Ordú na Cúirte Ginearálta an 2 Bealtaine 2024 – Kiene agus páirtithe eile v an Pharlaimint agus an Chomhairle
(Cás T-419/23) 1
(Caingean le haghaidh neamhniú – Comhshaol – Rialachán (AE) 2023/851 – Caighdeáin feidhmíochta le haghaidh astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin – Gluaisteáin nua paisinéirí – Astaíochtaí lasmuigh d’úsáid na feithicle a chur san áireamh – Breoslaí sintéiseacha atá neodrach ó thaobh dé-ocsaíd charbóin de – Gníomh reachtach – Easpa cúraim aonair – Do-ghlacthacht)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
Páirtithe
Iarratasóirí: Lorenz Kiene (Hoya, an Ghearmáin), Classic Tankstellen GmbH & Co. KG (Hoya), eFuel GmbH (Hoya), eFuel Projektentwicklung GmbH (Hoya) (ionadaithe: A. Dlouhy, E. Macher agus M. Soppe, Dlíodóirí)
Cosantóirí: Parlaimint na hEorpa (ionadaithe: L. Taïeb agus W. Kuzmienko, Gníomhairí), Comhairle an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: N. Brzezinski agus L. Hamtcheva, Gníomhairí)
Ábhar
Lena gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Airteagal 1(1) de Rialachán (AE) 2023/851 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Aibreán 2023 lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/631 a mhéid a bhaineann leis na caighdeáin feidhmíochta maidir le hastaíochtaí CO2 a láidriú do ghluaisteáin nua paisinéirí agus d’fheithiclí tráchtála éadroma nua i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe an Aontais (IO 2023 L 110, lch. 5), ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
Díbhtear don chaingean toisc í a bheith do-ghlactha.
Ní gá breith a thabhairt a thuilleadh ar na hiarratais ar idiragairt arna dhéanamh ag an gCoimisiún Eorpach agus ag Éirinn.
Ordaítear do Lorenz Kiene, Classic Tankstellen GmbH & Co. KG, eFuel GmbH agus eFuel Projektentwicklung GmbH na costais, seachas na costais a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt, a íoc.
Ordaítear don Choimisiún agus d'Éirinn araon a gcostais féin a bhaineann leis na hiarratais ar idiragairt a íoc.
____________
1 IO C 321, 11.9.2023.