Iarraidh ar réamhrialú ón Högsta förvaltningsdomstolen (an tSualainn) a taisceadh an23 Aibreán 2024 – Polismyndigheten v Konkurrensverket
(Cás C-282/24, Polismyndigheten)
Teanga an cháis: an tSualainnis
An chúirt a rinne an tarchur
Högsta förvaltningsdomstolen
Páirtithe sna príomhimeachtaí
Achomharcóir: Polismyndigheten
Freagróir: Konkurrensverket
An cheist a tharchuirtear
An féidir le leasú ar shamhail luacha saothair i gcreat-chomhaontú arna dámhadh ar dtús ar bhun chritéir dámhachtana don phraghas is ísle a bhí ar fáil, ina athraítear cothromaíocht idir phraghsanna seasta agus phraghsanna athraitheacha agus choigeartaítear na leibhéil praghsanna sa mhéid nach athraíonn luach iomlán an chonartha níos mó le suim teoranta imeallach, go gciallóidh an méid sin go measfar gur athraítear cineál foriomlán an chreat-chomhaontaithe de réir bhrí Airteagal 72(2) den Treoir maidir le Soláthar Poiblí? 1
____________
1 Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le soláthar poiblí agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO 2014 L 94, lch. 65).