Language of document : ECLI:EU:C:2024:239

Eagrán sealadach

BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Cúigiú Dlísheomra)

14 Márta 2024 (*)

(Tarchur chun réamhrialú – Daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil – Rialachán (AE) 2016/679 – Airteagal 58(2)(d) agus (g) – Cumhachtaí údaráis maoirseachta Ballstáit – Airteagal 17(1) – An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (‘an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’) – Sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh – Cumhacht an údaráis maoirseachta náisiúnta chun ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí sin a léirscriosadh in éagmais iarraidh roimh ré ón duine lena mbaineann)

I gCás C‑46/23,

IARRAIDH ar réamhrialú de bhun Airteagal 267 CFAE, ó Fővárosi Törvényszék (Cúirt Chathair Bhúdaipeist, an Ungáir), le cinneadh an 8 Nollaig 2022, a fuarthas ag an gCúirt an 31 Eanáir 2023, sna himeachtaí

Budapest Főváros IV. Kerület Újpest Önkormányzat Polgármesteri Hivatala

v

Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság

tugann AN CHÚIRT (an Cúigiú Dlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: E. Regan, Uachtarán Dlísheomra, Z. Csehi, M. Ilešič (Rapóirtéir), I. Jarukaitis agus D. Gratsias, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: L. Medina,

Cláraitheoir: A. Calot Escobar,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,

tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

–        an Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság, ag G. J. Dudás, ügyvéd,

–        Rialtas na hUngáire, ag Zs. Biró-Tóth agus M. Z. Fehér, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Spáinne, ag A. Ballesteros Panizo, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na hOstaire, ag A. Posch, J. Schmoll agus C. Gabauer, i gcáil Gníomhairí,

–        Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, i gcáil Gníomhaire,

–        Rialtas na Portaingéile, ag P. Barros da Costa, J. Ramos agus C. Vieira Guerra, i gcáil Gníomhairí,

–        an Coimisiún Eorpach, ag A. Bouchagiar, C. Kovács agus H. Kranenborg, i gcáil Gníomhairí,

tar éis cinneadh a dhéanamh, i ndiaidh an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breith a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1        Baineann an iarraidh ar réamhrialú le léiriú ar Airteagal 58(2)(c), (d) agus (g) de Rialachán 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n‑aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO 2016 L 119, lch. 1 agus ceartúchán IO 2018 L 127 lch. 2.) (‘RGCS’).

2        Rinneadh an iarraidh seo i gcomhthéacs díospóid idir Budapest Főváros IV. Kerület Újpest Önkormányzat Polgármesteri Hivatala (údarás bardasach Újpest – ceathrú ceantar de Chathair Bhúdaipeist, an Ungáir, ‘riarachán Újpest’) agus an Nemzeti Adatvédelmi és Információszabadság Hatóság (Údarás Náisiúnta um Chosaint Sonraí agus um Shaoráil Faisnéise, an Ungáir, ‘údarás maoirseachta na hUngáire’) maidir le cinneadh an dara ceann lenar ordaíodh do riarachán Újpest sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh.

 An dlí lena mbaineann

3        Léitear aithrisí 1, 10 agus 129 de RGCS mar a leanas:

‘(1)      Ceart bunúsach is ea cosaint daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta. In Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh [CFAE], foráiltear go bhfuil ag gach duine an ceart go ndéanfar na sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi a chosaint.

[...]

(10)      Chun leibhéal comhsheasmhach cosanta agus ardleibhéal cosanta a áirithiú do dhaoine nádúrtha agus chun na bacainní ar shreabhadh sonraí pearsanta laistigh den Aontas a bhaint, ba cheart an leibhéal céanna cosanta a bheith i ngach Ballstát do chearta agus saoirsí daoine nádúrtha i ndáil le próiseáil sonraí den sórt sin. Ba cheart a áirithiú go gcuirtear na rialacha maidir le cosaint ceart bunúsach agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha i bhfeidhm go comhsheasmhach agus go haonchineálach ar fud an Aontais i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil. [...]

[...]

(129)      D’fhonn faireachán agus forfheidhmiú comhsheasmhach an Rialacháin seo a áirithiú ar fud an Aontais, ba cheart na cúraimí céanna agus na cumhachtaí éifeachtacha céanna a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta i ngach Ballstát, lena n‑áirítear cumhachtaí imscrúdaithe, cumhachtaí ceartaitheacha agus pionóis, agus cumhachtaí údaraithe agus comhairliúcháin, go háirithe i gcásanna gearán ó dhaoine nádúrtha, agus gan dochar do chumhachtaí na n‑údarás ionchúisimh faoi dhlí Ballstáit, chun na húdaráis bhreithiúnacha a chur ar an eolas faoi aon sárú a dhéantar ar an Rialachán seo agus chun imeachtaí dlíthiúla a thionscnamh. [...]’

4        Áirítear i gCaibidil I de RGCS, dar teideal ‘Forálacha ginearálta’, Airteagail 1 go 4.

5        De réir Airteagal 1 den Rialachán sin, dar teideal ‘Ábhar agus cuspóirí’:

‘1.      Sa Rialachán seo leagtar síos rialacha maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus rialacha maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin.

2.      Leis an Rialachán seo, cosnaítear cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha agus go háirithe a gceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint.

[...]’

6        Foráiltear le hAirteagal 4(2), (7) agus (21) dar teideal ‘Sainmhínithe’:

‘Chun críocha an Rialacháin seo, tá feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

[...]

(2)      ciallaíonn “próiseáil” aon oibríocht nó aon sraith d’oibríochtaí a dhéantar ar shonraí pearsanta nó ar shraitheanna de shonraí pearsanta, trí mhodhanna uathoibrithe nó trí mhodhanna eile, amhail bailiú, taifeadadh, eagrú, struchtúrú, stóráil, oiriúnú nó athrú, aisghabháil, ceadú, úsáid, nochtadh trí tharchur, trí scaipeadh nó trí chur ar fáil ar bhealach eile, ailíniú nó comhcheangal, srianadh, léirscriosadh nó díothú;

[...]

(7)      ciallaíonn “rialaitheoir” an duine nádúrtha nó dlítheanach, an t‑údarás poiblí, an ghníomhaireacht nó an comhlacht eile a chinneann, ina aonar nó i gcomhpháirt, críocha agus modhanna na próiseála; i gcás ina gcinntear críocha agus modhanna na próiseála sin le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit, féadfar foráil a dhéanamh don rialaitheoir le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit nó féadfar foráil a dhéanamh do na critéir shonracha dá ainmniú le dlí an Aontais nó le dlí Ballstáit;

[...]

(21) ciallaíonn “údarás maoirseachta” údarás poiblí neamhspleách a bhunaíonn Ballstát de bhun Airteagal 51;

[...]’

7        I gCaibidil II de RGCS, dar teideal ‘Prionsabail’, tá Airteagal 5 dar teideal ‘Prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta’ lena bhforáiltear don mhéid seo a leanas:

‘1.      Maidir le sonraí pearsanta:

(a)      déanfar iad a phróiseáil ar bhealach atá dleathach, cothrom agus trédhearcach i ndáil leis an ábhair sonraí (“dlíthiúlacht, cothroime agus trédhearcacht”);

(b)      déanfar iad a bhailiú chun críocha sonraithe sainráite dlisteanacha agus ní dhéanfar iad a phróiseáil tuilleadh ar shlí atá ar neamhréir leis na críocha sin; […] (“teorannú de réir cuspóra”);

(c)      beidh siad leormhaith, ábhartha agus teoranta don mhéid is gá maidir leis na críocha dá ndéantar iad a phróiseáil (“íoslaghdú sonraí”);

[...]

2.      Is é an rialaitheoir a bheidh freagrach as mír 1 a chomhlíonadh, agus beidh sé in ann an comhlíonadh sin a thaispeáint (“cuntasacht”).’

8        Leagtar síos i gCaibidil III de RGCS, dar teideal ‘Cearta an ábhair sonraí’, Airteagal 17 den Rialachán sin, dar teideal ‘An ceart go ndéanfaí léirscriosadh (‘an ceart go ndéanfaí ligean i ndearmad’), lena bhforáiltear i mír 1:

‘Beidh sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí agus beidh sé d’oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí i gcás go mbeidh feidhm ag ceann de na forais seo a leanas:

(a)      níl na sonraí riachtanach a thuilleadh i ndáil leis na críocha ar chucu a bailíodh iad nó a próiseáladh iad;

(b)      tarraingíonn an t‑ábhar sonraí siar a thoiliú a bhfuil an phróiseáil bunaithe air i gcomhréir le pointe (a) d’Airteagal 6(1) nó le pointe (a) d’Airteagal 9(2) agus i gcás nach bhfuil aon fhoras dlíthiúil eile leis an bpróiseáil;

(c)      déanann an t‑ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(1) agus ní ann d’fhorais dhlisteanacha sháraitheacha maidir leis an bpróiseáil, nó déanann an t‑ábhar sonraí agóid i gcoinne na próiseála de bhun Airteagal 21(2);

(d)      rinneadh próiseáil mhídhleathach ar na sonraí pearsanta;

[...]’

9        Áirítear i gCaibidil VI de RGCS, dar teideal ‘Údaráis mhaoirseachta neamhspleácha’, Airteagail 51 go 59.

10      Foráiltear le hAirteagal 51 den Rialachán sin, dar teideal ‘An t‑údarás maoirseachta’, an méid seo a leanas i míreanna 1 agus 2:

‘1.      Déanfaidh gach Ballstát foráil go mbeidh údarás poiblí neamhspleách amháin nó níos mó freagrach as faireachán a dhéanamh ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, chun cearta agus saoirsí bunúsacha daoine nádúrtha [a] chosaint i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta agus chun saorshreabhadh sonraí pearsanta a éascú san Aontas […]

2.      Cuirfidh gach údarás maoirseachta le cur i bhfeidhm comhsheasmhach an Rialacháin seo ar fud an Aontais. Chun na críche sin, beidh comhar idir na húdaráis mhaoirseachta féin agus idir iad féin agus an Coimisiún [Eorpach] i gcomhréir le Caibidil VII.’

11      Foráiltear le hAirteagal 57 den Rialachán sin, dar teideal ‘Cúraimí’ an méid seo a leanas i mír 1:

‘1.      Gan dochar do chúraimí eile a leagtar amach faoin Rialachán seo, déanfaidh gach údarás maoirseoireachta an méid seo a leanas ina chríoch féin:

(a)      déanfaidh sé faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus déanfaidh sé é a fhorfheidhmiú;

[...]

(h)      déanfaidh sé imscrúduithe ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena n‑áirítear ar bhonn faisnéis a fuarthas ó údarás maoirseachta eile nó ó údarás poiblí eile;

[...]’

12      Foráiltear le hAirteagal 58 den Rialachán céanna, dar teideal ‘Cumhachtaí’, don mhéid seo a leanas i mír 2:

‘Beidh na cumhachtaí ceartaitheacha uile seo a leanas ag gach údarás maoirseachta:

[...]

(c)      ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo;

(d)      ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe;

[...]

(g)      ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagal 16, Airteagal 17 agus Airteagal 18 agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19;

[...]

(i)      fíneáil riaracháin a ghearradh de bhun Airteagal 83, de bhreis ar na bearta dá dtagraítear sa mhír seo nó ina n‑ionad, ag brath ar dhálaí gach cáis faoi leith; agus

[...]’

 An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh le haghaidh réamhrialú

13      I mí Feabhra 2020, chinn Riarachán Újpest cúnamh airgeadais a sholáthar do chónaitheoirí atá lagaithe ag paindéim COVID-19 agus a chomhlíon coinníollacha incháilitheachta áirithe.

14      Chuige sin, chuaigh sé i dteagmháil le Magyar Államkincstár (Státchiste na hUngáire) agus le Főváros Kormányhivatala IV Kerületi Hivatala (Oifig Rialtais Cheathrú Ceantar de Chathair Bhúdaipeist, an Ungáir; ‘Oifig an Rialtais’), chun na sonraí pearsanta riachtanacha a fháil chun na coinníollacha incháilitheachta sin a fhíorú. Áiríodh sna sonraí sin sonraí aitheantais bunúsacha agus uimhreacha slándála sóisialta daoine nádúrtha. Rinne Státchiste na hUngáire agus Oifig an Rialtais na sonraí a iarradh a sholáthar.

15      Ar mhaithe leis an gcúnamh airgeadais a eisíoc, ghlac riarachán Újpest an az Újpest+ Megbecsülés Program bevezetéséről szóló 16/2020 (IV. 30.) önkormányzati rendeletet (ordú bardasach Uimh. 16/2020. (IV. 30.), maidir le tabhairt isteach an chláir Újpest+ Megbecsülés), a leasaíodh agus a forlíonadh le 30/2020. (VII. 15.) önkormányzati rendelet (ordú bardasach Uimh. 30/2020. (VII. 15.)). Áiríodh leis na horduithe sin na critéir incháilitheachta le haghaidh cúnamh a bunaíodh dá réir sin. Rinne riarachán Újpest na sonraí a fuarthas a chomhiomlánú i mbunachar sonraí a cruthaíodh chun a chlár tacaíochta a chur chun feidhme agus chruthaigh sé aitheantóir chomh maith le barrachód sonrach le haghaidh gach tacair sonraí.

16      I ndiaidh dó tuairisc a fháil, thionscain údarás maoirseachta na hUngáire imscrúdú arna dhátú an 2 Meán Fómhair 2020 maidir le próiseáil sonraí pearsanta ar a raibh an clár tacaíochta thuasluaite bunaithe. I gcinneadh arna ghlacadh an 22 Aibreán 2021, chinn an t‑údarás sin gur sháraigh riarachán Újpest roinnt forálacha d’Airteagail 5 agus 14 de RGCS, chomh maith le hAirteagal 12(1) den Rialachán sin. Thug sí dá haire, go háirithe, nár chuir riarachán Újpest na hábhair sonraí ar an eolas, laistigh de thréimhse míosa, faoi na catagóirí sonraí pearsanta a próiseáladh faoin gclár sin, faoi chuspóir na hoibríochta próiseála ábhartha nó faoi na modúlachtaí lenar féidir leis na daoine sin a gcearta a fheidhmiú ina leith sin.

17      D’ordaigh údarás maoirseachta na hUngáire do riarachán Újpest, de bhun Airteagal 58(2)(d) de RGCS, sonraí pearsanta na n‑ábhar sonraí a léirscriosadh, ar ábhair sonraí iad a bheadh, de réir na faisnéise a chuir Oifig an Rialtais agus Státchiste na hUngáire ar fáil, i dteideal cúnamh den sórt sin a fháil ach níor chuir siad iarratas isteach lena n‑aghaidh. Bhí sé den tuairim gur sháraigh Státchiste na hUngáire agus Oifig an Rialtais araon na forálacha a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta na ndaoine sin. Chomh maith leis sin, ghearr sé fíneáil ar riarachán Újpest agus ar Státchiste na hUngáire ar mhaithe leis na sonraí a chosaint.

18      Le hachomharc riaracháin breithiúnach, a tionscnaíodh os comhair an Fővárosi Törvényszék (Cúirt Chathair Bhúdaipeist, an Ungáir), an chúirt a rinne an tarchur, déanann riarachán Újpest agóid i gcoinne chinneadh údarás maoirseachta na hUngáire, agus é ag maíomh nach bhfuil sé de chumhacht ag an údarás sin sonraí pearsanta a léirscriosadh i gcomhréir le hAirteagal 58(2)(d) de RGCS in éagmais iarraidh ón ábhar sonraí, de réir bhrí Airteagal 17 den Rialachán sin. I ndáil leis sin, braitheann sé ar bhreithiúnas Kfv.II.37.001/2021/6 ón Kúria (Cúirt Uachtarach, an Ungáir) lenar chinn an chúirt sin nach raibh cumhacht den sórt sin ag an údarás maoirseachta, rud a sheasann le cinneadh ón gcúirt a rinne an tarchur. De réir an iarratasóra sna príomhimeachtaí, déantar an ceart go ndéanfaí léirscriosadh, mar a fhoráiltear le hAirteagal 17 den Rialachán sin, a cheapadh mar cheart an ábhair sonraí amháin.

19      I ndiaidh caingean bhunreachtúil a thionscain údarás maoirseachta na hUngáire, chuir an Alkotmánybíróság (Cúirt Bhunreachtúil na hUngáire) an breithiúnas thuasluaite ón Kúria (an Chúirt Uachtarach) ar ceal, agus é ag rialú go bhfuil sé de cheart ag an údarás sin ordú a thabhairt ex officio go ndéanfaí sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh in éagmais iarraidh shainráite ón ábhar sonraí. I ndáil leis sin, bhraith an Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil) ar Thuairim Uimh. 39/2021 ón mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, ar dá réir a dhéanann Airteagal 17 de RGCS foráil maidir le dhá chás ar leith ina ndéanfar léirscriosadh, ceann amháin maidir le léirscriosadh arna iarraidh ag an ábhar sonraí agus an ceann eile ina bhfuil oibleagáid uathrialach ar an rialaitheoir, agus mar gheall air sin gur cheart Airteagal 58(2)(g) de RGCS a mheas mar bhunús dlí bailí ar mhaithe le sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh ex officio.

20      Mar thoradh ar an gcinneadh ón Alkotmánybíróság (an Chúirt Bhunreachtúil), dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, dar leis an gcúirt a rinne an tarchur go bhfuil sí fós in amhras a mhéid a bhaineann le léiriú Airteagal 17 agus Airteagal 58(2) de RGCS. Measann sí go sainmhínítear an ceart go ndéanfaí léirscriosadh ar shonraí pearsanta in Airteagal 17(1) de RGCS mar cheart an ábhair sonraí agus nach n‑áirítear leis an bhforáil sin dhá chás ar leith ina ndéanfar léirscriosadh.

21      Chomh maith leis sin, dar leis an gcúirt sin go bhféadfadh leas a bheith ag duine conas a dhéantar a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta a phróiseáil, lena n‑áirítear nuair a ordaíonn an t‑údarás maoirseachta náisiúnta don rialaitheoir na sonraí sin a léirscriosadh mar thoradh ar neamhdhleathacht na próiseála. I gcás den sórt sin, d’fheidhmeodh an t‑údarás sin ceart an duine sin i gcoinne a thola.

22      Féachann an chúirt a rinne an tarchur lena fháil amach an bhféadfaidh údarás maoirseachta Ballstáit, gan beann ar fheidhmiú chearta an ábhair sonraí, a cheangal ar an rialaitheoir nó ar an bpróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh, agus más amhlaidh gur féidir, cén bunús dlí atá leis, go háirithe ós rud é go bhforáiltear go sainráite le hAirteagal 58(2)(c) den RGCS nach mór don ábhar sonraí iarraidh a dhéanamh chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú agus go bhforáiltear go ginearálta le hAirteagal 58(2)(d) den Rialachán sin go ndéanfar oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin sin, cé go dtagraítear go sonrach le hAirteagal 58(2)(g) den Rialachán sin d’Airteagal 17 de, lenar ghá iarraidh shainráite ón ábhar sonraí chun iad a chur i bhfeidhm.

23      I gcás ina bhfuil an t‑údarás maoirseachta náisiúnta in ann ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh, cé nach bhfuil iarraidh chuige sin faighte aige ón ábhar sonraí, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhféadfar idirdhealú a dhéanamh, nuair a thugtar ordú go ndéanfaí léirscriosadh den sórt sin, ag brath ar cé acu ar bailíodh na sonraí pearsanta ón duine lena mbaineann, ag féachaint d’oibleagáid an rialaitheora mar a leagtar amach in Airteagal 13(2)(b) de RGCS nó ó dhuine eile, ag féachaint don oibleagáid a leagtar amach in Airteagal 14(2)(c) den Rialachán sin.

24      Sna himthosca sin, chinn an Fővárosi Törvényszék (Cúirt Chathair Bhúdaipeist) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a chur faoi bhráid na Cúirte le haghaidh réamhrialú:

‘1)      An gcaithfear Airteagal 58(2), go háirithe (c), (d) agus (g) [de RGCS] a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh an t‑údarás maoirseachta náisiúnta, agus a chumhachtaí ceartaitheacha á bhfeidhmiú aige, a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a [léir]scriosadh fiú in éagmais iarratais shainráite ón ábhar sonraí i gcomhréir le hAirteagal 17(1) [de RGCS]?

2)      I gcás gurb é an freagra ar an gcéad cheist ná gur féidir leis an údarás maoirseachta a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a [léir]scriosadh fiú in éagmais iarratais ón ábhar sonraí, an amhlaidh atá gan beann ar an bhfuarthas na sonraí pearsanta ón ábhar sonraí nó nár fuarthas?’

 Na ceisteanna arna dtarchur le haghaidh réamhrialú

 An chéad cheist

25      Leis an gcéad cheist dá cuid, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an gcaithfear Airteagal 58(2), (c), (d) agus (g) de RGCS a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh údarás maoirseachta Ballstáit, agus na cumhachtaí ceartaitheacha a leagtar síos leis na forálacha sin á bhfeidhmiú aige, a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh fiú murar chuir an t‑ábhar sonraí iarraidh isteach chun na críche sin ar mhaithe le feidhmiú a cheart nó a ceart de bhun Airteagal 17(1) den Rialachán sin?

26      Tagann an cheist sin chun cinn i gcomhthéacs díospóid a bhaineann le dlíthiúlacht cinnidh ó údarás maoirseachta na hUngáire lena n‑ordaítear do riarachán Újpest, de bhun Airteagal 58(2)(d) de RGCS, na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach i gcomhthéacs an chláir tacaíochta agus a thuairiscítear i míreanna 13 go 15 den bhreithiúnas seo a léirscriosadh.

27      I gcomhréir le hAirteagal 17(1) de RGCS, tá sé de cheart ag an ábhar sonraí go léirscriosfaidh an rialaitheoir sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi gan mhoill mhíchuí, agus beidh sé d’oibleagáid ar an rialaitheoir sonraí pearsanta na sonraí sin a léirscriosadh gan mhoill mhíchuí, go háirithe, faoi phointe (d) den fhoráil sin, i gcás ina ndéantar ‘próiseáil mhídhleathach’ ar na sonraí lena mbaineann.

28      I gcomhréir le hAirteagal 58(2)(d) de RGCS, tá sé de chumhacht ag an údarás maoirseachta ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí oibríochtaí próiseála a chur i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo agus, nuair is iomchuí, ar bhealach sonraithe agus laistigh de thréimhse shonraithe. Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 58(2)(g) den Rialachán sin go bhfuil sé de chumhacht ag an údarás maoirseachta ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a cheartú nó a léirscriosadh nó go ndéanfaí próiseáil a shrianadh de bhun Airteagail 16, 17 agus 18 den Rialachán sin agus go gcuirfí na faighteoirí ar nochtadh na sonraí pearsanta sin dóibh ar an eolas faoi na gníomhaíochtaí sin de bhun Airteagal 17(2) agus Airteagal 19 den Rialachán sin.

29      Sa chomhthéacs sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an dtugtar de chumhacht d’údarás maoirseachta Ballstáit, agus a chumhacht chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh á feidhmiú aige, amhail na bearta dá bhforáiltear in Airteagal 58(2)(c), (d) agus (g) de RGCS, ordú ex officio a thabhairt, in éagmais iarraidh chuige sin roimh ré chuig an rialaitheoir nó chuig an bpróiseálaí sonraí pearsanta ón ábhar sonraí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh.

30      I gcomhréir leis an gcásdlí socair, ar mhaithe le foráil de dhlí an Aontais a léiriú, ba cheart go gcuirfí san áireamh ní hamháin foclaíocht na forála, ach freisin an comhthéacs ina bhfuil sí leagtha síos agus na cuspóirí atá á saothrú leis na rialacha a bhfuil sí mar chuid dóibh (breithiúnas an 13 Iúil 2023, G GmbH, C‑134/22, EU:C:2023:567, mír 25 agus an cásdlí dá dtagraítear).

31      Mar réamhbharúil, ní mór a thabhairt faoi deara nach mór forálacha ábhartha dhlí an Aontais, a luaitear i míreanna 27 agus 28 den bhreithiúnas seo, a léamh in éineacht le hAirteagal 5(1) de RGCS, lena sonraítear na prionsabail a bhaineann le próiseáil sonraí pearsanta agus lena n‑áirítear, go háirithe, faoi phointe (a), gur cheart na sonraí pearsanta a phróiseáil ar bhealach dlíthiúil, cothrom agus trédhearcach i ndáil le hábhar na sonraí.

32      Foráiltear le hAirteagal 5(2) gurb é an rialaitheoir sonraí, i gcomhréir le prionsabal na ‘cuntasachta’ a leagtar amach san fhoráil sin, atá freagrach as mír 1 den Airteagal 5 sin a chomhlíonadh agus nach mór dó a bheith in ann a léiriú go gcomhlíonann sé gach ceann de na prionsabail a leagtar amach san Airteagal sin, agus is faoi féin a bheidh sé é sin a chruthú (breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Bundesrepublik Deutschland (Bosca Ríomhphoist Cúirte), C‑60/22, EU:C:2023:373, mír 53 agus an cásdlí dá dtagraítear).

33      Mura gcomhlíonann próiseáil sonraí pearsanta na prionsabail a leagtar amach go háirithe in Airteagal 5 de RGCS, tá sé de chumhacht ag údaráis mhaoirseachta na mBallstát idirghabháil a dhéanamh, i gcomhréir lena gcúraimí agus lena gcumhachtaí, mar a leagtar amach in Airteagail 57 agus 58 den Rialachán sin. Áirítear leis na cúraimí sin, inter alia, go ndéanfaí faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin sin agus a áirithiú go gcomhlíontar é, faoi Airteagal 57(1)(a) de (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems (C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 108).

34      I ndáil leis sin, tá sé ráite cheana féin ag an gCúirt, i gcás ina measfaidh údarás maoirseachta náisiúnta, tar éis dó imscrúdú a dhéanamh, nach bhfuil leibhéal leordhóthanach cosanta ag an ábhar sonraí, go gceanglaítear air, faoi dhlí an Aontais, freagairt iomchuí a thabhairt chun aghaidh a thabhairt ar an easnamh a aimsíodh, gan beann ar thionscnamh nó ar chineál an easnaimh sin. Chuige sin, liostaítear le hAirteagal 58(2) de RGCS na bearta ceartaitheacha a fhéadfaidh an t‑údarás maoirseachta a ghlacadh. Is faoin údarás maoirseachta sin atá sé na bealaí iomchuí a roghnú chun gach dícheall cuí a dhéanamh chun comhlíonadh iomlán an Rialacháin sin a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, C‑311/18, EU:C:2020:559, míreanna 111 agus 112).

35      Maidir leis an gceist an bhféadfaidh an t‑údarás maoirseachta lena mbaineann bearta ceartaitheacha den sórt sin a ghlacadh ar bhonn ex officio, is fiú a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise a fhoclaíochta, go ndéantar idirdhealú, in Airteagal 58(2) de RGCS, idir bearta ceartaitheacha a fhéadfar a ordú ar bhonn ex officio, go háirithe na bearta sin a luaitear in Airteagal 58(2)(d) agus (g), agus na bearta sin nach féidir a ghlacadh ach amháin tar éis iarraidh ón ábhar sonraí a chearta nó a cearta a fheidhmiú faoin Rialachán sin, mar a luaitear in Airteagal 58(2)(c) den Rialachán sin.

36      Ar thaobh amháin, is léir go sainráite ó Airteagal 58(2)(c) de RGCS, go nglactar le glacadh an bhirt cheartaithigh dá dtagraítear san fhoráil sin, is é sin le rá, ‘ordú a thabhairt don rialaitheoir nó don phróiseálaí iarrataí an ábhair sonraí a chomhlíonadh maidir lena chearta a fheidhmiú de bhun an Rialacháin seo’ go bhfuil a chearta nó a cearta dearbhaithe ag an ábhar sonraí roimh ré trí iarraidh a chur isteach chuige sin agus nár glacadh leis an iarraidh sin sula ndearna an t‑údarás maoirseachta cinneadh de réir mar a leagtar síos san fhoráil sin. Ar an taobh eile, murab ionann agus an fhoráil sin, ní cheadófaí le foclaíocht Airteagal 58(2)(d) agus (g) den Rialachán sin an fhoráil sin a léiriú ar chaoi go bhfuil idirghabháil ó údarás maoirseachta Ballstáit, d’fhonn na bearta dá dtagraítear ann a chur i bhfeidhm, teoranta do chásanna ina ndearna an duine lena mbaineann iarraidh chun na críche sin, ós rud é nach bhfuil aon tagairt san fhoclaíocht sin d’iarraidh den sórt sin.

37      Ina dhiaidh sin, maidir le comhthéacs na bhforálacha sin, is fiú a thabhairt faoi deara go ndéantar idirdhealú i bhfoclaíocht Airteagal 17(1) den Rialachán sin, trí bhíthin an chónaisc chomhordaithe ‘agus’ idir, ar thaobh amháin, ceart an ábhair sonraí go ndéanfaidh an rialaitheoir na sonraí a bhaineann leis nó léi a léirscriosadh gan moill mhíchuí agus, ar an taobh eile, oibleagáid an rialaitheora na sonraí pearsanta sin a léirscriosadh gan moill mhíchuí. Ní mór a thuiscint as sin go rialaíonn an fhoráil sin dhá chás uathrialacha, eadhon, ar an gcéad dul síos, sonraí a léirscriosadh arna iarraidh sin ag an ábhar sonraí agus, ar an dara dul síos, an léirscriosadh de thoradh oibleagáid uathrialach a bheith ar an rialaitheoir, gan beann ar aon iarraidh ón ábhar sonraí.

38      Mar atá curtha in iúl cheana féin ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí, i dTuairim Uimh. 39/2021 uaidh, is gá idirdhealú den sórt sin a dhéanamh, ós rud é, maidir leis na cásanna dá bhforáiltear in Airteagal 17(1), nár cuireadh an t‑ábhar sonraí ar an eolas gur próiseáladh sonraí pearsanta a bhaineann leis nó léi, agus, mar thoradh air sin, gurb é an rialaitheoir an t‑aon duine amháin atá in ann a rá gurb ann dóibh. Is amhlaidh an cás, go háirithe, i gcás, mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(d) den Rialachán sin, inar próiseáladh na sonraí sin go neamhdhleathach.

39      Cuirtear treise leis an léiriú sin le hAirteagal 5(2) de RGCS, arna léamh i gcomhar le mír 1(a) den Airteagal 5 sin, ar dá réir go bhfuil ar an rialaitheoir, inter alia, dlíthiúlacht na próiseála sonraí a dhéanann sé a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 4 Bealtaine 2023, Bundesrepublik Deutschland (Bosca Ríomhphoist Cúirte), C‑60/22, EU:C:2023:373, mír 54).

40      Ar deireadh, tacaítear le léiriú den sórt sin leis an gcuspóir atá á shaothrú le hAirteagal 58(2) de RGCS freisin, mar a léirítear in aithris 129 den Rialachán sin, eadhon chun a áirithiú go gcomhlíonann próiseáil na sonraí pearsanta an Rialachán sin agus, chomh maith leis sin, go ndéanfar cásanna ina sáraítear an Rialachán sin a athbhunú chun iad a chur i gcomhréir le dlí an Aontais, mar thoradh ar idirghábháil arna déanamh ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta.

41      Ar an ábhar sin, is gá a shoiléiriú, cé gur faoin údarás maoirseachta náisiúnta atá sé na bealaí iomchuí agus riachtanacha a roghnú agus go bhfuil sé de cheangal ar an údarás sin an rogha sin a dhéanamh, agus imthosca uile an cháis á gcur san áireamh, go bhfuil sé fós de cheangal ar an údarás sin a chúram a chur i gcrích, is é sin comhlíonadh iomlán RGCS a áirithiú (féach, chuige sin, breithiúnas an 16 Iúil 2020, Facebook Ireland agus Schrems, (C‑311/18, EU:C:2020:559, mír 112). Dá bhrí sin, tá sé tábhachtach, go háirithe, chun cur i bhfeidhm éifeachtach RGCS a áirithiú, go bhfuil cumhachtaí nithiúla ag an údarás sin chun gníomhú go héifeachtach i gcoinne sáruithe ar an Rialachán sin, agus, go háirithe, deireadh a chur leo, lena n‑áirítear i gcásanna nuair nach gcuirtear ábhair sonraí ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta, nuair nach bhfuil siad ar an eolas fúthu nó, in aon chás, nuair nár iarr siad go ndéanfaí na sonraí sin a léirscriosadh.

42      Sna himthosca sin, ba cheart go measfaí go bhféadfaidh údarás maoirseachta Ballstáit an chumhacht chun cuid de na bearta ceartaitheacha a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 58(2) de RGCS, go háirithe na bearta sin a leagtar amach i bpointí (d) agus (g) den fhoráil sin, a fheidhmiú ex officio a mhéid atá sé riachtanach an chumhacht sin a fheidhmiú ex officio chun a chur ar a chumas a chúraimí a chur i gcrích. Dá bhrí sin, má mheasann an t‑údarás sin, tar éis dó imscrúdú a dhéanamh nach gcomhlíonann an phróiseáil sin ceanglais an Rialacháin sin, ceanglaítear ar an údarás sin, faoi dhlí an Aontais, bearta iomchuí a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar an sárú sin, gan beann ar iarraidh a bheith déanta ag an ábhar sonraí roimh ré chun a chearta nó a cearta a fheidhmiú de bhun Airteagal 17(1) den Rialachán sin.

43      Tacaítear le léiriú den sórt sin leis na cuspóirí atá á saothrú ag RGCS agus mar a léirítear go háirithe in Airteagal 1 agus in aithrisí 1 agus 10 de chomh maith, ina dtagraítear d’ardleibhéal cosanta maidir le ceart bunúsach daoine nádúrtha a sonraí pearsanta a chosaint, mar a leagtar amach in Airteagal 8(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha agus in Airteagal 16(1) CFAE (féach, chuige sin, breithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2020, La Quadrature du Net agus páirtithe eile, C‑511/18, C‑512/18 agus C‑520/18, EU:C:2020:791, mír 207, agus an 28 Aibreán 2022, Meta Platforms Ireland, C‑319/20, EU:C:2022:322, mír 73).

44      Le léiriú contrártha den léiriú a glacadh i mír 42 den bhreithiúnas seo, ar dá réir nach bhfuil sé de chumhacht ag údarás maoirseachta den sórt sin gníomhú ach amháin tar éis dó iarraidh chuige sin a fháil ón ábhar sonraí, chuirfí baint amach na gcuspóirí dá dtagraítear i mír 40 agus i mír 43 den bhreithiúnas seo i mbaol, go háirithe, i gcás amhail an cás atá i gceist sna príomhimeachtaí go bhféadfadh sé go mbaineann léirscriosadh sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach le líon mór daoine nach bhfuil a gceart go ndéanfaí léirscriosadh feidhmithe acu de bhun Airteagal 17(1) de RGCS.

45      Mar a d’áitigh an Coimisiún ina bharúlacha i scríbhinn, chiallódh an ceanglas go ndéanfadh ábhair sonraí iarraidh roimh ré, de réir bhrí Airteagal 17(1) de RGCS, go bhféadfadh an rialaitheoir, in éagmais iarraidh den sórt sin, na sonraí pearsanta lena mbaineann a stóráil agus leanúint ar aghaidh de bheith á bpróiseáil go neamhdhleathach. Le léiriú den sórt sin, dhéanfaí dochar don chosaint dá bhforáiltear leis an Rialachán sin, ós rud é go bhféadfaí cosaint a bhaint de dhaoine neamhghníomhacha cé gur próiseáladh a sonraí pearsanta go neamhdhleathach.

46      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an gcéad cheist ná nach mór Airteagal 58(2)(d) agus (g) de RGCS a léiriú sa chaoi go bhféadfaidh údarás maoirseachta Ballstáit, agus a chumhachtaí ceartaitheacha dá bhforáiltear leis na forálacha sin á bhfeidhmiú aige, a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh, fiú murar chuir an t‑ábhar sonraí iarraidh shainráite isteach chun na críche sin ar mhaithe lena chearta nó lena cearta faoi Airteagal 17(1) den Rialachán sin a fheidhmiú.

 An dara ceist

47      Leis an dara ceist uaithi, fiafraíonn an chúirt an rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Airteagal 58(2) de RGCS le léiriú sa chaoi go mbaineann cumhacht údaráis maoirseachta Ballstáit chun ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a léirscriosadh a próiseáladh go neamhdhleathach le sonraí a bailíodh ón ábhar sonraí agus ó shonraí a fuarthas ó fhoinse eile araon.

48      I ndáil leis sin, is fiú a thabhairt faoi deara, ar an gcéad dul síos, nach dtugtar le fios le foclaíocht na bhforálacha dá dtagraítear sa mhír roimhe seo, go bhfuil cumhacht an údaráis maoirseachta na bearta ceartaitheacha dá dtagraítear ann a ghlacadh ag brath ar thionscnamh na sonraí lena mbaineann agus, go háirithe, ar an bhfíoras gur ón ábhar sonraí a bailíodh iad.

49      Ar an dóigh céanna, le foclaíocht Airteagal 17(1) de RGCS, lena bhforáiltear, de réir mhír 37 den bhreithiúnas seo, go gcuirfí oibleagáid uathrialach ar an rialaitheoir chun sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh, ní áirítear aon cheanglas maidir le tionscnamh na sonraí a bhailítear.

50      Ina theannta sin, mar is léir ó mhíreanna 41 agus 42 den bhreithiúnas seo, ní mór, ar mhaithe le cur i bhfeidhm éifeachtach agus comhsheasmhach RGCS a áirithiú, go mbeadh cumhachtaí éifeachtacha ag an údarás maoirseachta náisiúnta ionas go bhféadfadh siad gníomhú go héifeachtach i gcoinne sáruithe ar an Rialachán sin. Dá bhrí sin, níor cheart go mbeadh an chumhacht chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh, mar a bhunaítear in Airteagal 58(2)(d) agus (g) de RGCS, ag brath ar thionscnamh na sonraí sin agus, go háirithe, ar an bhfíoras gur ón ábhar sonraí a bailíodh iad.

51      Dá bharr sin, ba cheart a mheas, mar a mheas na rialtais go léir a bhfuil barúlacha i scríbhinn curtha isteach acu agus an Coimisiún, nár cheart go mbeadh feidhmiú na cumhachta chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh, de réir bhrí Airteagal 58(2)(d) agus (g) de RGCS, ag brath ar an bhfíoras gur bailíodh nó nár bailíodh na sonraí pearsanta atá i gceist go díreach ón ábhar sonraí.

52      Tacaítear le léiriú den sórt sin le cuspóirí RGCS, go háirithe le hAirteagal 58(2) den Rialachán sin, dá dtagraítear i míreanna 40 agus 43 den bhreithiúnas seo.

53      I bhfianaise na mbreithnithe thuas, is é an freagra ar an dara ceist ná nach mór Airteagal 58(2) de RGCS a léiriú sa chaoi go mbaineann cumhacht údaráis maoirseachta Ballstáit chun ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh le sonraí a bailíodh ón ábhar sonraí agus ó shonraí a fuarthas ó fhoinse eile araon.

 Costais

54      Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt (an Cúigiú Dlísheomra) mar seo a leanas:

1.      Maidir le hAirteagal 58(2)(d) agus (g) de Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

féadfaidh údarás maoirseachta Ballstáit, agus na cumhachtaí ceartaitheacha dá bhforáiltear leis na forálacha sin á bhfeidhmiú aige, a ordú don rialaitheoir nó don phróiseálaí na sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh fiú murar chuir an tábhar sonraí iarraidh isteach chun na críche sin ar mhaithe le feidhmiú a cheart nó a ceart de bhun Airteagal 17(1) den Rialachán sin.

2.      Maidir le hAirteagal 58(2) de Rialachán 2016/679,

ní mór léiriú a dhéanamh mar seo a leanas:

baineann cumhacht údaráis maoirseachta Ballstáit chun ordú a thabhairt go ndéanfaí sonraí pearsanta a próiseáladh go neamhdhleathach a léirscriosadh le sonraí a bailíodh ón ábhar sonraí agus ó shonraí a fuarthas ó fhoinse eile araon.



Sínithe


*      Teanga an cháis: an Ungáiris.