Language of document :

Iarraidh ar réamhrialú ón Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu (an Pholainn) a taisceadh an 17 Samhain 2022 – Syndyk Masy Upadłości A v Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

(Cás C-709/22, Syndyk Masy Upadłości A)

Teanga an cháis: an Pholainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Wojewódzki Sąd Administracyjny we Wrocławiu

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: Syndyk Masy Upadłości A

Cosantóir: Dyrektor Izby Administracji Skarbowej we Wrocławiu

Na ceisteanna a tharchuirtear

Maidir le forálacha Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/310 ón gComhairle an 18 Feabhra 2019 lena n‑údaraítear don Pholainn beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 226 de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha1 agus forálacha Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, 2 go háirithe Airteagal 395 agus Airteagal 273 de, chomh maith le prionsabal na comhréireachta agus prionsabal na neodrachta; an gá léiriú a dhéanamh orthu amhail go gcuirtear bac ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta lena gcuirtear toirmeasc, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí, arna ndéanamh ag riarthóir dócmhainneachta, a choimeádtar i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte) go dtí cuntas bainc arna sonrú ag an duine inchánach sin?

An gá léiriú a dhéanamh ar Airteagal 17(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh maidir leis an gceart chun maoine, i gcomhar le hAirteagal 51(1) agus Airteagal  52(1) de, amhail go gcuirtear bac ar reachtaíocht agus ar chleachtas náisiúnta arb éard is toradh leo, trí thoirmeasc a chur, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte), dá réir an méid sin, ná reo na gcistí atá i seilbh an duine inchánaigh sin i gcuntas CBL sin, agus bac a bheith curtha ar chomhlíonadh dhualgais an riarthóra dócmhainneachta le linn na n-imeachtaí dócmhainneachta?

Ag féachaint do na cuspóirí agus don chomhthéacs a bhaineann le Cinneadh 2019/310 ón gComhairle, chomh maith leo siúd a bhaineann le Treoir 2006/112/CE, an gá léiriú a dhéanamh ar phrionsabal an smachta reachta, a eascraíonn as Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus ar phrionsabal na deimhneachta dlíthiúla lena ndéantar an prionsabal sin a chur chun feidhme, ar phrionsabal an chomhair dhílis a eascraíonn as Airteagal 4(3) CAE, agus ar phrionsabal an dea-riaracháin a eascraíonn as Airteagal 41(1) den Chairt, amhail go gcuirtear bac ar chleachtas náisiúnta a bhfeictear leis, trí thoirmeasc a chur, i gcomhthéacs an cháis atá i dtrácht, ar dheonú an toilithe le haghaidh aistriú cistí i gcuntas CBL de chuid duine inchánach (sásra um íocaíocht dheighilte), bac a chur ar chuspóirí na n-imeachtaí dócmhainneachta arna sonrú ag cúirt dócmhainneachta mar ábhar a thagann faoi dhlínse na Polainne chun críocha Airteagal 3(1) de Rialachán (AE) 2015/848 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2015 maidir le himeachtaí dócmhainneachta (athmhúnlú),1 agus arb iad na torthaí a ghabhann leis dá réir sin ná cúrsaí as a n-eascraíonn, trí bheart náisiúnta nach cuí a chur chun feidhme, cóir fhabhrach mar chreidiúnaí i leith an Státchiste ar chostas na gcreidiúnaithe i gcoitinne?

____________

1 IO 2019 L 51, lch. 19.

1 IO 2006 L 347, lch. 1.

1 IO 2015 L 141, lch. 19.