Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 8 Bealtaine 2024 – Tiendanimal v EUIPO (CRIADORES)

(Cás T-314/23) 1

(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ‘CRIADORES’ – Foras coibhneasta le diúltú – Cineál tuairisciúil – Airteagal 7(1)(c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann – Prionsabail na dlíthiúlachta – Prionsabal an dea-riaracháin – Ionchas dlisteanach)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Tiendanimal Comercio Electrónico de Artículos para Mascotas, S.L. (Málaga, an Spáinn) (ionadaí: T. González Martínez, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 27 Márta 2023 (Cás R 0798/2021-5) ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 261, 24.7.2023.