Aontais

4.        De bhun Airteagal 1 de Chinneadh 2010/124/AE ón gComhairle an 25 Feabhra 2010 maidir le rialacha oibriúcháin an phainéil dá bhforáiltear in Airteagal 255 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (2) (‘Coiste Airteagal 255’), leagtar amach na rialacha sin san iarscríbhinn a ghabhann leis an gcinneadh sin. Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht i míreanna 6 go 8 de na rialacha:

‘6.      Tarchur chuig an bpainéal agus iarraidh ar fhaisnéis bhreise

A luaithe a mholann Rialtas Ballstáit iarrthóir, cuirfidh Ardrúnaíocht na Comhairle an togra sin chuig Uachtarán an phainéil.

Féadfaidh an painéal a iarraidh ar an rialtas atá ag déanamh an togra faisnéis bhreise nó ábhar eile a mheasann an painéal a bheith riachtanach le haghaidh a phléití a sheoladh chuige.

7.      Éisteacht

Ach amháin i gcás ina mbainfidh togra le hathcheapadh Breithimh nó Abhcóide Ghinearálta, éistfidh an painéal an t‑iarrthóir; is go príobháideach a dhéanfar an éisteacht.

8.      Ráiteas ar chúiseanna atá leis an tuairim agus tíolacadh

Luafar na cúiseanna a bheidh leis an tuairim a thabharfaidh an painéal. Leagfar amach sa ráiteas ar chúiseanna na príomhfhorais ar a bhfuil tuairim an phainéil bunaithe.

Cuirfear tuairim an phainéil ar aghaidh chuig Ionadaithe Rialtais na mBallstát. …’
[Aistriúchán neamhoifigiúil]

B.      An dlí náisiúnta

5.        Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 52(3) de Lietuvos Respublikos Vyriausybės įstatymas (Dlí Phoblacht na Liotuáine maidir leis an Rialtas) an 19 Bealtaine 1994: (3)

‘Ainmneoidh an Rialtas iarrthóirí do bhreithiúna de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus de chuid Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh [‘an Chúirt Ghinearálta’] tar éis toiliú a fháil ó Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus tar éis dul i gcomhairle le Parlaimint na Liotuáine ar an modh dá bhforáiltear i Lietuvos Respublikos Seimo statutas [Reacht Pharlaimint Phoblacht na Liotuáine].’

6.        Foráiltear an méid seo a leanas i míreanna 2 go 4, 13, 15, 19, 21 agus 22 den Pretendento į Europos Sąjungos bendrojo teismo teisėjus atrankos tvarkos aprašas (Tuairisc ar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh iarrthóirí d’oifig breithimh [na Cúirte Ginearálta]), sa leagan is infheidhme maidir leis an díospóid sna príomhimeachtaí, arna glacadh le Foraithne Uimh. 1R-65 ó Aire Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine an 9 Márta 2021:

‘2.      Bunaítear an Mheitheal Roghnúcháin [‘an Mheitheal’] le hOrdú ó Phríomh-Aire Phoblacht na Liotuáine. Tá seachtar ar an Meitheal. Áirítear leis seo, Aire Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine (ceann na Meithle) agus ionadaí ó Pharlaimint Phoblacht na Liotuáine, ionadaí ó Uachtarán Phoblacht na Liotuáine, ionadaí ón gComhairle Bhreithiúnach, ionadaí ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Mykolas Romeris, ionadaí ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Vilnias agus ionadaí ó Dhámh an Dlí in Ollscoil Vytautas Magnus. Ceaptar oifigeach d’Aireacht Dlí agus Cirt Phoblacht na Liotuáine ina rúnaí ar an Meitheal.

3.      Cuireann an Mheitheal, ag féachaint do na sé chritéar maidir le roghnú iarrthóirí d’oifig breithimh na [Cúirte Ginearálta] a leagtar amach sna Conarthaí ar a bhfuil an tAontas fothaithe agus a shonraítear sa séú tuarascáil ar ghníomhaíochtaí de chuid [Choiste Airteagal 255] … an pobal ar an eolas maidir le tús an nós imeachta roghnúcháin trí bhíthin fógra a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na hAireachta Dlí agus Cirt, ina n‑iarrtar orthu siúd a chomhlíonann na critéir roghnúcháin sin comhad iarratais a chur isteach le haghaidh an nós imeachta roghnúcháin … .

4.      Socraíonn an Mheitheal sprioc-am de 10 lá oibre ar laghad chun iarrthóirí a n‑iarratais ar pháirt a ghlacadh sa nós imeachta roghnúcháin a chur faoi bhráid na hAireachta Dlí agus Cirt …

13.      Áirítear sa phróiseas roghnúcháin measúnú i dtaobh an gcomhlíonann iarrthóirí na critéir a leagtar amach i mír 3 den tuairisc, ar bhonn na ndoiciméad a chuir na hiarrthóirí isteach, agus agallamh roghnúcháin. …

15.      Ag an gcéim roghnúcháin, déantar measúnú ar iarrthóirí ar bhonn na sé chritéar atá leagtha amach i mír 3 den tuairisc: cumas dlíthiúil, taithí ghairmiúil, oiriúnacht do dhualgais bhreithiúnacha, scileanna teanga, cumas oibriú mar chuid d’fhoireann i dtimpeallacht idirnáisiúnta ina bhfuil ionadaíocht ar thraidisiúin dlí éagsúla, agus ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, cuibheas agus ionracas.

19.      Ag deireadh an phróisis roghnúcháin, tugann gach ball den Mheitheal marc idir 1 agus 10 don iarrthóir. Is pointe amháin an scór is ísle agus 10 bpointe an scór is airde. Suimítear le chéile na scóir aonair a thugann comhaltaí na Meithle. Leagtar amach an rangú i liosta a bhunaítear ar bhonn na dtorthaí a fhaightear. Ní mór gach iarrthóir a measann an Mheitheal ina leith go gcomhlíonann sé na critéir roghnúcháin lena cheapadh mar bhreitheamh de chuid [na Cúirte Ginearálta] a bheith ar an liosta, gan beann ar an líon pointí a fuar an t‑iarrthóir.

21.      Ag deireadh an nós imeachta roghnúcháin, cuireann ceann na Meithle dréachtreachtaíocht faoi bhráid Rialtas na Liotuáine maidir leis an iarrthóir do cheapachán mar bhreitheamh ag an [gCúirt Ghinearálta] is airde rangú a cheapadh, ina mbíonn miontuairiscí chruinniú na Meithle le hiarscríbhinn (an liosta rangaithe arna tharraingt suas ag an Meitheal ina léirítear líon na bpointí a fuair gach iarrthóir) agus curriculum vitae an iarrthóra is airde rangú.

22.      Is moladh é seo maidir leis an iarrthóir is airde rangú don phost mar bhreitheamh ag an [gCúirt Ghinearálta] agus is chuig Rialtas na Liotuáine a dhírítear é, Rialtas a mholann iarrthóir don phost mar bhreitheamh ag an [gCúirt Ghinearálta] i gcomhréir le Roinn 52(3) den Dlí maidir leis an Rialtas.’

III. Na fíorais, an nós imeachta agus na ceisteanna a tharchuirtear

A.      An próiseas roghnúcháin faoi chonspóid

7.        Ceapadh Virgilijus Valančius, an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí (‘an t‑iarratasóir’), i gcáil breithimh de chuid na Cúirte Ginearálta an 13 Aibreán 2016, tar éis do Rialtas na Liotuáine é a chur chun tosaigh mar iarrthóir. Chuaigh téarma oifige an iarratasóra in éag an 31 Lúnasa 2019, ach d’fhan sé i seilbh a oifige mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta tar éis an dáta sin, ar bhonn Airteagal 5 de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (‘an Reacht’). (4)

8.        Le cinneadh an 31 Iúil 2019, d’iarr Rialtas na Liotuáine ar Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus ar Pharlaimint na Liotuáine a dtoiliú a thabhairt d’iarrthóireacht Valančius do théarma oifige eile. Ós rud é gur theip ar an ainmniúchán sin, toisc nárbh fhéidir teacht ar chomhthoil idir na trí institiúidí náisiúnta lena mbaineann, foilsíodh i mí an Mhárta 2021 glaoch ar iarrthóireachtaí d’fhonn iarrthóir a cheapadh i gcáil breithimh de chuid na Cúirte Ginearálta. Ag an am céanna, bunaíodh an Mheitheal le foraithne ón bPríomh-Aire, agus rinneadh na rialacha faoina raibh an nós imeachta roghnúcháin le cur i gcrích a fhormheas le hordú ón Aire Dlí agus Cirt.

9.        An 10 Bealtaine 2021, rinne an Mheitheal measúnú ar na hiarrthóirí féideartha, agus d’aontaigh siad ar liosta d’ochtar ar fuarthas gur chomhlíon siad na critéir lena roghnú mar bhreitheamh, agus an liosta sin sórtáilte in ord íslitheach de réir scóir (‘an liosta fiúntais’). Sainaithníodh an t‑iarratasóir mar an t‑iarrthóir is oiriúnaí sa liosta fiúntais.

10.      An 11 Bealtaine 2021, mhol an Aireacht Dlí agus Cirt iarrthóireacht an iarratasóra do Rialtas na Liotuáine.

11.      An 6 Aibreán 2022, mhol Rialtas na Liotuáine go bhformheasfadh Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus Parlaimint na Liotuáine iarrthóireacht an duine a rangaíodh sa dara háit ar an liosta fiúntais a fhormheas. Le cinneadh an 4 Bealtaine 2022, agus an comhaontú a chuir Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus Uachtarán Pharlaimint na Liotuáine in iúl á chur san áireamh aige, mhol Rialtas na Liotuáine an duine sin mar iarrthóir d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta (‘an chéad chinneadh ceapacháin’).

12.      An 5 Iúil 2022, thug Coiste Airteagal 255 tuairim a bhí neamhfhabhrach don iarrthóir sin.       

13.      An 14 Meán Fómhair 2022, d’iarr Rialtas Phoblacht na Liotuáine go bhformheasfadh Uachtarán Phoblacht na Liotuáine agus Parlaimint na Liotuáine an togra maidir le hiarrthóireacht an duine sa tríú háit ar an liosta fiúntais d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta, Saulius Lukas Kalėda, a fhormheas. Tar éis fhormheas an dá institiúid a fháil, chinn Rialtas na Liotuáine an duine sin a mholadh mar iarrthóir (‘an dara cinneadh ceapacháin’). (5)

14.      Tar éis do Choiste Airteagal 255 tuairim fhabhrach a thabhairt, cheap ionadaithe rialtais na mBallstát Kalėda mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta an 15 Meán Fómhair 2023, agus cuireadh faoi mhionn é ag suí na Cúirte Ginearálta an 27 Meán Fómhair 2023, tráth ar tháinig deireadh le téarma an iarratasóra ina cháil mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta.

B.      Na príomhimeachtaí agus na himeachtaí os comhair na Cúirte Breithiúnais.

15.      An 18 Bealtaine 2022, thionscain an t‑iarratasóir caingean os comhair Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Vilnias, an Liotuáin) chun an chéad chinneadh ceapacháin a chur ar neamhní, ag iarraidh go háirithe go n‑ordófar do Rialtas na Liotuáine na nósanna imeachta maidir le comhairliúchán agus moladh iarrthóra le haghaidh oifig breithimh de chuid na Cúirte Ginearálta a athoscailt i gcomhréir leis na nósanna imeachta dá bhforáiltear leis an dlí, trí ainm an iarrthóra is airde rangú ag an Meitheal a chur isteach le haghaidh comhairliúcháin agus le haghaidh a mholta. Sa chomhthéacs sin, d’áitigh an t‑iarratasóir go raibh an nós imeachta náisiúnta maidir le roghnú iarrthóra don phost mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta (‘an nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist’), mar a cuireadh i gcrích é, ina shárú ar na prionsabail a eascraíonn as an tríú fomhír d’Airteagal 19(2) CAE agus as an dara fomhír d’Airteagal 254 CFAE. Ina dhiaidh sin, leathnaigh an t‑iarratasóir raon feidhme na caingne aige d’fhonn an dara cinneadh ceapacháin a chumhdach freisin. (6)

16.      Agus amhras uirthi faoi léiriú cuí na bhforálacha de dhlí an Aontais thuasluaite, chinn Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Réigiúnach Riaracháin Vilnias) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:

‘(1)      An léitear Airteagal 254 [CFAE] i gcomhar le hAirteagal 19(2) [CAE], lena bhforáiltear go roghnófar comhaltaí [na Cúirte Ginearálta] as daoine “nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú”, ar chaoi go gceanglaítear orthu iarrthóir atá le ceapadh chuig [an gCúirt Ghinearálta] a roghnú i mBallstát den Aontas Eorpach go heisiach ar bhonn ábaltacht proifisiúnta?

(2)      An bhfuil cleachtas náisiúnta, amhail an ceann atá i gceist sa chás seo, ina dtarlaíonn sé, d’fhonn trédhearcacht roghnaithe iarrthóra áirithe a áirithiú, go mbunaíonn Rialtas Ballstáit, atá freagrach as iarrthóir a mholadh lena cheapadh [i gcáil breithimh de chuid na Cúirte Ginearálta], grúpa saineolaithe neamhspleácha chun na hiarrthóirí a mheasúnú, grúpa a chuireann liosta rangaithe ar aghaidh, tar éis agallamh a chur ar na hiarrthóirí go léir, de na hiarrthóirí ar bhonn critéir roghnúcháin atá soiléir agus oibiachtúil a leagtar síos roimh ré agus, i gcomhréir leis na coinníollacha a fógraíodh roimh ré, a chuireann ar aghaidh chuig an Rialtas an t‑iarrthóir a bheidh ar an rang is airde ar bhonn a chumais agus a inniúlachta gairmiúla, ach go mbeartaíonn an Rialtas iarrthóir seachas an t‑iarrthóir atá sa chéad áit ar an liosta rangaithe a cheapadh mar bhreitheamh den Aontas Eorpach, ag luí leis an gceanglas nach mbeidh neamhspleáchas an bhreithimh inchurtha in amhras agus leis na ceanglais eile maidir le hoifig bhreithiúnach atá leagtha síos in Airteagal 254 [CFAE], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 19(2) [CAE], ag cur san áireamh go bhféadfadh tionchar a bheith ag breitheamh a ceapadh go neamhdhleathach ar chinntí [na Cúirte Ginearálta]?’

17.      Trí chinneadh ó Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 26 Meán Fómhair 2023, seoladh iarraidh ar fhaisnéis a fháil chuig an gcúirt a rinne an tarchur, inar iarradh uirthi a chur in iúl an raibh aon tionchar ag an bhfíoras gur ceapadh Kalėda mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta le cinneadh ó ionadaithe rialtais na mBallstát an 15 Meán Fómhair 2023 ar ábhar na bpríomhimeachtaí agus, más amhlaidh go raibh, ar mhian leis an gcúirt a hiarraidh ar réamhrialú a choimeád ar bun. Trí litir an 10 Deireadh Fómhair 2023, chuir an chúirt sin in iúl nach raibh aon tionchar ag an gceapachán ar ábhar na bpríomhimeachtaí agus go raibh sé beartaithe aici a tarchur chun réamhrialú a choimeád ar bun.

18.      Chuir an t‑iarratasóir, Rialtas na Seice, Rialtas na Liotuáine, Rialtas na hUngáire, Rialtas na hÍsiltíre, Rialtas na Polainne agus Rialtas na Sualainne agus an Coimisiún Eorpach barúlacha i scríbhinn isteach sna himeachtaí seo. Rinne an t‑iarratasóir, Rialtas na Seice, Éire, Rialtas na Liotuáine, Rialtas na Polainne, agus an Coimisiún pléadálacha ó bhéal a thabhairt freisin le linn na héisteachta an 16 Eanáir 2024.

IV.    Anailís

19.      Leis an dá cheist a tharchuireann sí, ar féidir iad a bhreithniú i dteannta a chéile, is éard a iarrann an chúirt a rinne an tarchur go bunúsach ná an gcuirtear cosc le hAirteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtas inar féidir le rialtas Ballstáit, a bhfuil grúpa saineolaithe neamhspleácha curtha ar bun aige chun na hiarrthóirí a bheidh le moladh d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta a mheasúnú agus chun liosta a chur le chéile lena rangaítear iad siúd a chomhlíonann ceanglais na hinniúlachta gairmiúla agus an neamhspleáchais a leagtar amach i gConartha an Aontais, iarrthóir ón liosta sin a roghnú seachas an t‑iarrthóir atá sa chéad áit.

20.      Sula ndéanfaidh mé measúnú ar bhunábhar na ceiste sin, scrúdóidh mé saincheisteanna nós imeachta ar réamh-shaincheisteanna atá iontu.

A.      Saincheisteanna nós imeachta: dlínse na Cúirte, inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú agus an gá atá le freagra a thabhairt

21.      Tá roinnt argóintí curtha chun cinn ag na rialtais Ballstát a chuir barúlacha i scríbhinn isteach ina ndíospóidtear dlínse na Cúirte agus/nó inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú agus/nó gá na Cúirte freagra a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuireann an chúirt a rinne an tarchur. Bíodh is gur chuir na páirtithe sin a gcuid argóintí i leith na dtrí cheisteanna sin le chéile go pointe, déanfaidh mé fós iad a scrúdú ceann ar cheann.

1.      Dlínse

22.      Ar an gcéad dul síos, bhí cuid de na rialtais den tuairim nach bhfuil dlínse ag an gCúirt na ceisteanna a tharchuirtear a fhreagairt. Is é a dtuairim siúd, ós rud é nach bhfuil an nós imeachta trína molann rialtas iarrthóir faoi rialú ach ag an dlí náisiúnta, nach bhfuil na forálacha de chuid an Aontais a bhfuil léiriú á lorg ina leith infheidhme sna príomhimeachtaí. Tarraingíonn cuid de na rialtais aird freisin ar chastacht an nós imeachta ceapacháin le haghaidh oifig breithimh na Cúirte Ginearálta, a dtagann deireadh leis nuair a ghlacann ionadaithe rialtais na mBallstát cinneadh de thoil a chéile, ar cinneadh é nach bhfuil faoi réir athbhreithniú dlíthiúlachta ag an gCúirt. Áitíonn siad, a fortiori, nach féidir aon dlínse a bheith ag an gCúirt chun breith a thabhairt ar dhlíthiúlacht na céime náisiúnta den nós imeachta casta sin.

23.      I ndáil leis sin, ba mhaith liom a chur in iúl, i dtosach báire, go mbaineann na ceisteanna a tharchuirtear le raon feidhme Airteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE, saincheist lena n‑éilítear léiriú ar na forálacha sin de dhlí príomha an Aontais agus, dá réir sin, saincheist a thagann go hiomlán faoi dhlínse na Cúirte faoi Airteagal 267 CFAE. (7)

24.      Ina theannta sin, thabharfainn chun cuimhne, de réir cásdlí socair, bíodh is go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoina n‑inniúlacht siúd, go bhfuil sé fós de cheangal ar na Ballstáit na hoibleagáidí sin acu a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu. D’fhéadfadh sé sin a bheith amhlaidh, go háirithe, maidir le rialacha náisiúnta a bhaineann le glacadh cinntí lena gceaptar breithiúna agus, i gcás inarb infheidhme, rialacha a bhaineann le hathbhreithniú breithiúnach i leith nósanna imeachta ceapacháin den sórt sin. (8) Feictear domsa, a fortiori, nach mór feidhm a bheith ag prionsabal den sórt sin maidir le rialacha náisiúnta a bhaineann le cinntí a ghlacadh, cinntí a bheartaítear a bheith mar chuid den phróiseas chun comhaltaí de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a cheapadh, mar a mhínítear níos déanaí.

25.      Ina theannta sin, nílim suite de go bhféadfar comparáid a dhéanamh idir an cás seo agus na cásanna inar chinn an Chúirt, de bhun Airteagal 263 CFAE, nach bhfuil dlínse aici athbhreithniú a dhéanamh ar bhailíocht gníomhartha arna nglacadh ag ionadaithe rialtais na mBallstát ag gníomhú dóibh, ní ina gcáil mar chomhaltaí den Chomhairle, ach mar ionadaithe dá rialtais, agus ar an gcaoi sin ag feidhmiú chumhachtaí na mBallstát i dteannta a chéile, faoi mar a tharlaíonn nuair a chinntear comhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a cheapadh. (9)

26.      Ní gníomhartha de chineál idir-rialtasach iad na cinntí faoi chonspóid, ach gníomhartha arna nglacadh ag údaráis na Liotuáine ar bhonn an dlí náisiúnta. B’fhéidir a rá, faoi mar a áitíonn rialtais áirithe, gurb éard atá sna gníomhartha sin ná réamhghníomhartha sa chiall go bhfuil siad ceaptha a bheith ina gcéim i nós imeachta casta arb é an toradh a bheidh air sa deireadh ná go nglacfar cinneadh de chineál idir-rialtasach. Ar a shon sin is uile, áfach, más rud é go bhféadfadh na cinntí faoi chonspóid – a bhfuil roinnt éifeachtaí dlíthiúla acu gan aon amhras – a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach faoin dlí náisiúnta, is léir go bhfuil easpa dlínse na Cúirte maidir le gníomh eile (an cinneadh ceapacháin arna ghlacadh ag ionadaithe rialtais na mBallstát) neamhábhartha do chinneadh maidir le hinniúlacht na Cúirte (ba chirte a rá, dualgas na Cúirte) chun ceisteanna dá dtagraítear faoi Airteagal 267 CFAE a fhreagairt, ar choinníoll go mbaineann siad le léiriú dhlí an Aontais.

2.      Inghlacthacht

27.      Ar an dara dul síos, d’áitigh cuid de na rialtais go bhfuil na ceisteanna a tharchuirtear do-ghlactha, a mhéid nach gá freagra a thabhairt ar na ceisteanna sin chun an díospóid atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur a réiteach. Tugtar dhá chúis leis an seasamh sin: (i) níl inniúlacht ag an gcúirt a rinne an tarchur an faoiseamh atá á lorg (urghaire i gcoinne an rialtais) a dheonú don iarratasóir ós rud é gurbh éard a bheadh i gceist leis sin ná feidhmiú shainchumais an rialtais maidir le cúrsaí beartais eachtraigh; agus, (ii) tá na ceisteanna hipitéiseach a mhéid a rinneadh an nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist – fiú ag glacadh leis go raibh forálacha an Aontais atá i gceist infheidhme – a chur i gcrích i gcomhréir leis na forálacha sin ar aon chuma.

28.      Ba cheart a lua, mar is léir ó chásdlí socair, gur faoin gcúirt náisiúnta ar os a comhair a tugadh an díospóid atá sé, agus nach mór di glacadh le freagracht as an gcinneadh breithiúnach atá le déanamh, measúnú a dhéanamh, i bhfianaise imthosca áirithe an cháis, ar an ngá atá le réamhrialú le bheith in ann a breithiúnas a thabhairt agus ar ábharthacht na gceisteanna a chuireann sí ar an gCúirt. Dá bhrí sin, i gcás ina mbaineann na ceisteanna a chuirtear isteach le léiriú ar riail de dhlí an Aontais, tá sé de cheangal ar an gCúirt, i bprionsabal, rialú a thabhairt. Dá bhrí sin, tá toimhde ábharthachta ag ceisteanna a bhaineann le dlí an Aontais. Ní féidir leis an gCúirt Bhreithiúnais diúltú rialú a dhéanamh ar cheist a tharchuireann cúirt náisiúnta chun réamhrialú ach amháin i gcás gur rífhollasach nach bhfuil baint ar bith ag an léiriú a iarrtar ar dhlí an Aontais Eorpaigh le fíorais iarbhír nó le cuspóir na díospóide sna príomhimeachtaí, i gcás gur fadhb de chineál hipitéiseach atá inti, nó i gcás nach bhfuil an fhaisnéis fhíorasach agus dhlíthiúil is gá chun freagra úsáideach a thabhairt ar na ceisteanna a chuirtear ar an gCúirt os a comhair. (10)

29.      Ní fheicimse aon ní arbh fhéidir leis an toimhde sin a fhrisnéis sa chás seo. Go deimhin, tá fíordhíospóid ann, atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur, inar bhraith an t‑iarratasóir ar fhorálacha de chuid an Aontais arb é a léiriú cuspóir na gceisteanna a tharchuirtear. (11) An amhlaidh go bhfuil na forálacha de chuid an Aontais a bhfuiltear ag brath orthu infheidhme sa díospóid sin agus, más amhlaidh go bhfuil, ar comhlíonadh iad; is saincheisteanna iad sin a bhaineann le substaint na gceisteanna a tharchuirtear agus, dá réir sin, ní féidir leo difear a dhéanamh d’inghlacthacht na gceisteanna sin. (12)

30.      Ná ní háititheach, dar liom, an argóint atá bunaithe ar an líomhain nach raibh cumhacht ag an gcúirt a rinne an tarchur chun athbhreithniú a dhéanamh ar na cinntí faoi chonspóid nó chun an cineál sonrach faoisimh atá á lorg aige a dheonú don iarratasóir. Tá sé seanbhunaithe nach mór ceisteanna maidir le léiriú ar dhlí an Aontais, arna dtarchur ag cúirt náisiúnta, a chinneadh i bhfianaise an chomhthéacs fhíorasaigh agus reachtaigh, comhthéacs ar faoin gcúirt sin é a shainiú agus nach ábhar don Chúirt é a chruinneas a chinneadh. (13) Saincheisteanna nach dtagann faoi raon feidhme dhlínse na Cúirte faoi Airteagal 267 CFAE is ea an bhfuil an t‑iarratas atá ar feitheamh os comhair na cúirte a rinne an tarchur inghlactha agus ar rinneadh an t‑ordú chun réamhrialú i gcomhréir leis na rialacha ábhartha lena rialaítear imeachtaí náisiúnta. (14)

31.      Ar an gcaoi chéanna, agus arís eile, saincheist nach faoin gCúirt é measúnú a dhéanamh uirthi is ea an bhfuil na prionsabail a eascraíonn as forálacha ábhartha dhlí an Aontais curtha i bhfeidhm i gceart ag na húdaráis náisiúnta inniúla sa nós imeachta náisiúnta faoi chonspóid. Chun críocha na n‑imeachtaí seo, is leor a chur in iúl go n‑easaontaíonn na páirtithe sna príomhimeachtaí ar an bpointe sin, agus gur iarr an chúirt a rinne an tarchur cúnamh na Cúirte d’fhonn rialú a thabhairt ina leith sin. Is leor é sin lena dhearbhú go bhfuil an tarchur chun réamhrialú inghlactha. I gcomhthéacs nós imeachta um réamhrialú, is é ról na Cúirte an léiriú ceart ar na forálacha de chuid Aontais atá i gceist a shoiléiriú, agus is é ról na cúirte a rinne an tarchur na forálacha sin, faoi mar a léiríodh iad, a chur i bhfeidhm ar imthosca áirithe an cháis, (15) ag baint gach iarmhairt is iomchuí as aon sárú a d’fhéadfadh a bheith ann ar na forálacha sin. (16)

3.      An gá atá le freagra a thabhairt

32.      Ar an tríú dul síos, áitíonn cuid de na rialtais, ós rud é go bhfuil Kalėda dulta i mbun oifige idir an dá linn, go bhfuil a gcuspóir caillte ag na príomhimeachtaí, rud a thugann le tuiscint nach gá na ceisteanna a tharchuirtear a fhreagairt. Tá siad den tuairim, fiú dá mba rud é gur sháraigh an nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist cearta an iarratasóra (quod non), nach bhféadfaí an faoiseamh atá á lorg aige a dheonú a thuilleadh: ní dhéanfadh cinneadh na cúirte a rinne an tarchur difear do bhailíocht chinneadh ionadaithe rialtais na mBallstát Kalėda a cheapadh mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta.

33.      I ndáil leis sin, agus maidir leis an nós imeachta um réamhrialú, ní mór a mheabhrú go nglactar leis, inter alia, go mbíonn cás ar feitheamh os comhair cúirte náisiúnta, cás ina n‑iarrtar ar an gcúirt sin breith a thabhairt ar féidir léi an réamhrialú a chur san áireamh inti. (17)

34.      Sa chás seo, aontaím leis na rialtais sin nach mbeadh aon tionchar díreach ann ar bhailíocht chinneadh ionadaithe rialtais na mBallstát Kalėda a cheapadh mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta, fiú dá gcuirfeadh an chúirt a rinne an tarchur na cinntí faoi chonspóid ar neamhní. Sa chomhthéacs sin, ba mhaith liom a thabhairt faoi deara go bhfuil an chuma ar an scéal go bhfuil na páirtithe uile ar aon intinn go gcomhlíonann Kalėda na ceanglais a leagtar amach sna Conarthaí. Ar an gcaoi chéanna, maidir le hiarraidh an iarratasóra chuig an gcúirt a rinne an tarchur go n‑osclóidh sí an nós imeachta maidir le roghnú iarrthóra d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta, dealraíonn sé go bhfuil sí gan aon chuspóir anois a mhéid nach bhfuil an post ar tharla an nós imeachta ina leith ar fáil a thuilleadh.

35.      Sa chomhthéacs sin, b’fhiú a rá freisin, ar mhaithe le hiomláine, gur cúram de chuid ionadaithe rialtais na mBallstát é an fíorú deiridh i dtaobh an gcomhlíonann iarrthóir áirithe ceanglais na hinniúlachta agus an neamhspleáchais a leagtar amach sna Conarthaí, agus nach féidir an measúnú sin a bheith faoi réir athbhreithniú breithiúnach ag Cúirteanna an Aontais ná ag na cúirteanna náisiúnta. A luaithe a cheapfar é nó í, ní féidir a oifig nó a hoifig a bhaint de chomhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh go huathoibríoch, mar thoradh ar earráid (líomhnaithe nó iarbhír) a rinneadh le linn an phróisis roghnúcháin ag an leibhéal náisiúnta. Bheadh sé sin ag teacht salach ar an bprionsabal nach féidir breithiúna a chur as oifig. (18)

36.      Ní chiallaíonn sé sin, áfach, nach féidir earráidí a dhéantar sa phróiseas ceapacháin a leigheas. Foráiltear mar seo a leanas le hAirteagal 6 den Reacht ‘[n]í fhéadfar a oifig ná a cheart chun pinsin nó sochar eile ina ionad sin a bhaint de Bhreitheamh, ach amháin más rud é, i dtuairim d’aon toil Bhreithiúna agus Abhcóidí Ginearálta na Cúirte Breithiúnais, nach bhfuil coinníollacha riachtanacha a oifige á chomhlíonadh ná na hoibleagáidí a ghabhann léi á bhfreastal aige a thuilleadh. … Más comhalta den Chúirt Ghinearálta nó de chúirt speisialaithe an duine lena mbaineann, tabharfaidh an Chúirt Bhreithiúnais breith tar éis dul i gcomhairle leis an gcúirt lena mbaineann’. (19)

37.      Dá dtiocfadh aon rud chun cinn, tar éis ceapachán breithimh, a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh i dtaobh an ndearnadh meastóireacht ionadaithe rialtais na mBallstát ar bhonn faisnéis a bhí iomlán, ceart agus dílis, leanann as an bhforáil sin go bhféadfadh an Chúirt an cheist sin a imscrúdú agus, dá mb’iomchuí, cinneadh a dhéanamh tús a chur leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 6 den Reacht. B’fhéidir sin a bheith amhlaidh, mar shampla, i gcás ina gcuireann iarrthóir faisnéis mhíthreorach agus/nó doiciméid fhalsaithe ar fáil go comhfhiosach do na húdaráis náisiúnta inniúla nó do Choiste Airteagal 255. (20)

38.      Maidir le saincheart na Cúirte chun grinnscrúdú a dhéanamh, tar éis an cheapacháin, ar shaincheisteanna den sórt sin, is den tábhacht é freisin a thabhairt faoi deara gur oibleagáid atá ann, ní cumhachtaí lánroghnacha leathana. Mar atá ráite go seasta ag an gCúirt, lena n‑áirítear in Simpson (cás a bhain le hearráid i bpróiseas ceapacháin maidir le breitheamh de chuid an Bhinse um Sheirbhís Shibhialta an Aontais Eorpaigh, mar a bhí ann ag an am), leanann sé ón gceart bunúsach chun binse neamhspleách neamhchlaon arna bhunú roimh ré le dlí, a chumhdaítear le hAirteagal 47 den Chairt, ‘go bhfuil sé d’oibleagáid ar gach cúirt a sheiceáil an binse é, mar atá sí comhdhéanta, a bhfuil amhras tromchúiseach ann ina taobh maidir leis an bpointe sin. Tá an tseiceáil sin riachtanach don mhuinín nach mór do chúirteanna i sochaí dhaonlathach a spreagadh iontu siúd atá faoi réir a ndlínse. Dá bhrí sin, is ceanglas riachtanach nós imeachta é seiceáil den sórt sin, ar ceanglas é a mbaineann a chomhlíonadh leis an mbeartas poiblí agus nach mór don chúirt é a fhíorú as a stuaim féin’. (21)

39.      D’ainneoin an mhéid thuas, ní léir dom go bhfuil a chuspóir ag an díospóid faoi shaincheist. Go deimhin, nuair a cheistigh an Chúirt Bhreithiúnas í ina leith sin, shonraigh an chúirt a rinne an tarchur go raibh an cás sna príomhimeachtaí fós ar feitheamh, agus gur mheas sí nár ghá an tarchur faoi Airteagal 267 CFAE a tharraingt siar ós rud é go raibh gá fós le freagra ar na ceisteanna sin chun breithniú a dhéanamh sa díospóid. (22) Ina theannta sin, dúirt an t‑iarratasóir le linn na héisteachta — gan Rialtas na Liotuáine a chur ina aghaidh — go mbeadh sé in ann, a luaithe a chuirfear tús arís leis an nós imeachta tar éis an bhaic ar imeachtaí a d’ordaigh an chúirt a rinne an tarchur faoi Airteagal 267 CFAE, an cineál ordaithe atá á lorg a leasú trí bhíthin, mar shampla, breithiúnas dearbhaitheach a iarraidh, rud a d’fhéadfadh sásamh a thabhairt dó mar shórt cúitimh, nó trí damáistí airgid a lorg.

40.      Dá bhrí sin, agus an fhaisnéis a chuir an chúirt a rinne an tarchur agus na páirtithe sna príomhimeachtaí araon ar fáil á cur san áireamh, táim den tuairim go bhfuil gá fós, ag an gcúirt a rinne an tarchur, le freagra ar na ceisteanna a tharchuirtear d’fhonn an díospóid atá ar feitheamh os a comhair a réiteach.

B.      Substaint

41.      Tá an próiseas agus na ceanglais maidir le ceapachán breithiúna de chuid na Cúirte Ginearálta faoi rialú ag Airteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE. Maidir le breithiúna na Cúirte Ginearálta, luaitear sna forálacha sin, ar cosúil iad ó thaobh foclaíochta de, go háirithe, go: (i) ‘[r]oghnófar iad as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras agus a bhfuil acu an ábaltacht is gá chun feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú’, agus (ii) go ‘[gc]eapfaidh rialtais na mBallstát [iad] de thoil a chéile’, tar éis dul i gcomhairle le Coiste Airteagal 255.

42.      Is í an chéad saincheist, ar saincheist í atá i gcroílár an cháis seo, ná an gcuireann an ceanglas, faoi na forálacha sin, go roghnófar breithiúna na Cúirte Ginearálta as measc daoine nach bhfuil a neamhspleáchas inchurtha in amhras (‘ceanglas an neamhspleáchais’) aon oibleagáid ar na Ballstáit ó thaobh nós imeachta de maidir le roghnú iarrthóirí lena moladh le haghaidh postanna dá leithéid.

43.      Tuairim dhiúltach ina leith sin a léirigh formhór na rialtas a chuir barúlacha isteach. Áitíonn siad go láidir go mbaineann Airteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE leis an nós imeachta trína gceaptar iarrthóirí mar bhreithiúna, is é sin an nós imeachta a tharlaíonn tar éis do Bhallstát iarrthóir a mholadh. Os a choinne sin, níl aon riail shonrach sna forálacha sin maidir leis an gcaoi a roghnóidh na Ballstáit na hiarrthóirí. Dá réir sin, áitíonn na rialtais sin go dtagann an nós imeachta maidir le roghnú iarrthóirí faoi inniúlacht eisiach na mBallstát, a bhfuil rogha gan bhac acu ina leith sin.

44.       Sna chéad leathanaigh eile, míneoidh mé cén fáth nach dtagaim leis an tuairim sin. Sula rachaidh mé i ngleic leis na hargóintí sin, áfach, ní miste cúpla focal a rá i dtosach maidir le coincheap ‘an neamhspleáchais bhreithiúnaigh’, agus a bhfuil i gceist leis i gcásanna amhail an cás faoi shaincheist sna príomhimeachtaí.

1.      Coincheap amháin den neamhspleáchas breithiúnach

45.      Tá sé ráite go seasta ag an gCúirt gur léiriú nithiúil ar bhunluach an smachta reachta faoi Airteagal 2 CAE atá in Airteagal 19 CAE, (23) lena gcuirtear de chúram ar Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus ar na cúirteanna náisiúnta athbhreithniú breithiúnach a áirithiú i ndlíchóras an Aontais. (24) Cuid de ‘bhunús an smachta reachta’ a thug an Chúirt ar an gceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil ag binse neamhspleách, (25) ceart a chumhdaítear anois in Airteagal 47 den Chairt. Chinn an Chúirt freisin gur de dhlúth is d’inneach chúram an bhreithnithe é ráthaíocht an neamhspleáchais — a bhfuil dhá ghné ag baint leis, neamhspleáchas stricto sensu agus neamhchlaontacht (26) — agus, dá bhrí sin, go n‑éilítear é ag leibhéal na mBallstát (maidir le comhaltaí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh), agus ag leibhéal na mBallstát (maidir le comhaltaí na gcúirteanna náisiúnta a fhéadfaidh breith a thabhairt ar cheisteanna a bhaineann le cur i bhfeidhm nó léiriú dhlí an Aontais). (27)

46.      Ina theannta sin, tá sé curtha in iúl go soiléir ag an gCúirt, go nglactar leis i gcás ráthaíocht an neamhspleáchais gur ann do rialacha lena rialaítear riar an cheartais, ar chuma a ruaigeann aon amhras réasúnach in intinn daoine aonair maidir le comhlacht breithiúnach a bheith beag beann ar thosca seachtracha agus an comhlacht sin a bheith neodrach maidir leis na leasanna atá os a chomhair. (28)

47.      Go sonrach, leanann sé ón gcásdlí comhsheasmhach nach mór dhá shraith rialacha a bheith ann. Tá sé d’aidhm ag sraith amháin rialacha – nár mhiste rialacha de chineál ex ante a thabhairt orthu – a áirithiú nach gceapfar ach daoine atá neamhspleách agus a bhfuil an chuma orthu go bhfuil siad neamhspleách. Áirítear ar na rialacha sin na coinníollacha substainteacha agus na rialacha nós imeachta lena rialaítear glacadh cinntí ceapacháin. (29) Is é is aidhm do shraith eile rialacha – nár mhiste rialacha de chineál ex post a thabhairt orthu – a áirithiú go ndéanfaidh daoine a cheapfar mar bhreithiúna a gcuid feidhmeanna breithiúnacha a fheidhmiú ar shlí nach féidir aon amhras, a bhfuil údar oibiachtúil leis, a theacht chun cinn maidir lena neamhspleáchas. Cuimsíonn na rialacha sin, inter alia, na rialacha sin lena leagtar amach forais le staonadh, le comhaltaí den bhreithiúnacht a dhiúltú agus a bhriseadh as a bpost, (30) agus gnéithe eile de ghníomhaíocht na mbreithiúna. (31)

48.      Dá bhrí sin, leanann expressis verbis ón gcásdlí thuasluaite nach bhfuil ach coincheap amháin den ‘neamhspleáchas breithiúnach’ i ndlí an Aontais, (32) coincheap a bhfuil feidhm chothrom aige maidir le Cúirteanna an Aontais agus na cúirteanna náisiúnta. Chuige sin, caithfidh rialacha a bheith ag na córais dlí faoi seach lena rialaítear, inter alia, ceapachán breithiúna, ar rialacha iad a thagann ón reachtas (33) agus a leagtar amach ar bhealach atá soiléir, beacht agus cuimsitheach go leor (34) chun neamhspleáchas iarbhír agus dealraitheach na mbreithiúna a chaomhnú. (35)

49.       Tar éis an méid thuas a shoiléiriú, is í an chéad saincheist eile ba cheart a mheas an féidir na prionsabail a léirítear thuas a chur i bhfeidhm i gcás amhail an cás faoi shaincheist sna príomhimeachtaí, agus, más féidir, conas is féidir iad a chur i bhfeidhm.

2.      An nós imeachta maidir le roghnú iarrthóirí d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta

50.      Ag an bpointe seo, ní mór dom filleadh ar na hagóidí, dá dtagraítear i mír 43 thuas, a d’ardaigh cuid de na rialtais maidir le hinfheidhmeacht na bprionsabal a eascraíonn as Airteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE maidir leis an nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist.

51.      Admhaítear nach mbaineann, astu féin, an nós imeachta sin ná na cinntí a ghlac Rialtas na Liotuáine ag a dheireadh, le ceapachán breithimh, ós rud é nach mbíonn mar thoradh orthu sa deireadh ach roghnú iarrthóra don oifig sin. Mar sin féin, níl aon tábhacht ag baint leis an ngné sin sa chomhthéacs seo, dar liomsa. Go deimhin, taibhsítear dom go bhfuil na hargóintí a chuir cuid de na rialtais chun cinn ina leith sin thar a bheith foirmiúlaíoch.

52.      Codanna dílse den phróiseas foriomlán a gceaptar breithiúna na Cúirte Ginearálta ag a dheireadh is ea nósanna imeachta náisiúnta maidir le roghnú iarrthóirí agus na cinntí lena dtugtar na nósanna imeachta sin i gcrích. Tá trí chéim ar leith sa phróiseas sin: ceann ag an leibhéal náisiúnta (chun an t‑iarrthóir a roghnú), ceann ag leibhéal na mBallstát (roimh Choiste Airteagal 255 (36)), agus ceann ag leibhéal idir-rialtasach (nuair a ghlacann ionadaithe rialtais na mBallstát cinneadh).

53.      Céim riachtanach den phróiseas is ea gach ceann de na trí chéim sin. Go háirithe, ní féidir le hionadaithe rialtais na mBallstát cinneadh a dhéanamh maidir le comhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a cheapadh mura bhfuil togra foirmiúil chun na críche sin curtha chun cinn ag an rialtas náisiúnta (agus gur chuir Coiste Airteagal 255 an duine i dtrácht faoi agallamh).

54.      Níl aon amhras, i mo thuairim, ach go bhfuil saoirse mhór ag na Ballstáit — i bhfianaise thost na gConarthaí ar an bpointe seo — maidir leis an gcaoi a n‑eagraítear, a struchtúraítear agus a reáchtáiltear an nós imeachta chun a gcuid iarrthóirí a roghnú. Is féidir leo nós imeachta caighdeánach a chur i bhfeidhm a bheidh infheidhme i gcás ceapachán den chineál céanna nó, os a choinne sin, dul i muinín nós imeachta ad hoc gach aon uair. Féadfaidh na nósanna imeachta sin a bheith cuibheasach simplí, nó féadfaidh céimeanna éagsúla nós imeachta a bheith iontu, mar shampla trí rannpháirt a thabhairt d’institiúidí agus/nó do chomhlachtaí éagsúla sa phróiseas roghnúcháin.

55.      I ndáil leis sin, táim den tuairim go bhfuil an cur chuige a lean Coiste Airteagal 255 réasúnta, a chuir in iúl gur gné a chuirtear san áireamh go dearfach agus oiriúnacht iarrthóra á measúnú go bhfuil ‘nós imeachta roghnúcháin náisiúnta oscailte, trédhearcach agus dian’ ann; cé nach féidir le heaspa nós imeachta den sórt sin ann féin a bheith ina fhorais chun a mheas iarrthóir a bheith mí-oiriúnach don oifig. (37)

56.      I ndáil leis sin, b’fhéidir gur fiú a mheabhrú, mar atá ráite go seasta ag an gCúirt, nach gceanglaítear ar na Ballstáit le haon fhoráil de dhlí an Aontais (lena n‑áirítear Airteagail 2 agus 19 CAE) samhail bhunreachtúil faoi leith a ghlacadh lena rialófar an caidreamh agus an idirghníomhaíocht idir brainsí éagsúla an Stáit, go háirithe maidir le sainiú agus teorannú a gcuid inniúlachtaí. (38) Ina theannta sin, chinn an Chúirt freisin, mar is léir ó Airteagal 4(2) CAE, go n‑urramaíonn an tAontas Eorpach féiniúlachtaí náisiúnta na mBallstát, atá ina cuid dhílis dá struchtúir bhunúsacha idir pholaitiúil agus bhunreachtúil, rud a thugann le tuiscint go bhfuil rogha go pointe áirithe ag na Stáit sin maidir le cur chun feidhme phrionsabail an smachta reachta. (39)

57.      Dá bhrí sin, maidir le ceapachán breithiúna náisiúnta, chinn an Chúirt, i bprionsabal, más amhlaidh gur foráladh le reachtaíocht náisiúnta go nglacfadh an tUachtarán, (40) an Príomh-Aire (41) nó comhlachtaí reachtacha (42) an Stáit na cinntí i dtrácht, nó go nglacfaí na cinntí sin tar éis dul i gcomhairle leo, nach rud é sin, per se, a d’fhéadfadh amhras a chaitheamh ar neamhspleáchas na mbreithiúna i leith na n‑institiúidí sin. Rialaigh an Chúirt freisin gur féidir gur fearr de an próiseas ó thaobh na hoibiachtúlachta de má bhíonn comhlachtaí comhairleacha rannpháirteach ann, mar shampla iad sin atá comhdhéanta de bhreithiúna eile, ar choinníoll go bhfuil na comhlachtaí sin neamhspleách go leor iad féin, toisc go ndéantar teorannú ar an tslí sin ar an tsaoirse atá ar fáil do na hinstitiúidí eile atá rannpháirteach sa phróiseas. Mar sin féin, ní féidir a mheas go bhfuil rannpháirtíocht na gcomhlachtaí sin riachtanach. (43) Ní fadhb per se ach an oiread é go bhfuil rogha áirithe ag an institiúid a bhfuil an chumhacht chinnteoireachta aici maidir le roghnú na n‑iarrthóirí a bheidh le ceapadh. (44)

58.      Ina dhiaidh sin is uile, tá sé curtha in iúl go soiléir agus go seasta ag an gCúirt nach ndéanann an scóip fhairsing atá ag na Ballstáit chun an gaol idir cumhachtaí poiblí a struchtúrú, chun a struchtúr breithiúnach féin a shainiú ná — ar deireadh — chun próiseas ceapacháin maidir le breithiúna náisiúnta a rialáil, nach ndéanann sé na Ballstáit a scaoileadh ó chomhlíonadh dhlí an Aontais. Go háirithe, éilítear ar na Ballstáit an ceanglas go mbeidh na cúirteanna neamhspleách a chomhlíonadh, ceanglas a eascraíonn as Airteagail 2 agus 19 CAE. (45) Go deimhin, mar a chuirtear in iúl i mír 24 thuas, leanann as cásdlí socair, bíodh is go dtagann eagrú an cheartais sna Ballstáit faoina n‑inniúlacht siúd, go bhfuil sé fós de cheangal ar na Ballstáit na hoibleagáidí sin acu a eascraíonn as dlí an Aontais a chomhlíonadh agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu.

59.      Ní mór na prionsabail sin a bheith infheidhme ar an bpróiseas maidir le breithiúna de chuid na Cúirte Ginearálta a cheapadh, agus ar ach ceann dá trí chéim. Dealraíonn sé, i mo thuairim, gur míréasúnta an mhaise agus gur cur i gcéill a áitiú gur cheart a mheas gur ‘limistéar saor ó dhlí an Aontais’ é an chéad chéim den phróiseas sin, d’ainneoin a shaintréithe agus an ról cinntitheach a bhíonn ag an gcinneadh a dhéantar ag a dheireadh. (46) Go deimhin, ní haon timpiste é gur minic a thagair an Chúirt, ina cásdlí maidir leis an neamhspleáchas breithiúnach, do phróiseas cheapachán na mbreithiúna, (47) próiseas a dtuigim as go gcuimsíonn sé na céimeanna nós imeachta éagsúla go léir a mbíonn ceapachán foirmiúil breithiúna mar thoradh orthu.

60.      Ar an taobh eile, áfach, is léir dom freisin nach féidir gach céim a mheas ina haonar: is é an rud is tábhachtaí i ndáiríre ná conas is féidir go mbeadh dearcadh oibiachtúil ag an bpobal ar an bpróiseas foriomlán, arna chomhdhéanamh de na céimeanna éagsúla. (48)

61.      I bhfianaise an mhéid sin, is é mo thuairim nach féidir a mheas go bhfuil dlí an Aontais á chomhlíonadh ag Ballstát más rud é go bhféadfadh an nós imeachta náisiúnta maidir le roghnú iarrthóirí do phost mar chomhalta de Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, mar a cheap ag an reachtas náisiúnta é nó go fiú mar a chuir na húdaráis inniúla i bhfeidhm i gcleachtas é, (49) an bonn a bhaint d’ionracas phróiseas foriomlán an cheapacháin agus, dá dheasca sin, de thoradh an phróisis sin. (50) Is amhlaidh atá más rud é, d’ainneoin forálacha de chuid an Aontais a bheith ann lena rialaítear, ar thaobh amháin, an dá chéim eile den phróiseas ceapacháin (51) agus, ar an taobh eile, gnéithe eile den ghníomhaíocht bhreithiúnach chun a áirithiú go ndéanfar í saor ó aon tionchar seachtrach, (52) go bhféadfadh an nós imeachta maidir le roghnú iarrthóirí a bheith mar bhun le hamhras, a bhfuil bonn cirt leis, maidir le neamhspleáchas an duine a roghnaíodh.

62.      Chun roinnt samplaí foircneacha a thabhairt: is amhlaidh a bheadh, mar shampla, i gcás glao ar iarratais ina liostaítear ceangal nó baint le páirtí polaitiúil ar leith mar cheanglas nach mór d’iarrthóirí a chomhlíonadh, nó i gcás cinneadh chun iarrthóir a roghnú ar iarrthóir é nó í a dhearbhaigh go hoscailte (don phreas, os comhair comhlacht poiblí nó coiste, agus mar sin de) go ngníomhódh sé nó sí ar mhaithe lena Stát baile, nó de réir mar a threoródh an institiúid a roghnaigh é nó í.

63.      Mar sin, ní féidir liom aontú ach an oiread leis an argóint a chuir cuid de na rialtais chun cinn, eadhon gur cúram do Choiste Airteagal 255 amháin an cinneadh i dtaobh an gcomhlíonann iarrthóir ar leith na ceanglais a leagtar amach sna Conarthaí.

64.      Ní gá a rá go bhfuil sé i gceist go mbeidh ról ríthábhachtach ag Coiste Airteagal 255 chuige sin. Is ionann fíorú oiriúnacht ‘na n-iarrthóirí chun dualgais Breithimh agus Abhcóide Ghinearálta na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Ginearálta a chomhlíonadh’ agus raison d’être an choiste sin. Tá sé soiléir go leor freisin, i mo thuairim, go bhfuil bunú Choiste Airteagal 255 – a bhféadfar a fhréamhacha a rianú siar go dtí an ‘coiste comhairleach’ a shamhlaítear i dTuarascáil Dlite Eanáir 2000 (53) mar a thugtar air agus sa Tuarascáil Deiridh maidir le Ciorcal Díospóireachta ar an gCúirt Bhreithiúnais, Márta 2003 (54) – níorbh éard a bhí i gceist leis ná cleachtadh pro forma simplí a léiriú, ach an caighdeán a ardú do na Ballstáit. (55)

65.      Dá ainneoin sin, níl i gCoiste Airteagal 255 ach comhlacht comhairleach a thugann tuairim neamhcheangailteach ar an ábhar. Ní féidir a ról a fhorléiriú mar ról an chomhlachta amháin a bhfuil sé de chúram air inniúlacht ghairmiúil agus neamhspleáchas na n-iarrthóirí a fhíorú. Ar na cúiseanna atá luaite thuas, is é mo thuairim gur faoi na gníomhaithe institiúideacha uile a bhfuil baint acu leis an bpróiseas (na húdaráis náisiúnta, Coiste Airteagal 255, agus ionadaithe rialtais na mBallstát), ag gníomhú dóibh go léir laistigh dá réimse inniúlachta agus ag an gcéim ábhartha den phróiseas, a áirithiú go gcomhlíonfar na ceanglais sin.

66.      Dá bhrí sin, is i bhfianaise na bprionsabal thuas a thabharfaidh mé aghaidh anois ar na ceisteanna a tharchuireann Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Réigiúnach Vilnias), mar a leagadh amach i mír 19 thuas iad.

3.      An próiseas roghnúcháin faoi shaincheist

67.      Leanann sé ó na breithnithe thuas gurb amhlaidh, d’fhonn na saincheisteanna a thagann chun cinn sa chás seo a réiteach, gurb í an phríomhcheist ná an bhfuil an nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist, mar a cheap údaráis na Liotuáine é agus/nó mar a chuireann siad i bhfeidhm é, de chineál a d’fhéadfadh an bonn a bhaint d’ionracas phróiseas ceapacháin bhreitheamh na Cúirte Ginearálta i dtrácht.

68.      I bprionsabal, is faoin gcúirt a rinne an tarchur é an measúnú sin a dhéanamh, i bhfianaise na n‑imthosca ábhartha uile. Mar sin féin, d’fhonn cabhrú leis an gcúirt sin, déarfaidh mé nach bhfeicim aon ghné dhlíthiúil ná aon ghné fhíorasach, de chineál sistéamach nó imthoisceach, (56) as féin nó á scrúdú in éineacht le gnéithe eile, (57) a d’fhéadfadh a bheith mar bhun le hamhras, a bhfuil údar oibiachtúil leis, in aigne daoine aonair, maidir le neamhspleáchas an iarrthóra a mhol Rialtas na Liotuáine d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta.

69.      Ar an gcéad dul síos, taibhsítear dom gur den tábhacht é a rá go láidir – ón tús – maidir leis an liosta rangaithe a chuir an Mheitheal ar fáil, gur mheas an comhlacht sin gur chomhlíon an uile dhuine a áiríodh ar an liosta sin ceanglais na hinniúlachta agus an neamhspleáchais a leagtar amach i gConarthaí an Aontais. (58) Thairis sin, mar a luadh thuas, tuigtear dom nár léiríodh aon amhras sna príomhimeachtaí i dtaobh ar chomhlíon Kalėda na ceanglais sin dáiríre.

70.      Ar an dara dul síos, tuigtear dom freisin, sa nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist, nach amhlaidh ar aon chor go ndearna Rialtas na Liotuáine neamhaird ar an gcreat dlíthiúil a bhí leagtha síos aige féin agus a raibh sé de cheangal air é a chomhlíonadh.  (59) Go háirithe, de réir an dlí náisiúnta is infheidhme, is cosúil gur comhlacht comhairleach í an Mheitheal agus is cosúil nach mbíonn an moladh a dhéanann sé maidir le ceapachán an iarrthóra is airde rangú ina cheangal ar rialtas na Liotuáine.

71.      Ar an tríú dul síos, ní cheanglaítear ar rialtais le haon fhoráil de dhlí an Aontais, lena n‑áirítear Airteagail 19 agus 254 CFAE, an t‑iarrthóir ‘is oiriúnaí’, dar leo, a mholadh don oifig. Maidir le breitheamh de chuid na Cúirte Ginearálta a cheapadh, ní cheanglaítear le Conarthaí an Aontais ar iarrthóirí ach an dá cheanglas maidir le hinniúlacht agus neamhspleáchas a leagtar amach iontu a chomhlíonadh. Ar choinníoll go measann an rialtas i dtrácht go gcomhlíonann iarrthóirí éagsúla na ceanglais sin, tá sé de rogha aige an iarrthóir is rogha leis a mholadh.

72.      I ndáil leis sin, ba mhaith liom a rá freisin gur cinnte nach bhfuil cosc ar rialtais critéir roghnúcháin bhreise a úsáid agus iarrthóirí á roghnú acu, ar choinníoll go bhfuil na critéir sin ag luí leis na critéir maidir le hinniúlacht agus neamhspleáchas mar a leagtar amach sna Conarthaí iad. Mar shampla, ní dóigh liom go bhfuil aon fhadhb leis gur mhian le rialtas an chothromaíocht inscne nó an chothromaíocht gheografach a chur san áireamh freisin. (60) Ar an gcaoi chéanna, tá mé den tuairim go bhfuil na critéir a leagtar síos i reachtaíocht ábhartha na Liotuáine (inniúlacht dhlíthiúil, taithí ghairmiúil, oiriúnacht do dhualgais bhreithiúnacha, scileanna teanga, cumas oibriú mar chuid d’fhoireann i dtimpeallacht idirnáisiúnta ina bhfuil ionadaíocht ar thraidisiúin dlí éagsúla, agus ráthaíochtaí maidir le neamhspleáchas, neamhchlaontacht, cuibheas agus ionracas (61)) ag luí go hiomlán leis na critéir a leagtar síos sna Conarthaí.

73.      Mar sin féin, meabhróidh mé, ar deireadh, faoi chásdlí na Cúirte Breithiúnais (62) agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine (63) araon, nach gcaitheann gach neamhrialtacht a d’fhéadfaí a dhéanamh le linn an próiseas maidir le breitheamh a cheapadh amhras ar neamhspleáchas an bhreithimh sin. Braitheann sé go léir ar chineál na neamhrialtachta agus ar na himthosca inar tharla sí. (64) Tagann amhras tromchúiseach chun cinn, go háirithe, nuair a bhíonn an neamhrialtacht sin de chineál chomh tromchúiseach go mbeadh fíorbhaol go bhféadfadh brainsí eile den Stát (go háirithe an feidhmeannach) — nó, go deimhin, aon duine nádúrtha nó dlítheanach eile, bíodh sé poiblí nó príobháideach — tionchar míchuí a imirt ar an mbreitheamh sin. Os a choinne sin, ní ardaíonn neamhrialtachtaí beaga saincheisteanna maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna i dtrácht de ghnáth.

74.      Dá bhrí sin, feictear dom nárbh fhéidir le haon ní dá dtagraítear san iarraidh ar réamhrialú nó i mbarúlacha i scríbhinn agus ó bhéal na bpáirtithe, amhras a tharraingt, in aigne daoine aonair, ar neamhspleáchas an iarrthóra a roghnaigh Rialtas na Liotuáine. (65) Go háirithe, ní fheicim aon ní a mbeadh sé mar thoradh air amhras a theacht in intinn a bhreathnóra oibiachtúla go bhféadfadh an duine sin, cuir i gcás, a mheas go raibh sé féin faoi réir ag nó spleách ar údarás náisiúnta, (66) nó ar aon nós go mbeadh an claonadh ann nó inti géilleadh do thionchar seachtrach, (67) bíodh sé díreach nó indíreach, (68) agus a fheidhm bhreithiúnach á comhlíonadh aige sa Chúirt Ghinearálta.

75.      Dá réir sin, táim den tuairim go bhfuil an reachtaíocht nó an cleachtas náisiúnta i dtrácht, mar a leagtar síos sna dlíthe náisiúnta ábhartha iad (agus, a mhéid a fheictear domsa, mar a chuirtear i bhfeidhm sa nós imeachta náisiúnta faoi shaincheist iad), ag luí le hAirteagal 19(2) CAE agus le hAirteagal 254 CFAE.

V.      Conclúid

76.      Mar chonclúid, molaim go ndéanfadh an Chúirt an freagra seo a leanas a thabhairt ar na ceisteanna a tharchuireann Vilniaus apygardos administracinis teismas (Cúirt Riaracháin Réigiúnach Vilnias) chun réamhrialú, eadhon nach gcuireann Airteagal 19(2) CAE agus Airteagal 254 CFAE bac ar reachtaíocht náisiúnta nó ar chleachtas inar féidir le Rialtas Ballstáit, a bhfuil grúpa saineolaithe neamhspleácha curtha ar bun aige chun measúnú a dhéanamh ar na hiarrthóirí a bheidh le moladh d’oifig breithimh na Cúirte Ginearálta agus chun liosta a chur le chéile lena rangaítear iad siúd a chomhlíonann ceanglais na hinniúlachta gairmiúla agus an neamhspleáchais a leagtar amach i gConarthaí an Aontais, iarrthóir ón liosta sin a roghnú seachas an t‑iarrthóir atá sa chéad áit.


1 Bunteanga: an Béarla.


2      IO 2010 L 50, lch. 18.


3      Žin. 1994, Uimh. 43-772


4      Faoin bhforáil sin, ‘[a]ch amháin i gcás ina mbeidh feidhm ag Airteagal 6, fanfaidh Breitheamh i seilbh a oifige go dtí go rachaidh a chomharba i mbun a dhualgas.’


5      Tabharfar ‘na cinntí faoi chonspóid’ ar an dá chinneadh ceapacháin anseo feasta.


6      Sin mar a dúirt an t‑iarratasóir le linn na héisteachta sa chás seo, gan Rialtas na Liotuáine a chur ina aghaidh.


7      Féach, ar an gcaoi chéanna, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 76 agus an cásdlí dá dtagraítear).


8      Féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Eanáir 2024, G. agus páirtithe eile (Breithiúna a cheapadh chuig gnáthchúirteanna na Polainne) (C‑181/21 agus C‑269/21, EU:C:2024:1, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).


9      Féach, go háirithe, ordú an 16 Meitheamh 2021, Sharpston v an Chomhairle agus Ionadaithe Rialtais na mBallstát (C‑685/20 P, EU:C:2021:485, míreanna 46 agus 47 agus an cásdlí dá dtagraítear).


10      Féach, inter alia, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, míreanna 97 agus 98, agus an cásdlí dá dtagraítear).


11      Sa chomhthéacs seo, ar éigean is gá dom a chur in iúl go bhfuil éifeacht dhíreach ag an gceanglas go mbeidh na cúirteanna neamhspleách, ceanglas a eascraíonn inter alia as Airteagal 19 CAE agus as Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), rud a chiallaíonn go bhfuil an t‑iarratasóir, i bprionsabal, i dteideal brath orthu chun agóid a dhéanamh i gcoinne dhlíthiúlacht na gcinntí faoi chonspóid. Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 78 agus an cásdlí dá dtagraítear).


12      Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 90 agus an cásdlí dá dtagraítear).


13      Féach, inter alia, breithiúnas an 14 Meán Fómhair 2023, Volkswagen Group Italia agus Volkswagen Aktiengesellschaft (C‑27/22, EU:C:2023:663, mír 40 agus an cásdlí dá dtagraítear).


14      Féach, mar shampla, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, míreanna 96 agus 98).


15      Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, Consorzio Italian Management agus Catania Multiservizi (C‑561/19, EU:C:2021:799, mír 30 agus an cásdlí dá dtagraítear).


16      Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek i gCásanna Uamtha Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:403, míreanna 90 agus 91, agus an cásdlí dá dtagraítear).


17      Féach, i measc mórán eile, breithiúnas an 2 Feabhra 2023, Towarzystwo Ubezpieczeń Ż (Conarthaí árachais caighdeánacha míthreoracha) (C‑208/21, EU:C:2023:64, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear).


18      Maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an bprionsabal sin agus le raon feidhme na n‑eisceachtaí inghlactha, féach inter alia breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 112 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2021:557, míreanna 156 go 161).


19      Féach freisin Airteagal 6 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, agus Airteagal 7 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.


20      Féach, ina leith sin, míreanna 6 agus 7 de rialacha oibriúcháin Choiste Airteagal 255 (a bhfuil a macasamhail ar fáil thuas i mír 4 den Tuairim seo).


21      Breithiúnas an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún (C‑542/18 RX-II agus C‑543/18 RX-II, EU:C:2020:232, mír 57). Féach, inter alia, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 276 agus an cásdlí dá dtagraítear).


22      Féach thuas, mír 17 den Tuairim seo


23      Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 69 agus an cásdlí dá dtagraítear.)


24      Féach, chuige sin, breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117, mír 32 agus an cásdlí dá dtagraítear).


25      Ibid., mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear.


26      Féach, inter alia, breithiúnas an 19 Nollaig 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, míreanna 121 agus 122 agus an cásdlí dá dtagraítear).


27      Féach breithiúnas an 27 Feabhra 2018, Associação Sindical dos Juízes Portugueses (C‑64/16, EU:C:2018:117, míreanna 40 agus 42 agus an cásdlí dá dtagraítear).


28      Féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krajowa Rada Sądownictwa (Breitheamh a fhanacht i seilbh a oifige) (C‑718/21, EU:C:2023:1015, mír 61 agus an cásdlí dá dtagraítear).


29      Féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 57 agus an cásdlí dá dtagraítear).


30      Féach, mar shampla, breithiúnas an 7 Meán Fómhair 2023, Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ (C‑216/21, EU:C:2023:628, mír 63 agus an cásdlí dá dtagraítear).


31      Féach, mar aon le tagairtí don chásdlí, mo Thuairim in Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ (C‑216/21, EU:C:2023:116, mír 45).


32      Féach, de réir analaí, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2021:557, mír 35).


33      Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 129).


34      Féach, chuige sin, breithiúnais an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 136), agus an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, míreanna 152 agus 154).


35      Maidir leis an tábhacht a bhaineann leis an dealramh, féach, inter alia, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, míreanna 127 go 129).


36      Is léir dom gur ‘comhlacht de chuid an Aontais’ é Coiste Airteagal 255 chun críocha dhlí an Aontais ós rud é, inter alia, go bhforáiltear dá bhunú faoi Airteagal 255 CFAE, go leagtar a rialacha oibriúcháin amach i gcinneadh ón gComhairle (féach thuas, mír 4 den Tuairim seo), agus gur ar an gComhairle (agus, dá bhrí sin, ar bhuiséad an Aontais) a thiteann an caiteachas dá oibriúchán.


37      Féach Seachtú Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí, a glacadh an 25 Feabhra 2022, lch. 11.


38      Féach, mar shampla, breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Euro Box Promotion agus páirtithe eile (C‑357/19, C‑379/19, C‑547/19, C‑811/19 agus C‑840/19, EU:C:2021:1034, mír 229 agus an cásdlí dá dtagraítear).


39      Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 73).


40      Féach, inter alia, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 147 agus an cásdlí dá dtagraítear).


41      Féach breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311, míreanna 70 go 72).


42      Féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Iúil 2020, Land Hessen (C‑272/19, EU:C:2020:535, míreanna 54 go 56).


43      Féach, mar shampla, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 149 agus an cásdlí dá dtagraítear).


44      Féach, chuige sin, breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311, mír 71).


45      Féach, chuige sin, breithiúnas an 22 Feabhra 2022, RS (Éifeacht na gcinntí ó chúirt bhunreachtúil) (C‑430/21, EU:C:2022:99, mír 43 agus an cásdlí dá dtagraítear).


46      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 2 Márta 2021, A.B. agus páirtithe eile (Ceapachán breithiúna chuig an gCúirt Uachtarach) (C‑824/18, EU:C:2021:153, mír 126).


47      Féach, inter alia, breithiúnais an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311, míreanna 66 agus 73); an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, míreanna 89 agus 125); agus an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, míreanna 141 agus 205).


48      Féach, chuige sin, mo Thuairim in Asociaţia ‘Forumul Judecătorilor din România’ (C‑216/21, EU:C:2023:116, mír 52).


49      Féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Nollaig 2019, A.K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 144).


50      Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C‑204/21, EU:C:2023:442, mír 146).


51      Is ag tagairt d’Airteagal 19(2) CAE agus d’Airteagail 253 go 255 CFAE atáim, ar ndóigh.


52      Féach, inter alia, Airteagail 2 go 4 agus 18 den Reacht, Airteagail 4 agus 5 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais, agus Airteagal 16 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Ginearálta.


53      Tuarascáil ón Meitheal ar thodhchaí Chóras Cúirte na gComhphobal Eorpach, mír 51.


54      Rúnaíocht an Choinbhinsiúin Eorpaigh, Tuarascáil Deiridh an Chiorcail Díospóireachta ar an gCúirt Bhreithiúnais, CONV 636/03, 25 Márta 2003, ag mír 6.


55      Féach, chuige sin, na ranníocaíochtaí éagsúla atá san áireamh lena n-áirítear Bobek. M., Selecting Europe's Judges: A Critical Review of the Appointment Procedures to the European Courts, Oxford University Press, 2015.


56      Féach, chuige sin, breithiúnas an 21 Nollaig 2023, Krajowa Rada Sądownictwa (Breitheamh a fhanacht i seilbh a oifige) (C‑718/21, EU:C:2023:1015, mír 77).


57      Féach, chuige sin, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, EU:C:2019:982, mír 152), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek i gCásanna Uamtha Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile (C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:403, mír 152).


58      Féach, de réir analaí, breithiúnas an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún (C‑542/18 RX-II agus C‑543/18 RX-II, EU:C:2020:232, mír 64).


59      Féach, ina leith sin, ibid., mír 61.


60      Féach, de réir analaí, ibid., mír 66.


61      Is cosúil na critéir leis na cinn atá leagtha amach ag Coiste Airteagal 255, ar fáil ar líne. Féach, mar shampla, an Seachtú Tuarascáil ar Ghníomhaíochtaí, lgh. 17 go 19. Is é mo thuairim gur féidir na critéir sin a mheas mar chomhpháirteanna de na ceanglais maidir le hinniúlacht ghairmiúil agus neamhspleáchas atá leagtha amach sna Conarthaí.


62      Féach, chuige sin, breithiúnais an 26 Márta 2020, Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus HG v an Coimisiún (C‑542/18 RX-II agus C‑543/18 RX-II, EU:C:2020:232, mír 75),  agus an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 130).


63      Féach, go háirithe, breithiúnais an 1 Nollaig 2020, Guðmundur Andri Ástráðsson v an Íoslainn (CE:ECHR:2020:1201JUD002637418, §§ 243 go 252), agus an 22 Iúil 2021, Reczkowicz v an Pholainn (CE:ECHR:2021:0722JUD004344719, §§ 221 go 224).


64      Maidir leis an tsaincheist sin, féach, inter alia, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Sharpston in Athbhreithniú Simpson v an Chomhairle agus Athbhreithniú HG v an Coimisiún (C‑542/18 RX-II agus C‑543/18 RX-II, EU:C:2019:977, míreanna 85 agus 106 go 109).


65      Féach, ar an gcaoi chéanna, breithiúnas an 29 Márta 2022, Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2022:235, mír 129).


66      Féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W.Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí — Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798, mír 147 agus an cásdlí dá dtagraítear), agus Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Tanchev sa chás céanna (EU:C:2021:289, mír 84).


67      Féach, chuige sin, Tuairim an Abhcóide Ghinearálta Bobek in Getin Noble Bank (C‑132/20, EU:C:2021:557, míreanna 100, 115 agus 129).


68      Féach, chuige sin, breithiúnas an 5 Meitheamh 2023, an Coimisiún v an Pholainn (Neamhspleáchas agus saol príobháideach na mbreithiúna) (C-204/21, EU:C:2023:442, mír 94 agus an cásdlí dá dtagraítear).