Language of document :

Caingean arna tabhairt an 1 Lúnasa 2022 – Imasa, Ingeniería y Proyectos v an Coimisiún agus páirtithe eile

(Cás T-474/22)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: Imasa, Ingeniería y Proyectos, SA (Oviedo, an Spáinn) (ionadaí: J. Álvarez González, Dlíodóir)

Cosantóirí: an Coimisiún Eorpach, an Banc Ceannais Eorpach, an Bord Réitigh Aonair

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

breithiúnas a thabhairt chun dliteanas neamhchonarthach an Aontais Eorpaigh a dhearbhú toisc gur iompair an Coimisiún Eorpach, an Bord Réitigh Aonair agus an Banc Ceannais Eorpaigh iad féin go neamhdhleathach agus le faillí leis an méid ar a dtugtar tuairisc san iarraidh;

a ordú don Aontas Eorpach an tsuim EUR 186.195.66 a íoc mar chúiteamh leis an iarratasóir, de réir na dtorthaí ríofa gus cainníochtaithe atá sa tuarascáil ó na saineolaithe atá i gceangal leis an iarraidh, móide an t-ús reachtúil lena mbaineann agus a ordú don chosantóir costais an iarratasóra a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go raibh iompar an Bhoird Réitigh Aonair neamhdhleathach, arbh éard a bhí ann ná rabhaidh ródaigh phoiblí a thabhairt agus gníomhaíochtaí a dhéanamh (go háirithe eolas a sceitheadh) a bhíodh ina n-iompar mífhreagrach ba shiocair le tobthitim i luach phraghas na scaire, lenar cuireadh dlús le réiteach Banco Popular Español, S. A..

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur iompair an Bord Réitigh Aonair agus an Coimisiún Eorpach iad féin le faillí trí réiteach Banco Popular Español, S. A. a ghlacadh agus a fhormhuiniú gan a fhíorú agus a dheimhniú, i gcomhréir le reachtaíocht na hEorpa, gur comhlíonadh na ceanglais agus na réamhchoinníollacha chun an sásra réitigh sin a chur i bhfeidhm agus, ar theacht ar chomhaontú maidir leis an sásra, nár chomhlíon sé reachtaíocht na hEorpa maidir leis an nós imeachta réitigh nó maidir le cearta na scairshealbhóirí agus/nó maidir le sealúchais an Bhainc.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear easpa cúraim ón mBanc Ceannais Eorpach, ar mhaithe le leachtacht Banco Popular Español, S. A. a ráthú agus a réiteach a sheachaint, agus faireachán, maoirseacht, réamhaisnéis agus rialúchán á ndéanamh aige ar na sásraí is gá chomh maith leis na sásraí sin a rialú agus a bhunú.

____________