Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2023 – Adeva v EUIPO – Sideme (MAISON CAVIST.)
(Cás T-313/23)
Teanga inar taisceadh an t-iarratas: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Adeva (Mitry-Mory, an Fhrainc) (ionadaí: S. Drillon, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Société Industrielle d’Equipement Moderne SA (Sideme) (Levallois-Perret, an Fhrainc)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Dílseánach an trádmhairc faoi cheist: Iarratasóir os comhair na Cúirte Ginearálta
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar fhocalmharc de chuid an Aontais Eorpaigh “MAISON CAVIST.” – Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh Uimh. 18 293 519
Nós imeachta os comhair EUIPO: Imeachtaí maidir le cealú
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón Dara Bord Achomhairc de EUIPO an 31 Márta 2023 i gCás R 1623/2022-2
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní a mhéid a dhíbhtear an chaingean arna tionscnamh ag Adeva;
an t-iarratas ar dhearbhú neamhbhailíochta an trádmhairc Eorpaigh “MAISON Cavist.” Uimh. 18 293 519 arna thionscnamh ag Sideme a dhiúltú ina iomláine
Saincheist dlí
Sárú ar Airteagal 8(1)(b) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________