Language of document :

Caingean arna tabhairt an 21 Bealtaine 2022 – Mariño Pais agus páirtithe eile v an Coimisiún agus BRA

(Cás T-294/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Fernando Mariño Pais (Outes, an Spáinn) agus 44 iarratasóirí eile (ionadaithe: B. Cremades Roman, J. López Useros, S. Cajal Martín agus P. Marrodán Lázaro, Abogados)

Cosantóir: an Coimisiún Eorpach agus an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

–    dliteanas neamhchonarthach na gcosantóirí a dhearbhú agus a ordú do BRA agus don Choimisiún cúiteamh a íoc leis na hiarratasóirí don díobháil a fulaingíodh de dheasca cinneadh réitigh BPE (Banco Popular Español S.A agus a fhochuideachtaí);

–    a ordú do BRA agus don Choimisiún costais an imeachta reatha a íoc;

–    a ordú go mbeidh ús cúitimh ar na suimeanna arna mbronnadh ar na hiarratasóirí ó 23 Bealtaine 2017 (nó, mar mhalairt air sin, ó 7 Meitheamh 2017) go dáta an bhreithiúnais agus chomh maith leis sin, ús mainneachtana ó dháta an bhreithiúnais, seachas na costais arna dtabhú leis an imeacht reatha, ar a dtiocfaidh ús mainneachtana ó dháta an bhreithiúnais amháin; agus

–    pé leigheas breise a mheasann sí a bheith oiriúnach faoin dlí a dheonú do na hiarratasóirí.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn na hiarratasóirí trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sháraigh na ráitis agus na sceitheanna, ar bhealach leordhóthanach, an Dualgas Rúndachta, Prionsabail an díchill agus an dea-riaracháin agus an Prionsabal Nemo Auditur Propiam Turpitudinem Allegans.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh, ar bhealach leordhóthanach, Prionsabail an Díchill, an Dea-Riaracháin, an Dualgais cúiseanna a lua, agus Prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus an neamh-threallachais sa phróiseas cinnteoireachta.

Ar an gcuma seo, léiríonn siad nár comhlíonadh na coinníollacha maidir le cinneadh réitigh BPE, nár ráthaíodh go mbeadh luacháil neamhspleách chothrom, stuama agus réalaíoch ar shócmhainní agus ar dhliteanais BPE agus go bhfuil an beart réitigh idirdhealaitheach agus treallach.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú, ar bhealach leordhóthanach, ar an gceart chun maoine príobháidí agus ar phrionsabal na comhréireachta.

____________