Ordú na Cúirte Ginearálta an 5 Feabhra 2024 – Ferreira de Macedo Silva v Frontex
(Cás T-595/22) 1
(Státseirbhís – Comhaltaí den fhoireann shealadach – Foireann Frontex – Briseadh as post roimh dheireadh na tréimhse promhaidh – Neamhdhóthanacht fhollasach – Caingean gan bhunús sa dlí go follasach)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Carlos Miguel Ferreira de Macedo Silva (Cercal do Alentejo, an Phortaingéíl) (ionadaí: L. Cosme Nunes Rolo, Dlíodóir)
Cosantóir: Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) (ionadaithe: S. Karkala agus W. Szmidt, Gníomhairí, agus ag B. Wägenbaur, Dlíodóir)
Ábhar
Lena chaingean de bhun Airteagal 270 CFAE, iarrann an t-iarratasóir, ar thaobh amháin, go gcuirfí an cinneadh ón nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) an 29 Lúnasa 2022 lena ndéantar a chonradh mar chomhalta den fhoireann shealadach a fhoirceannadh roimh dheireadh na tréimhse promhaidh ar neamhní agus, ar an taobh eile, cúiteamh as an damáiste a mhaíonn sé a bhain dó dá bharr.
An chuid oibríochtúil
1) Díbhtear don chaingean toisc í a bheith gan bhunús sa dlí go follasach.
2) Ordaítear do Carlos Miguel Ferreira de Macedo Silva a chostais féin agus na costais arna dtabhú ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex), lena n-áirítear iad siúd a bhaineann leis an nós imeachta um fhaoiseamh eatramhach, a íoc.
.
____________
1 IO C 35, 30.1.2023.