Language of document :

Caingean arna tabhairt an 22 Nollaig 2022 – TO v EUAA

(Cás T-831/22)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: TO (ionadaí: É. Boigelot, Dlíodóir)

Cosantóir: Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Thearmann (EUAA)

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha agus go bhfuil údar maith leis agus dá réir sin;

Cinneadh an [faoi rún] 1 lena gcuirtear conradh an iarratasóra ar ceal, faoin tagairt [faoi rún], arna ghlacadh ag [faoi rún], a tháinig i bhfeidhm ar an lá céanna agus ar tugadh fógra dó ina leith an [faoi rún] ;

a ordú don chosantóir cúiteamh sealadach as damáiste ábhartha agus neamhábhartha trí chéile de EUR 45 000 faoi réir athrú le linn na n-imeachtaí;

a ordú don chosantóir na costais a íoc.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir cúig shaincheist dlí.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh Airteagail 1d, 1e(2), 12, 12a, 17(1), 22a agus 25(2) de Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh, is infheidhme de réir analaí maidir le baill foirne ar conradh de bhun Airteagail 10 agus 11 de Choinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh Eile an Aontais Eorpaigh, agus sárú ar Airteagail 8, 31(1), 41(1) agus 41(2)(a) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus ar Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/20131 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh prionsabail bhunúsacha agus ghinearálta dhlí an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear, go háirithe, prionsabal fheidhmiú éifeachtach chearta na cosanta, prionsabal an neamh-idirdhealaithe, prionsabal na rúndachta, prionsabal na comhréireachta agus prionsabal an dea-riaracháin.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an bprionsabal lena n-éilítear ar lucht an riaracháin cinneadh a dhéanamh ar fhorais atá inghlactha go dlíthiúil, is é sin le rá, atá ábhartha agus nach bhfuil curtha ó bhail trí earráidí follasacha measúnaithe, fíorais nó dlí, agus trí iomarca agus mí-úsáid cumhachta.

An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an dualgas cúraim agus go mbaintear an bonn de dhínit agus de chlú an iarratasóra.

An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear gur sáraíodh, inter alia, Airteagail 4, 5, 14, 16(2)(b) agus (e), 16(3), 17(1) (e) agus (g), 18 agus 19 de Rialachán (AE) 2018/17251 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh 1247/2002/CE.

____________

1 Sonraí faoi rún folaithe.

1 IO 2013 L 248, lch. 1.

1 IO 2018 L295, lch.39