Caingean arna tabhairt an 8 Meitheamh 2023 – Tiendanimal v EUIPO (CRIADORES)
(Cás T-314/23)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Tiendanimal Comercio Electronico de Articulos para Mascotas, SL (Málaga, an Spáinn) (ionadaí: T. González Martínez, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO)
Sonraí na n-imeachtaí os comhair EUIPO
Trádmharc atá faoi cheist: Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ina bhfuil na gnéithe focail “CRIADORES” – Iarratas ar chlárú Uimh. 18 186 334
Cinneadh atá faoi chonspóid: Cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc de EUIPO an 27 Márta 2023 i gCás R 798/2021-5
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;
próiseáil an mhairc fhíortha in aicmí 5 agus 31 a cheadú;
a ordú do EUIPO na costais a íoc.
Saincheisteanna dlí arna maíomh
Sárú ar Airteagal 7(1)(b) agus (c) agus Airteagal 7(2) de Rialachán (AE) 2017/1001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
____________