Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Administrativen sad – Varna (an Bhulgáir) a taisceadh 16 Aibreán 2024 – ‘Kanevi Komers DS’ EOOD v Zamestnik izpalnitelen direktor na Darzhaven fond ‘Zemedelie’

(Cás C-267/24, Kanevi Komers DS)

Teanga an cháis: an Bhulgáiris

An chúirt a rinne an tarchur

Administrativen sad – Varna

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: ‘Kanevi Komers DS’ EOOD

Cosantóir: Zamestnik izpalnitelen direktor na Darzhaven fond ‘Zemedelie’

Na ceisteanna a tharchuirtear

1. An bhfuil forálacha Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 1 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 infheidhme go díreach sna Ballstáit, nó an bhfuil gá le bearta náisiúnta a ghlacadh chun go mbeidh siad infheidhme?

2. An bhfuil Airteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 le meas sa chaoi go bhforáiltear, chun go dtabharfaidh an tairbhí fógra cuí don údarás inniúil go bhfuil an t-iarratas ar chabhair nó ar íocaíocht mícheart nó go bhfuil siad tar éis éirí mícheart ó taisceadh iad, gur leor gur cuireadh an fhaisnéis isteach i scríbhinn agus go bhfuair an t-údarás inniúil í, gan foráil a dhéanamh í a chur isteach trí ardán sonrach?

3. An bhfuil na srianta arna dtabhairt isteach le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 ar chearta an tairbhí chun a chur in iúl don údarás inniúil, gan pionós a thabhú, go bhfuil an t-iarratas ar chabhair nó ar íocaíocht mícheart nó go bhfuil sé tar éis éirí mícheart ó taisceadh é, is é sin ‘nár cuireadh an tairbhí ar an eolas faoi rún an údaráis inniúil chun seiceáil ar an láthair a dhéanamh’ agus ‘[nár] chuir an t-údarás in iúl don tairbhí faoi aon neamhchomhlíonadh san iarratas ar chabhair nó ar íocaíocht’, le léiriú sa chaoi go n-éilítear fianaise gur chuir an t-údarás inniúil in iúl don tairbhí go rabh rún aige seiceáil a dhéanamh nó faoi aon neamhchomhlíonadh san iarratas ar chabhair nó ar íocaíocht? I ndáil leis sin, i gcás nár chuir an t-údarás inniúil in iúl don tairbhí go raibh rún aige seiceáil ar an láthair a dhéanamh ar aon neamhchomhlíonadh san iarratas ar chabhair nó ar íocaíocht, an údaraítear don tairbhí faoin bhforáil sin den Rialachán an t-iarratas a tharraingt siar sula gcuireann an t-údarás riaracháin é ar an eolas, i gcás ina ndearnadh seiceáil cheana agus gur tháinig an t-údarás ar neamhchomhlíonadh?

[4]. An gcuirtear cosc le haithris 17 agus le hAirteagal 15 de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 604/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 ar riail náisiúnta ar dá réir ‘nach féidir leis an iarratasóir ar thacaíocht an t-údarás nó an t-iarratas a cuireadh isteach a tharraingt siar ina iomláine nó i dtaca le scéim amháin nó níos ann más rud é: 1. nár cuireadh in iúl dó gur aimsíodh forlíonadh ann ó thaobh na ndáileachtaí forluiteacha; 2. gur cuireadh in iúl dó gur roghnaíodh é le haghaidh seiceáil ar an láthair; 3. go ndeachaigh sé faoi sheiceáil ar an láthair agus gur cuireadh in iúl dó gur aimsíodh neamhchomhlíonadh ó thaobh na limistéar agus/nó na n-ainmhithe lena mbaineann’, chomh maith le cleachtas ar thaobh an údaráis náisiúnta maidir leis na seiceálacha ar an láthair (ar dá réir ní chuirtear an tairbhí ar an eolas faoin tseiceáil ná faoina toradh) agus cleachtas ar thaobh an údaráis náisiúnta lena gceanglaítear ar thairbhithe fógra i scríbhinn a thabhairt faoi tharraingt siar trí chóras tiomnaithe, ar mhaithe le hiarratais a phróiseáil go héasca amháin?

[5]. An bhfuil feidhm ag an tríú habairt d’Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (IO C 202, 7.6.2016, lch. 389) sna príomhimeachtaí maidir leis an bpionós a fhorchuirtear ar fheirmeoir faoi Airteagal 19a de Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 an 11 Márta 2014 (arna aisghairm le Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1172 ón gCoimisiún lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2021/2116 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe sa chomhbheartas talmhaíochta agus cur i bhfeidhm agus ríomh pionós riaracháin maidir le coinníollacht (IO 2022 L 183/12, 8.7.2021) i gcomhréir le haithris 16, ar dá réir ‘Ar mhaithe le soiléireacht agus le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 a aisghairm. Mar sin féin, ba cheart don Rialachán sin leanúint d’fheidhm a bheith aige maidir le hiarratais ar chabhair le haghaidh íocaíochtaí díreacha arna dtaisceadh roimh an 1 Eanáir 2023, maidir le hiarratais ar íocaíocht a dhéantar i ndáil le bearta tacaíochta arna gcur chun feidhme faoi Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 agus maidir leis an gcóras rialaithe agus na pionóis riaracháin a mhéid a bhaineann le rialacha maidir le traschomhlíonadh.’), a bhí infheidhme sa bhliain mhargaíochta 2019 agus tráth a forchuireadh an pionós trí litir fógra dar dáta an 5 Nollaig 2022 maidir le formheas agus íocaíocht tacaíochta airgeadais arna híoc faoi scéimeanna agus bearta le haghaidh íocaíochtaí díreacha limistéarbhunaithe sa bhliain mhargaíochta, uimhir chomhaid […] 05.12.2022 i bhfianaise, tráth a scrúdaíodh an cás ag an gcúirt, nach raibh Airteagal 19a i Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 an 11 Márta 2014 sa leagan a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 2023 (ar fáil ag https://eur-lex.europa.eu/legal-content/BG/TXT/?uri=CELEX%3A32014R0640)?

____________

1 Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 640/2014 ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gcóras comhtháite riaracháin agus rialaithe agus leis na cúinsí faoina ndiúltófar nó faoina n-aistarraingeofar íocaíochtaí agus pionóis riaracháin is infheidhme maidir le híocaíochtaí díreacha, le tacaíocht d’fhorbairt tuaithe agus le tras-chomhlíonadh (IO 2014 L 181, lch. 48).