Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Simvoulio tis Epikrateias (an Ghréig) a taisceadh an 7 Márta 2023 – Somateio “Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges”, Astiki Mi Kerdoskopiki Etaireia “Ypostirixi Prosfygon sto Aigaio” v Ypourgos Exoterikon, Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

(Cás C-134/23, Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges)

Teanga an cháis: an Ghréigis

An chúirt a rinne an tarchur

Symvoulio tis Epikrateias

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóirí: Somateio “Elliniko Symvoulio gia tous Prosfyges”, Astiki Mi Kerdoskopiki Etaireia “Ypostirixi Prosfygon sto Aigaio”

Cosantóirí: Ypourgos Exoterikon, Ypourgos Metanastefsis kai Asylou

Na ceisteanna a tharchuirtear

An gá Airteagal 38 de Threoir 2013/32/AE1 , arna léamh i gcomhar le hAirteagal 18 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, a léiriú mar chosc ar reachtaíocht náisiúnta (rialála) lena n-aicmítear triú tír mar thriú tír atá sábháilte go ginearálta do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúntai gcás inar thug an tír sin gealltanas dlíthiúil na catagóirí sin iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta a athligean isteach ar a críoch, ach gur cosúil gur dhiúltaigh sí athligean isteach ar feadh tréimhse fada ama (níos mó ná 20 mí sa chás seo) agus nach cosúil go ndearnadh imscrúdú ar an bhféidearthacht go ndéanfadh sí a seasamh a athrú go luath amach anseo?

2)    an gá é a léiriú sa chiall nach ceann de na coinníollacha carnacha é athligean isteach sa tríú tír chun an cinneadh náisiúnta (rialála), lena n-aicmítear tríú tír mar thriú tír atá sábháilte go ginearálta do chatagóirí áirithe iarratasóirí ar chosaint idirnáisiúnta tríú tír, a ghlacadh, ach gur ceann de na coinníollacha carnacha é chun cinneadh aonair lena ndiúltaítear iarratas sonrach ar chosaint idirnáisiúnta toisc é a bheith do-ghlactha a ghlacadh ar fhoras an “tríú tír sábháilte”?

3)    an gá é a léiriú sa chiall, i gcás ina bhfuil an cinneadh lena ndiúltaítear an t-iarratas ar chosaint idirnáisiúnta bunaithe ar fhoras an “triú tír sábhailte”, nach bhfuil athligean isteach sa “tríú tír shábháilte” le fíorú ach amháin nuair a dhéantar an cinneadh a fhorghníomhú

____________

1     Treoir 2013/32/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le nósanna imeachta coiteanna chun cosaint idirnáisiúnta a dheonú agus a tharraingt siar (athmhúnlú) (IO 2013 L 180, lch. 60).