Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ó Tribunal du travail francophone de Bruxelles (an Bheilg) a taisceadh an 27 Márta 2023 – GI v Partena Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

(Cás C-195/23, Partena)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal du travail francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: GI

Cosantóir: Partena Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

An cheist a tharchuirtear:

Maidir le Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, go háirithe Airteagal 14 de, prionsabal scéime aonair slándála sóisialta is infheidhme maidir le daoine fostaithe nó féinfhostaithe, gníomhach nó ar scor, agus prionsabal an chomhair dhílis mar atá leagtha síos in Airteagal 4(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, an gcuirtear cosc leo ar Bhallstát dliteanas a fhorchur ar scéim náisiúnta slándála sóisialta agus a cheangal go n-íocfar ranníocaíochtaí slándála sóisialta le hoifigeach a shaothraíonn, i dteannta a ghníomhaíochta i seirbhís institiúide Eorpaí, gníomhaíocht mhúinteoireachta choimhdeach, le húdarú na hinstitiúide sin, nuair atá an t-oifigeach sin cheana féin, faoi na Rialacháin Foirne, faoi réir na scéime slándála sóisialta is coiteann d'institiúidí an Aontais Eorpaigh?

____________