Iarraidh ar réamhrialú ón Landessozialgerichts für das Saarland (an Ghearmáin) arna taisceadh an 4 Nollaig 2023 - A v GKV-Spitzenverband
(Cás C-743/23, GKV-Spitzenverband)
Teanga an cháis: an Ghearmáinis
An chúirt a rinne an tarchur
Landessozialgericht für das Saarland
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Iarratasóir: A
Cosantóir: GKV-Spitzenverband
Páirtí leasmhar: Moguntia Food Group AG
Na ceisteanna a tharchuirtear
An bhfuil Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 1 i gcomhar le hAirteagal 14(8) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 2 le léiriú sa chaoi, agus scrúdú á dhéanamh an bhfuil cuid shuntasach den ghníomhaíocht á cur i gcrích i mBallstát, nach mór gníomhaíochtaí uile an fhostaí, lena n-áirítear a ghníomhaíochtaí i dtríú tíortha, a chur san áireamh?
Nó an bhfuil Airteagal 13(1) de Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 i gcomhar le hAirteagal 14(8) de Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 le léiriú sa chaoi, agus scrúdú á dhéanamh an bhfuil cuid shuntasach den ghníomhaíocht á cur i gcrích i mBallstát, nach bhfuil ach gníomhaíochtaí an fhostaí a chuirtear i gcrích sna Ballstáit le cur san áireamh?
____________
1 Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta (IO 2004 L 166, lch. 1).
1 Rialachán (CE) Uimh. 987/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Meán Fómhair 2009 lena leagtar síos an nós imeachta chun Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme (IO 2009 L 284, lch. 1).