Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 11 Aibreán 2024 – Nosio v EUIPO – Terre di Venezia (VENTESSA)
(Cás T-479/23) 1
(Trádmharc an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Tarraingt siar an fhreasúra – Cás nach dtéann ar aghaidh chun breithiúnais)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Nosio SpA (Mezzocorona, an Iodáil) (ionadaithe: J. Graffer, G. Locurto agus A. Ottolini, Dlíodóirí)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: R. Raponi, Gníomhaire)
Páirtí eile os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO: Terre di Venezia Srl (an Veinéis, an Iodáil) (ionadaithe: A. Perani agus G. Ghisletti, Dlíodóirí)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí cinneadh ón Dara Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 13 Meitheamh 2023 (Cás R 1457/2022-2) ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1. Ní gá breith a thabhairt ar an gcaingean a thuilleadh.
2. Ordaítear do gach páirtí a chostais féin a íoc.
____________
1 IO C 329, 18.9.2023.