Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 10 Aibreán 2024 – M&T 1997 v EUIPO – VDS Czmyr Kowalik (Hanlaí doirse agus fuinneog)

(Cás T-654/22) 1

(Dearadh Comhphobail – Imeachtaí neamhbhailíochta – Dearadh Comhphobail cláraithe lena léirítear hanlaí doirse agus fuinneog – Dearadh níos luaithe – Foras neamhbhailíochta – Saintréith aonair – Airteagal 25(1)(b) agus Airteagal 6 de Rialachán (CE) Uimh. 6/2002)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Iarratasóir: M&T 1997, a.s. (Dobruška, Poblacht na Seice) (ionadaí T. Dobřichovský, Dlíodóir)

Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontas Eorpaigh (ionadaí: E. Nicolás Gómez, Gníomhaire)

Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: VDS Czmyr Kowalik sp.k. (Świętochłowice, an Pholainn) (ionadaithe: M. Witkowska agus A. Pilecka, Dlíodóirí)

Ábhar

Trína chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí ar neamhní agus go modhnófaí an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Lúnasa 2022 (Cás R 29/2022-3).

An chuid oibríochúil

Cuirtear an cinneadh ón Tríú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 29 Lúnasa 2022 ar neamhní.

Diúltaítear don chuid eile den chaingean.

Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.

____________

1     IO C 472, 12.12.2022.