Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – ACMO agus páirtithe eile v BRA

(Cás T-330/20)1

(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Aonair Réitigh le haghaidh Institiúidí Creidmheasa agus Gnólachtaí Infheistíochta Áirithe (SRA) – Rún Banco Popular Español – Cinneadh BRA ag diúltú cúiteamh a dheonú do scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a ndéanann na bearta réitigh difear dóibh – Luacháil na difríochta i gcóireáil – Neamhspleáchas an mheastóra)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóirí: ACMO Sàrl (Lucsamburg, Lucsamburg) agus na 65 iarratasóir eile a bhfuil a n-ainmneacha le feiceáil san iarscríbhinn a ghabhann leis an mbreithiúnas (ionadaithe: T. Soames agus I. Prodromou-Stamoudi, Dlíodóirí, agus R. East, Solicitor)

Cosantóirí: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: M. Fernández Rupérez, A. Lapresta Bienz, L. Forestier agus J. Rius Riu, Gníomhairí, le cúnamh ó H. G. Kamann, F. Louis, V. Del Pozo Espinosa de los Monteros agus L. Hesse, Dlíodóirí)

Idirghabhálaí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: A. Gavela Llopis, Gníomhaire)

Ábhar

Trína gcaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann na hiarratasóirí go gcuirfí Cinneadh SRB/EES/2020/52 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 17 Márta 2020, arb é is aidhm dó a chinneadh ar cheart cúiteamh a dheonú do na scairshealbhóirí agus creidiúnaithe a bhfuil tionchar ag na bearta réitigh a rinneadh maidir le Banco Popular Español, SA, orthu, ar neamhní.

An chuid oibríochtúil

Údaraítear do Bybrook Capital Badmantan Fund LP é féin a ionadú in ionad Cairn Global Funds PLC agus Cairn Special Opportunities Credit Master Fund Limited, mar iarratasóir.

Údaraítear do PIMCO Global Cross-asset Opportunities Master Fund LDC tsraithe féin a ionadú in ionad PHFS Series SPC - PHSF VII SP, mar iarratasóir.

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do ACMO Sàrl agus do na hiarratasóirí eile a bhfuil a n-ainmneacha san iarscríbhinn a gcostas féin a íoc, chomh maith leis na costais arna dtarbhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA).

Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.

____________

1 IO C 279, 24.8.2020.