Caingean arna tabhairt an 12 Aibreán 2022 – BPCE agus páirtithe eile v BCE
(Cás T-187/22)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóirí: BPCE (Páras, an Fhrainc) agus an 51 iarratasóir eile (ionadaithe: A. Gosset-Grainville, M. Trabucchi agus M. Dalon, Dlíodóirí)
Cosantóir: Banc Ceannais na hEorpa
An t-ordú atá á lorg
Iarann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:
roinn 1.3 agus ranna 3.3.1 go 3.3.8 de chinneadh BCE Uimh. ECB-SSM-2022-FRBPC-10 (arna ghlacadh i dteannta a iarscríbhinní) an 2 Feabhra 2022, sa mhéid go bhforordaítear leis na bearta atá le glacadh maidir le gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a bhaineann le scéimeanna ráthaíochta taiscí nó cistí réitigh, a chur ar neamhní;
a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc;
beart eagrúcháin nós imeachta a ghlacadh de bhun Airteagail 88 agus 89 de na Rialacha Nós Imeachta, atá beartaithe le háirithiú go gcuireann BCE na cinntí maidir leis na gealltanais íocaíochta neamh-inchúlghairthe a glacadh le haghaidh institiúidí baincéireachta eile do 2021 in iúl, go háirithe iadsan a bhaineann le hinstitiúidí baincéireachta eile na Fraince.
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí ceithre shaincheist dlí atá comhionann nó cosúil leosan a agraítear i gcomhthéacs chás T-186/22, BNP Paribas v BCE.
____________