Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 22 Samhain 2023 – Molina Fernández v BRA
(Cás T-304/20)1
(Aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta – Aontas baincéireachta – Sásra Réitigh Aonair le haghaidh institiúidí creidmheasa agus gnólachtaí infheistíochta áirithe (SRA) – Réiteach Banco Popular Español – Cinneadh BRA lena ndiúltaítear damáistí a bhronnadh ar scairsealbhóirí agus ar chreidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh leo – Luacháil na difríochta cóireála – Neamhspleáchas an mheastóra)
Teanga an cháis: an Spáinnis
Páirtithe
Iarratasóir: Laura Molina Fernández (Maidrid, an Spáinn) (ionadaithe: S. Rodríguez Bajón, A. Gómez-Acebo Dennes agus A. Ruiz Ojeda, Dlíodóirí)
Cosantóir: an Bord Réitigh Aonair (ionadaithe: M. Fernández Rupérez, A. Lapresta Bienz, L. Forestier agus J. Rius Riu, Gníomhairí, le cúnamh ó H.-G. Kamann, F. Louis, V. Del Pozo Espinosa de los Monteros agus L. Hesse, Dlíodóirí)
Idiragraí, mar thaca leis an gcosantóir: Ríocht na Spáinne (ionadaí: A. Gavela Llopis, Gníomhaire)
Ábhar
Lena caingean bunaithe ar Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfear ar neamhní Cinneadh SRB/EES/2020/52 ón mBord Réitigh Aonair (BRA) an 17 Márta 2020 chun a chinneadh ar cheart cúiteamh a bhronnadh ar scairsealbhóirí agus creidiúnaithe a mbaineann na bearta réitigh arna ndéanamh i dtaca le Banco Popular Español, SA leo.
An chuid oibríochtúil
Diúltaítear don chaingean.
Ordaítear do Laura Molina Fernández a costais féin a íoc, mar aon leis na costais arna dtabhú ag an mBord Réitigh Aonair (BRA).
Ordaítear do Ríocht na Spáinne a costais féin a íoc.
____________
1 IO C 247, 27.7.2020.