Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – Galván Fernández-Guillén v BRA

(Cás T-340/20)1

(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Réiteach Banco Popular Español – Cinneadh BRA lena ndiúltaítear damáistí a bhronnadh ar scairsealbhóirí agus ar chreidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh leo – Ceart maoine – Cearta na cosanta – Luacháil na difríochta cóireála – Neamhspleáchas an mheastóra)

Teanga an cháis: an Spáinnis

Páirtithe

Iarratasóir: José María Galván Fernández-Guillén (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: M. Romero Rey agus I. Salama Salama, Dlíodóirí)

Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: M. Fernández Rupérez, A. Lapresta Bienz, L. Forestier agus J. Rius Riu, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, V. Del Pozo Espinosa de los Monteros agus L. Hesse, Dlíodóirí)

Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht an Spáinne (ionadaí: A. Gavela Llopis, Gníomhaire)

Ábhar

Lena chaingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, Iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh SRB/EES/2020/52 ón mBord Réitigh Aonair (BRA), an 17 Márta 2020, chun a chinneadh ar cheart cúiteamh a bhronnadh ar scairsealbhóirí agus creidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh arna ndéanamh i dtaca le Banco Popular Español, SA leo.

An chuid oibríochtúil

Diúltaítear don chaingean.

Ordaítear do José María Galván Fernández-Guillén a chostais féin a íoc, mar aon leis na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA).

Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.

____________

1     IO C 247, 27.7.2020.