Language of document :

Breithiúnas na Cúirte Breithiúnais (an Seachtú Dlísheomra) an 18 Aibreán 2024 (iarraidh ar réamhrialú ón tribunal du travail francophone de Bruxelles – an Bheilg) – GI v Partena, Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

(Cás = "n" "Case"  IF = "o" "Joined Cases" C-195/231 , Partena)

(Tarchur chun réamhrialú – Slándáil shóisialta – Oifigigh de chuid an Aontais Eorpaigh – Prótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh – Cleamhnas éigeantach le córas slándála sóisialta institiúidí an Aontais Eorpaigh – Oifigeach de chuid an Aontais a fheidhmíonn gníomhaíocht ghairmiúil thánaisteach mar dhuine féinfhostaithe – Dliteanas i leith ranníocaíochtaí sóisialta le reachtaíocht an Bhallstáit ina ndéantar an ghníomhaíocht seo)

Teanga an cháis: an Fhraincis

An chúirt a rinne an tarchur

Tribunal du travail francophone de Bruxelles

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: GI

Cosantóirí: Partena, Assurances Sociales pour Travailleurs Indépendants ASBL

An chuid oibríochtúil

Maidir le hAirteagal 14 de Phrótacal (Uimh. 7) ar phribhléidí agus díolúintí an Aontais Eorpaigh, prionsabal scéime aonair slándála sóisialta is infheidhme dá dtagraítear i Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta a chur chun feidhme agus prionsabal an chomhair dílis mar a chumhdaítear in Airteagal 4(3) CAE,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

cuirtear cosc leo ar reachtaíocht Bhallstáit lena gceanglaítear ar oifigeach de chuid an Aontais Eorpaigh a fheidhmíonn gníomhaíocht ghairmiúil thánaisteach múinteoireachta ar chríoch an Bhallstát sin a bheith faoi réir scéim slándála sóisialta an Bhallstáit sin.

____________

1 IO C 223, 26.6.2023